Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

An Scéim Chónaithe ar-champas

 

Tá an scéim seo á riar ag Coiste na Gaeilge i gcomhar leis an Déan Sóisearach d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol an Choláiste trí iostas a chur ar fáil ar phraghas laghdaithe do roinnt mac / iníonacha léinn atá sásta glacadh le coinníollacha na Scéime.

Déanfar deontais (€1,000 an duine) a thairiscint do mhic léinn lánaimseartha, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá sásta í a labhairt ina saol laethúil agus atá tar éis páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge nó i gcumainn Ghaeilge, le cuid de chíos iostais ar Champas an Choláiste a ghlanadh dóibh. Díolfar an chéad leath den deontas i ndiaidh na Nollag agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.

  1. Scéim Chonaithe an Champais (16 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh i mBliain 2-4 i 2011-2012
  2. Scéim Chónaithe Dhartraí do Mhic Léinn na Dara Bliana (6 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh sa dara bhliain i 2012-2012

NA SCÉIMEANNA
Tá Scéim 1 lonnaithe ar an gcampas sa chathair.
Tá Sceim 2 lonnaithe i Halla na Trionóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6.

IARRATAIS
Foirm Iarratais (don dá scéim) ar fáil anseo no ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/assets/foilseachain/iarrataischampais11.doc
Spriocdháta (closing date): Dé Luain 4 Aibreán 2011 ag 5pm.

Seol an fhoirm sa phost inmheánach nó buail  isteach go dti an Oifig Fhiosrúchán leis (***NÁ buail isteach go hOifig na Gaeilge leis)
Beidh gearrliosta socraithe níos déanaí, agus cuirfear agallaimh ar bun i mí Aibreán.

Ní mór do na mic léinn a dtugtar deontas dóibh an Ghaeilge a labhairt ina saol laethúil, ballraíocht a ghlacadh sa Chumann Gaelach agus páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne.  Beidh orthu foirm a shíniú á dhearbhú go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha na Scéime agus iarrfar orthu tuairiscí a thabhairt do Oifigeach na Gaeilge i dtús an dara théarma agus ag tús an tríú théarma ar na slite inar chomhlíon siad na coinníollacha sin le linn an téarma roimhe sin.  Sa chás nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh ag mac léinn, beidh sé de cheart ag an gCoiste a b(h)allraíocht sa Scéim a scor.

Teach 2

Arásán Dhá Leaba

 

 

 


Nuashonraithe 26 1 2012 ag Aonghus Dwane (Ríomhphost).