Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Scéim Teanga an Choláiste

Scéim Teanga TCD

    Seoladh an chéad Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide go hoifigiúil ar an Céadaoin 10 Feabhra 2010.

    Sa scéim seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne.

    • Cuimsíonn gealltanais na scéime traenáil agus earcaíocht foirne, seirbhísí custaiméara dátheangacha, suímh ghréasáin an Choláiste agus foilseacháin dhátheangacha, na meáin agus teicneolaíocht faisnéise, mar aon leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar an gcampas agus sa tsochaí.
    • Déanfar scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn, ina mbíonn grúpa cainteoirí Gaeilge ina gcónaí le chéile i lóistín do mhic léinn, a fhorbairt a thuilleadh.
    • Déanfar an caidreamh le heagraíochtaí Gaeilge, le alumni an Choláiste agus leis an phobal i gcoitinne, a neartú a thuilleadh.
    • Is féidir an Scéim Teanga a léamh ina iomláin trí bhrú ar an íomhá thuas.

    Dara Scéim Teanga


Nuashonraithe 9 9 2013 ag Aonghus Dwane (Ríomhphost).