Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

(Brúigh ar an nasc thuas chun téacs na scéime a léamh i nGaeilge)

An tríú Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tagtha i bhfeidhm

I ndiaidh daingniú ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, tháinig an tríú Scéim Teanga Gaeilge de chuid Choláiste na Tríonóide i bhfeidhm go hoifigiúil ar an 1 Meitheamh 2017. Leagtar amach sa Scéim raon tiomantas ar thaobh an Choláiste maidir le soláthar seirbhísí dátheangacha, agus clúdóidh an scéim an tréimhse Meitheamh 2017 go Meitheamh 2020.

Rinneadh maoirseacht ar phróiseas ullmhúcháin na Scéime ag fochoiste de chuid Choiste na Gaeilge faoi chathaoirleacht an Phropaist. Bhí comhairliúchán ar líne le baill foirne agus mic léinn agus reáchtáladh cruinniú Halla an Bhaile áit ar rinneadh go leor moltaí cabhrach agus a nochtadh  tuairimí éagsúla.

Seo an tríú scéim teanga de chuid an Choláiste, agus is i  mí Eanáir 2010 a tháinig  an chéad Scéim i bhfeidhm i.  Sa tréimhse ó shin i leith, tá obair shuntasach déanta i soláthar seirbhísí dátheangacha, lena n-áirítear sraith mion-láithreáin ghréasáin i nGaeilge, seirbhísí dátheangach do chustaiméirí sa Leabharlann BLU, neartú na scéimeanna cónaithe Gaeilge, oscailt Sheomra na Gaeilge, cothabháil chlár saor in aisce ranganna Gaeilge do mhic léinn agus bhaill foirne, agus tionscnamh Pholasaí Gaeilge sa Choláiste.

Tá breis gealltanas do sholáthar seirbhísí, i  gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil, sa tríú Scéim; lena n-áirítear fiosrú maidir le soláthar cúrsaí ar-líne agus suaitheantas deonach don fhoireann agus do mhic léinn a léireoidh a dtoilteanas idirghníomhú nó gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

(Brúigh ar an nasc thuas chun téacs na scéime a léamh i nGaeilge)

Beidh fochoiste faoi chathaoirleacht Rúnaí an Choláiste i mbun maoirseachta ar fheidhmiú na Scéime nua agus rachaidh an tOifigeach Gaeilge i dteagmháil go luath amach anseo le réimsí a bhfuil tiomantais seirbhíse dhátheangach faoin Scéim acu, le comhairle agus cabhair maidir le nósanna imeachta cur chun feidhme.

Aighneachtaí

Seo thíos na haighneachtaí a fuarthas le linn phróiseas ullmhúcháin na scéime:

Aighneacht Chonradh na Gaeilge

Aighneacht Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide

Baill Choiste na Gaeilge le cóipeanna den tríú scéim teanga


Nuashonraithe 5 11 2020 ag .