Baile

Cuid thábhachtach de churaclam Choláiste na Tríonóide ó bunaíodh é i 1592 í an fhealsúnacht. Seachtar comhaltaí dáimhe lán-aimseartha atá sa Roinn faoi láthair, chomh maith le thart ar 20 mac léinn iarchéime agus thart ar 200 mac léinn fochéime. Pobal beomhar, saibhir atá ann de bharr ábhair taighde éagsúla na dáimhe agus na mac léinn iarchéime.

Léann Fochéime
Cén fáth a ndéantar staidéar ar an bhFealsúnacht? Agus cén fáth a ndéantar staidéar ar an bhFealsúnacht i gColáiste na Tríonóide? Clár fochéime uathúil atá i gColáiste na Tríonóide mar go bhfuil ceithre bliana i gceist leis, ní trí bliana mar  a bhíonn de ghnáth. Ciallaíonn sin go mbíonn dhá bhliain ag na mic léinn socrú síos agus dul i dtaithí ar an ábhar agus ar an saol san ollscoil sula n-éiríonn cúrsaí níos dáiríre sa dá bhliain deiridh, nuair a bhíonn gach marc ag teastáil chun an chéim a bhaint amach.

Oireann an struchtúr sin go maith don staidéar ar an bhfealsúnacht. Sa chéad dá bhliain, cuirtear raon leathan fealsúna agus ábhar i láthair do na mic léinn trí léachtaí agus ranganna teagaisc éigeantacha. Sa tríú bliain, áfach, díríonn gach ball foirne ar a réimse saineolais féin i seimineáir níos lú a roghnaíonn na mic léinn. Tá an bhliain dheireanach comhdhéanta de, ar an gcéad dul síos, líon beag seimineár 'obair idir lámha' a bhfuil mar phríomhghné den teagasc agus den fhoghlaim iontu an ardleibhéal rannpháirtíochta mac léinn agus an oscailteacht don tástáil; agus ar an dara dul síos, tráchtas a scríobh lena mbíonn deis ag na mic léinn oibriú go dlúth thar thréimhse níos faide le maoirseoir a roghnaíonn siad féin, ar ábhar a roghnaíonn siad féin.

Cur chuige neamhghnách ar an ábhar atá againn i Roinn na Fealsúnachta, mar gheall ar an oscailteacht do raon éagsúil cur chuigí – mar is fíor go mbíonn fealsúna ag argóint agus ag easaontú go mór, fiú amháin faoi nádúr agus ábhar na fealsúnachta féin. Bíonn Fealsúnacht Anailíseach agus Fealsúnacht Mhór-Roinne á múineadh againn (roinnt againn ag diúltú don idirdhealú eatarthu go deimhin), chomh maith le Fealsúnacht Ársa. Cé go ndéanaimid iarracht sinn féin a choinneáil ar an eolas faoi na forbairtí is deireanaí, agus cur leo, aithnímid go bhfuil stair fhada ag an bhfealsúnacht agus gur rud fealsúnach ann féin é  - agus gur chuid thábhachtach den oiliúint é - staidéar a dhéanamh ar an ábhar; mar sin bíonn béim stairiúil ar thart ar leath de na cúrsaí.
Déanaimid iarracht, an oiread is féidir, dlúthnasc a dhéanamh idir an teagasc agus an taighde.  Is sna réimsí ina ndéanaimid ár gcuid taighde agus ina bhfoilsímid ár gcuid foilseachán a bhíonn gach duine againn ag teagasc, an chuid is mó den am. Is é an prionsabal seo – go dtéann an teagasc agus an scoláireacht le chéile – a mhúnlaíonn struchtúr ár gcláir.

Trí chatagóir foirne a chuireann teagasc ar fáil. Déanann siad iarracht comhoibriú chomh dlúth agus is féidir chun aon chomhlacht múinteoireachta comhtháite amháin a chruthú. Ar dtús, na baill foirne buana atá i mbun na léachtaí agus an clár a chur i dtoll a chéile. Ansin, líon suntasach Léachtóirí Taca óga, atá i mbun léachtaí freisin. Daoine a bhfuil a gcuid Ph.D. críochnaithe le déanaí iad sin, agus a bhíonn ar thóir post níos buaine sa tréimhse deacair seo. An tríú catagóir ná líon suntasach Cúntóirí Teagaisc, a bhíonn i bhfeighil na Ranganna Teagaisc a chuireann leis na Léachtaí agus ar chuid thábhachtach den phróiseas foghlama iad. Mic léinn iarchéime iad seo, go hiondúil, a bhíonn ag obair go díograiseach ar a gcuid Ph.D.

Céard faoi 'eispéireas na mac léinn'? Léachtaí, ranganna teagaisc, seimineáir, maoirsiú tráchtais, gan trácht ar uaireanta fada sa leabharlann ... níl ansin ach cuid de shaol na Roinne. An chuid eile ná an bheocht a thugann na mic léinn don rud uile: cruinnithe rialta chumann na mac léinn, an Cumann Meitifisiciúil Metaphysical Society (nó an 'Metafizz' mar is fearr aithne air), a bhfuil cáil orthu mar gheall ar chomh spraíúil atá siad; na grúpaí léitheoireachta arna n-eagrú go spontáineach ag mic léinn a bhíonn dáimh acu le chéile; na díospóireachtaí a bhíonn ar bun go seasta; na cóisirí …

Cén fáth, mar sin, go ndéantar staidéar ar an bhFealsúnacht? Mar a deir Plato áit éigin, is inmhianta an radharc, ar mhaithe leis féin agus ar mhaithe leis an toradh a bhíonn leis: trí oiliúint a chur ar na súile nithe a fheiceáil go soiléir agus go cruinn, bímid níos fearr ag gluaiseacht tríd an saol agus ag sárú bacainní; bímid níos fearr freisin ag na nithe ar fiú machnamh a dhéanamh orthu a aithint agus a thuiscint agus ag tabhairt faoi ghníomhaireacht atá taitneamhach inti féin. D'fhéadfá an méid céanna a rá faoin sárstaidéar ar an bhFealsúnacht. Trí oiliúint a fháil san Fhealsúnacht, gnóthaímid scileanna atá thar a bheith áisiúil i ngach réimse den saol, idir ghairmiúil agus phríobháideach: ceisteanna a chur faoi nithe a mheasann formhór na ndaoine gur soiléir iad agus nach gá ceist a chur fúthu;  ár smaointe a chur i bhfocail go soiléir agus go cruinn; argóint a dhéanamh ar son ár gcuid creideamh; teacht ar na boinn tuisceana a bhíonn i bhfolach sa mhéid a chreideann sinn féin agus daoine eile, agus a bheith in ann iad a cheistiú; argóint a dhéanamh in aghaidh daoine eile, nó inár n-aghaidh féin go deimhin; nádúr na háiféise a aithint; anailís a dhéanamh ar ár gcuid smaointe agus ar na coincheapa a úsáidimid iontu; mearbhall inár smaointeoireacht féin agus i smaointeoireacht daoine eile a aithint; etc. Má éiríonn leis sin ar fad, áfach, cabhraíonn sé linn freisin fadhbanna ar ábhair spéise agus suntais iad iontu féin – fadhbanna bunúsacha fealsúnachta – a aithint, a chur i bhfocail agus tabhairt fúthu. Is cumas é sin, cé gur áisiúil é, atá in ann tionchar ollmhór a imirt ar cé sinn féin faoi láthair agus cé a bheidh ionainn amach anseo.

Staidéar Iarchéime
I ndiaidh an bhunchéim a bhaint amach dóibh, socraíonn go leor mac léinn dul ar aghaidh agus staidéar iarchéime a dhéanamh. Tá cáil mhaith ar Roinn na Fealsúnachta mic léinn a lonnú sna cláir is fearr go hidirnáisiúnta. Le fada an lá, meallaimid mic léinn den scoth ó gach áit ar domhan chuig ár gclár iarchéime.
Cé go mbíonn gach mac léinn ag obair i dtreo Ph.D. a bhaint amach, mar gurb é sin an t-aon chéim iarchéime atá ar fáil againn faoi láthair, bíonn gnéithe éagsúla i gceist le staidéar i dtreo Ph.D. a bhaint amach. Cuireann na gnéithe sin le hoideachas uilechuimsitheach agus saibhir, i dtimpeallacht bheomhar agus spreagthach agus ullmhaíonn siad duine don saol acadúil.

Ar dtús, bíonn an chéad bhliain le déanamh acu. Bíonn an chéad bhliain comhstiúrtha idir sinn féin agus Scoil na Fealsúnachta in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Ciallaíonn an comhoibriú seo idir dhá ollscoil go bhféadfaidh mic léinn cúrsaí a roghnú as an dá ollscoil agus réimse níos leithne ábhar spreagtha a bheith acu mar thoradh air sin. Dhá príomhthasc a bhíonn roimh na mic léinn sa bhliain seo. Ar lámh amháin, caithfidh siad roinnt cúrsaí a dhéanamh, aistí a scríobh agus meánghrád de 65% a bhaint amach chun dul ar aghaidh chuig an dara bliain. Ar an lámh eile, caithfidh siad tosú ag ullmhú do thráchtas an Ph.D., agus caibidil ghearr a scríobh, chomh maith le leabharliosta agus ráiteas ginearálta ar aidhmeanna agus modhanna an tráchtais. Déantar an chaibidil sin a scrúdú i mí Meán Fómhair agus ní mór pas a fháil sa scrúdú seo chun dul ar aghaidh chuig an dara bliain.

Chomh maith leis sin, bítear ag súil go bhfreastalóidh na mic léinn ar an gCollóiciam Foirne agus Iarchéime, a bhíonn ar siúl gach Luan i rith an Téarma agus a mheallann  cainteoirí cáiliúla ó gach áit ar domhan. Bítear ag súil freisin go bhfreastalóidh siad ar an Seimineár Taighde Iarchéime, agus go gcuirfidh siad leis go rialta. Stiúraimid an Seimineár seo i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath freisin agus bualann sé le chéile gach seachtain.  Ócáid í a nascann déine agus dúshlán acadúil leis an deis do mhic léinn bualadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile i dtimpeallacht cairdiúil agus neamhfhoirmiúil.

Ansin, nuair a bhíonn an chéad bhliain curtha díobh ag na mic léinn, tugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i dTeagasc Fochéime na Roinne agus bheith ina gCúntóirí Teagaisc. Cuireann sé sin ar a gcumas oibriú siad go dlúth leis na léachtóirí ar mhaithe le forlíonadh luachmhar a chur ar fáil do na mic léinn fochéime. Tá taithí i dteagasc ríthábhachtach chun iad a ullmhú do thodhchaí acadúil agus d'fhonn coincheap speisialaithe, ró-chúng a bheith acu ar an ábhar a sheachaint.
Ar deireadh, bíonn an Ph.D. féin le scríobh: an mórshaothar intleachtúil agus scolártha seo a bhíonn mar thoradh ar dhlúth-chomhoibriú le maoirseoir roghnaithe, chomh maith leis na gnéithe eile thuasluaite agus le saol éagsúil agus spreagúil an iarchéimí.