An Ghaeilge agus an Éagsúlacht

Pléann Cuid 8.2 de Phlean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide 2014-2019 leis an Chomhionannais, an Éagsúlacht agus an Ghaeilge. Dearbhaítear ansin go bhfuil an ollscoil "tiomanta i leith na Gaeilge mar ghné lárnach de shaol an choláiste agus mar ghné luachmhar d’éagsúlacht an choláiste" (lch 75).

Tá sé mar chúram ag Oifig na Gaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn san Ollscoil. Mar bhreis air sin, san Oifig Comhionannais agus san ollscoil i gcoitinne, déantar éagsúlacht cultúrtha i gColáiste na Tríonóide a cheiliúradh, agus aithnítear ról speisialta na Gaeilge i gcultúr na hÉireann sa cheiliúradh céanna.

Tá gach eolas faoi chúrsaí Gaeilge i gColáiste na Tríonóide ar fáil ar shuíomh Oifig na Gaeilge.