Baile

Is í aidhm na hOifige Chomhionannais ná an comhionannas a chur chun cinn i measc bhall foirne, mhac léinn agus cuairteoirí i gColáiste na Tríonóide, i ngach aon ghné de shaol na hollscoile. Pléann an Oifig ach go háirithe leis na forais leithcheala atá ann i reachtaíocht comhionannais na tíre.

Cuireann an Oifig Chomhionannas a cuspóirí i grích trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • comhairle a thabhairt don Choiste Chomhionannais agus don Bhord maidir le comhlíonadh na reachtaíochta comhionannais
  • cabhrú le polasaithe agus cleachtais a fhorbairt, ina gcuirtear an comhionannas chun cinn
  • pobal an choláiste a chur ar an eolas faoi chúrsaí chomhionannais trí thraenáil, chumarsáid agus imeachtaí
  • eolas a chur ar fáil do mhic léinn, bhaill foirne agus bhaill den phobal maidir le polasaithe agus cleachtais chomhionannais i gColáiste na Tríonóide
  • tuairiscí a scríobh ar chúrsaí comhionannais agus éagsúlachta i gColáiste na Tríonóide
  • feidhmiú mar rúnaí den Choiste Comhionannais agus a chuid fochoistí
  • páirt a ghlacadh i nGreásán Comhionannais Chumann Ollscoileanna na hÉireann
  • tionscadail éagsúla a chur i bhfeidhm i gColáiste na Tríonóide, ina n-áirítear an Ciste Comhionannais, clár traenála "LEAD" agus Seachtain Idirnáísiúnta na mBan

Ní phléann an tOifigeach Comhionannais le cúrsaí disciplíne nó le ciaptha, agus ní thugann an tOifigeach comhairle dlí.