Scoil na nEalaíon Cruthaitheach
Is é aidhm na Scoile seo a bheith ar an bpríomh-lárionad do thaighde agus do theagasc na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus an Cheoil in Éirinn. Cuirtear teagasc taighde-bhunaithe i ngach ceann de na trí dhisciplín ar fáil sa Scoil do phobal idirnáisiúnta mac léinn ag leibhéal fochéime agus iarchéime. Tá sé mar aidhm linn Lárionad Ealaíon Samuel Beckett a bhunú, ina mbeidh amharclann, pictiúrlann agus ionad chun ceol comhaimseartha a sheinm, chomh maith le haitheantas corparáideach a thabhairt don Scoil, leis na gníomhaíochtaí go léir a dhéanamh idirdhisciplíneach.
Tá Scoil na nEalaíon Cruthaitheach comhdhéanta de thrí roinn agus tá clú agus cáil uirthi go hidirnáisiúnta as a cuid gníomhaíochtaí taighde agus an méid atá bainte amach aici. Tá obair thaighde na Scoile ag teacht leis na gníomhaíochtaí taighde is airde go hidirnáisiúnta.
Trí phríomhchuspóir atá mar threoir ag gníomhaíochtaí taighde na Scoile:
- Éire & na hEalaíona
- Domhandú & na hEalaíona
- Teicneolaíocht & na hEalaíona
Ranna faoi leith
Cúrsaí faoi leith
Fochéimithe
- BE i Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta
- BE i Léann na Drámaíochta agus ábhar eile
- BE i Léann na Scannánaíochta
- BE i Léann na Scannánaíochta agus ábhar eile
- BE i Léann na Scannánaíochta idir Columbia agus Coláiste na Tríonóide
- BE sa Cheol
- BE sa Cheol agus ábhar eile
Céimeanna Mháistir/Leanúnach
- Máistreacht in Amharclannaíocht agus Taibhiú
- Máistreacht/Dioplóma Iarchéime i Léann na Scannánaíochta - Teoiric, Stair, Cleachtas nó Scríbhneoireacht Scripte
- Forbairt Ghairmiúil Leanúnach i Scéalta Cluichí Ríomhaire