Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Réamhrá an Phropaist

Is leis an bPlean Straitéiseach seo a mhúnlófar todhchaí na hollscoile chun leasa na hÉireann agus an domhain. Is léiriú teideal an phlean, ‘Pobal agus Ceangal’, ar an meon atá againn, nuair is mó atáthar ag brath ar a chéile sa saol seo, gur gá oibriú níos dlúithe le chéile ar bhealaí nua chun tabhairt faoi na dúshláin ollmhóra atá le sárú againn.

Gabhaim buíochas, thar ceann na mac léinn, na mball foirne agus na gcéimithe uile, leo siúd a chruthaigh an plean, na comhghleacaithe agus na comhairleoirí seachtracha san áireamh a bhí ar na grúpaí oibre éagsúla. Threoraigh Chris Morash, Leas-Phropast/Príomhoifigeach Acadúil, an próiseas pleanála straitéisí go dtí mí Iúil 2019, nuair a tháinig Jürgen Barkhoff i gcomharbacht air agus eisean a thug an próiseas chun críche. Gabhaim buíochas leis an mbeirt acu as a gcuid cumais agus dúthrachta. Leag Geraldine Ruane, an Príomhoifigeach Oibriúcháin, agus Antoinette Quinn, an Stiúrthóir Acmhainní Daonna, béim riachtanach ar an ról atá ag an bhfoireann ghairmiúil leis an gcoincheap gur ‘aon phobal amháin pobal Choláiste na Tríonóide’. Chuir an Príomhoifigeach Airgeadais, Peter Reynolds, agus a fhoireann tacaíocht an-tábhachtach maidir le gnóthaí airgeadais faoin bplean agus, dá bhun sin, d'aontaigh an Bord an plean i mí na Nollag 2019. Tríd an bPlean Straitéiseach seo a aontú, glacann Bord an Choláiste leis an bhfreagracht as a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é.

Leis an bPlean Straitéiseach seo, táthar ag féachaint le talamh slán a dhéanamh dá bhfuil bainte amach i réimsí éagsúla: rannpháirtíocht agus rochtain, athchóiriú ar an gcuraclam fochéime, caidreamh domhanda agus earcú mac léinn idirnáisiúnta, tionchar taighde agus tús áite a thabhairt do théamaí taighde, agus inbhuanaitheacht airgeadais.

Tugtar faoi chúrsaí nua freisin faoin bPlean Straitéiseach seo mar fhreagra ar dhúshláin nua. Ar na dúshláin is mó, tá siad sin a thagann de bharr an domhandaithe, na teicneolaíochta agus an athruithe ar chúrsaí timpeallachta. Déantar beart ina leith sin sa Phlean Straitéiseach seo trí Institiúid E3 san Innealtóireacht, Timpeallacht agus Teicneolaíochtaí Atá ag Teacht Chun Cinn a mholadh; Campas Nuálaíochta a thabhairt chun cinn ag Cé na Canálach Móire; Institiúid Ailse San Séamas Choláiste na Tríonóide a chur ar bun; agus athchóiriú a dhéanamh ar an tSean-Leabharlann agus Lárionad Staidéir do na Bailiúcháin Taighde a chruthú, chomh maith le tionscnaimh eile lena n-áirítear clár ‘Glúnta Nua’ maidir le baill foirne acadúla a earcú agus scoláireachtaí do mhic léinn.

Tá sé tábhachtach chomh maith go dtéitear i ngleic leis an gclaonadh ar fud an domhain níos lú maoiniú stáit a chur ar fáil don ardoideachas agus don taighde; tharla ísliú i dtíortha eile chomh maith ach tá an t-ísliú in Éirinn tar éis a bheith níos tapa ná i dtíortha eile san Eoraip. Is dóigh liom go bhfuil éirithe go maith le Coláiste na Tríonóide déileáil leis gcás airgeadais seo mar gheall ar dhícheall díograiseach leanúnach phobal uile an Choláiste. Dá ainneoin sin, tá drochthoradh air seo ó thaobh acmhainne iomaíochta go hidirnáisiúnta mar is léir ó na liostaí rangaithe. Is é is tábhachtaí chun sin a leigheas ná a áitiú ar an rialtas cur leis an maoiniú poiblí do thaighde faoi stiúir imscrúdaitheora ní hamháin mar gheall ar an tairbhe a dhéantar go fadtéarmach don tsochaí ach mar gheall gur foinse na nuálaíochta agus geilleagair eolasbhunaithe rathúil é. Leanfar chomh maith den rath atá orainn ag aimsiú maoiniú taighde faoi chláir an Choimisiúin Eorpaigh.

Bíonn an bheartaíocht a dhéantar nuair bhíonn dúshláin le sárú ag brath ar na luachanna atá againn. Faoin bPlean Straitéiseach seo, cuirtear luachanna Choláiste na Tríonóide in iúl go gonta le cúig cinn d'fhocail: fiosrach, ceannródaíoch, freagrach, cuimsitheach agus comhoibríoch. Tá béim i gcónaí ar an bhfís atá againn go mbeadh tionchar domhanda ag an ollscoil, ach treisítear leis sin trína dtagann i gceist leis a chur in iúl níos fearr, lena n-áirítear an aidhm maidir le ‘Glúnta á Spreagadh’ ionas go dtugtar le hobair taighde agus scoláireacht faoi dhúshláin na linne seo romhainn a shárú. Fáiltím roimh na hathruithe seo maidir leis na luachanna agus an fhís ós treisiú atá i gceist ar mhisean Choláiste na Tríonóide mar ollscoil taighde.

Bíonn cuid mhór freagrachta ar ollscoil taighde. Ní mór a bheith tugtha, ar an gcéad dul síos, don luach a ghabhann le heolas nua a aimsiú — ríthugtha dá chruthú agus ríthugtha dá chur in iúl do dhaoine eile trína fhoilsiú ar bhealaí éagsúla, Scoláireacht Oscailte san áireamh, ionas go scaiptear torthaí taighde agus scoláireachta ar mhaithe leis an tsochaí go léir agus go dtéann siad i bhfeidhm ar an mbeartas poiblí agus ar an saol poiblí. Tá i gceist le hollscoil taighde freisin go nglactar leis gur comhpháirtíocht san fhoghlaim idir an fhoireann agus na mic léinn atá in ollscoileanna. Agus an ní is tábhachtaí, seasann ollscoil taighde i gcoinne na ndaoine sin a deir go bhfuil dóthain againn de shaineolaithe agus a tharraingíonn amhras ar an bhfiúntas atá le heolas a úsáid chun sochaí iolraíoch, cóir, inbhuanaithe a chur chun tosaigh.

Táim ag tnúth leis an obair in éineacht le pobal uile an Choláiste agus le gach duine den lucht tacaíochta agus comhoibrithe chun spriocanna uaillmhianacha an Phlean Straitéisigh seo a chur i gcrích.

Is mise, le meas,

Patrick Prendergast
PROPAST & UACHTARÁN