Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Pobal mac léinn níos éagsúla agus níos cuimsithí a chothú.Sprioc 1

Tá Coláiste na Tríonóide tugtha do pholasaí maidir le forás a dhéanamh a ndéantar bainistíocht ina leith agus a gcuirtear acmhainní ar fáil chuige, leis an mbéim ar ardchaighdeán oideachais, ar rochtain, ar idirnáisiúnú agus ar thaithí mac léinn. Faoin mbliain 2025, beidh tuairim is 21,500 mac léinn sa Choláiste. Is pobal cuimsitheach atá ionainn le meas ar an éagsúlacht agus bítear dúthrachtach maidir le bearta tacaíochta leordhóthanacha a chur ar fáil chun bonn treise a chur faoin éagsúlacht sin. Tuigtear gur iomaí bealach ina dtagann an éagsúlacht chun cinn. Táthar tugtha do dheis níos forleithne a thabhairt ar fud speictream sóisialta na hÉireann ar rochtain chun na hollscoile agus géarófar ar an dícheall maidir le comhionannas deiseanna a thabhairt trí threisiú le Cláir Rochtana Choláiste na Tríonóide. Ag an am céanna, leanfar de na mic léinn is fearr ar fud an domhain a mhealladh ar bhealach atá ag teacht le hionad na hollscoile i measc ollscoileanna na hEorpa atá ag dul i bhfeidhm ar fud an domhain maidir le hobair thaighde agus scoláireachta. Táthar díograiseach ar an gcuma chéanna maidir lena bhfuil de fhreagracht orainn ar cheann d’ollscoileanna na hÉireann agus leis an dualgas oideachas a chur ar ghlúnta i ndiaidh a chéile de mhuintir an oileáin ar fad, ó thuaidh agus ó dheas. Beifear ag cur go mór freisin leis na cúrsaí a chuirtear ar fáil de réir an mhodúil agus le cláir ghearrthéarmacha ionas go ndéantar soláthar don éileamh maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach, agus go n-ullmhaítear foghlaimeoirí feadh saoil do shaol luathathraitheach na hoibre. Déantar sin ar fad ó tharla go bhfeictear, inár n-oidí dúinn, gur saibhre an fhoghlaim a dhéantar nuair a bhíonn leaganacha cainte de chineálacha iomadúla le cloisteáil ar fud an champais.

  • C O R E 1.1
    Straitéisí a thabhairt i bhfeidhm chun a chinntiú gur thar sáile isteach go hÉirinn a thagann níos mó ná 30% de na mic léinn faoin mbliain 2025, ardú ó bhonnlíne 24% na bliana 2016/17. [GRS3]
  • C O E 1.2
    Straitéis iontrála nua d’fhochéimithe a aontú faoin mbliain 2021 d’fhonn barr feabhais a spreagadh trí chur leis an éagsúlacht shocheacnamaíochta agus tíreolaíochta maidir le mic léinn Éireannacha san ollscoil. [SL]
  • C O E 1.3
    Ardú níos mó ná dúbailt, go dtí 90, a thabhairt i bhfeidhm maidir le líon na mac léinn a thagann ó chúrsaí Breisoideachais isteach i gcláir de chuid Choláiste na Tríonóide faoin mbliain 2025, ardú ó bhonnlíne 40 sa bhliain 2016/17. [TAP]
  • C E 1.4
    Faoin mbliain 2023, 100 beart caidrimh le scoileanna faoi Rochtain21 Choláiste na Tríonóide a eagrú a mbeidh comhpháirtíocht dhlúth ar feadh 6 bliana i gceist le 20 acu (scoileanna ceannródaíochta) agus caidreamh 1-3 bliana i gceist le 80 acu faoi scéim ghradam na Scoileanna Ardréime (scoileanna líonra). [TAP; TA21]
  • C O E 1.5
    Cur leis an deis rochtana agus an uileghabhálacht a chinntiú. Mic léinn a thagann isteach go Coláiste na Tríonóide trí Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide nó faoi na scéimeanna náisiúnta HEAR agus DARE agus grúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht a bheidh in 25% de na mic léinn fochéime. [AP]
  • C O E 1.6
    A chinntiú go mbíonn teacht ag pobal éagsúil na mac léinn ar thacaíocht den chéad scoth chomh maith le roghanna lónadóireachta níos fairsinge agus níos éagsúla, lena n-áirítear ionaid ina mbeidh siad ábalta a gcuid bia féin a réiteach. [GRS3; D&I; TCDSU]
  • C O E 1.7
    Cultúr a chur ar bun lena mbaineann an comhionannas agus an cuimsiú, meas agus dínit i ngach gné dár gcuid oibríochtaí chun bunchóras a chur ar fáil inar féidir le gach mac léinn de chuid na hollscoile teacht faoi bhláth gan bheann ar a mbunadh trí straitéis láidir Chomhionannais, Éagsúlachta agus Chuimsithe a bhunú. [D&I]
  • C O E 1.8
    Cur leis an réimse scoláireachtaí do na mic léinn, arna éascú ag an daonchairdeas. [TDA]
  • C O E 1.9
    Pobal na hollscoile i gcoitinne a spreagadh maidir le mic léinn faoi mhíchumas a chumasú. [D&I]
  • C O E 1.10
    Straitéisí, polasaithe agus nósanna imeachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ionas gur féidir foghlaim a dhéanamh agus cláir a chur ar fáil ar bhealaí níos éagsúla agus níos solúbtha i réimsí na forbartha gairmiúla leanúnaí agus na micrea-cháilíochtaí, lena n-áirítear polasaí maidir le foghlaim réamhchreidiúnaithe. [SL; AR]