Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Ár spás a fhorbairt agus a úsáid go freagrach.Sprioc 7

Tá ceann de na campais ollscoile is áille ar domhan ag Coláiste na Tríonóide. Tá an ollscoil suite i gceartlár chathair bhríomhar athraitheach Bhaile Átha Cliath ar champas stairiúil a bhfuil cónaí air. Tá an spás sonrach seo le háireamh ar cheann de thréithe sainiúla Choláiste na Tríonóide, láthair lena gcruthaítear taithí faoi leith don mhac léinn agus a tharraingíonn níos mó ná milliún cuairteoir gach bliain. Tá freagracht ag gabháil leis sin go dtabharfaí aire don suíomh, go mbainfí an leas is fearr as ar bhealach inbhuanaithe, go gcothófaí caidreamh leis na comharsana agus go mbainfí go dílis le dlúth agus inneach shaol na cathrach. Fágann suíomh campais i lár cathrach gur gá tuiscint níos fearr ar an spás agus athmhúnlú a dhéanamh air ionas go mbaintear úsáid níos éifeachtúla as. Inár gcoimeádaithe dúinn d’fhoirgnimh stairiúla den suntas, cuirfear tús leis an obair chaomhnúcháin ar an tSean-Leabharlann, chomh maith le hobair athchóiriúcháin ar an bhfoirgneamh is sine ar an gcampas, na Rúibricí, atá ann ó bhlianta na 1690idí. Táthar, an tráth céanna, i mbun foirgníochta don am atá le teacht. Ar an mbeart tosaigh i rith ré na gcúig bliana amach romhainn, osclófar áras cóiríochta nua do mhic léinn i gCearnóg na Clólainne. Le tacaíocht ónár ndeontóirí, beidh spás nuálaíochta teagaisc nua, Ceárta Foghlama E3 Martin Naughton, á thógáil, obair á tosú ar Scoil Dlí nua agus ar Institiúid Ailse San Séamas Choláiste na Tríonóide ar láthair ár gcomhpháirtithe, Ospidéal San Séamas. Sna cúig bliana seo amach romhainn freisin a thosófar ar an obair maidir leis an dara campas, Coláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire, tionscadal forbartha a d’fhéadfadh claochlú a chur ar shaol na hÉireann.

  • C O R 7.1
    An máistirphlean maidir le Coláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire, cuid de thionscnamh Cheantar Nuálaíochta na Canálach Móire lena gcuirfear infreastruchtúr ar fáil d’obair thaighde nua maidir leis an gceangal idir Innealtóireacht, an Timpeallacht agus Teicneolaíochtaí Atá ag Teacht Chun Cinn, a sheoladh faoin mbliain 2022. [E3; T@GCQ]
  • O R E 7.2
    An obair ar spás teagaisc de ghlúin nua, Ceárta Foghlama E3 Martin Naughton, arna cumasú ag an daonchairdeas, a thabhairt chun críche sa bhliain 2023 chun áit a chur ar fáil do thionscadal E3, ag tabhairt Scoileanna na hEolaíochta Ríomhaireachta agus na Staitisticí, na hInnealtóireachta agus na nEolaíochtaí Nádúrtha le chéile. Bainfidh an foirgneamh seo caighdeáin Well Building agus barr feabhais BREEAM amach. [E3; ES]
  • O E 7.3
    Pleananna do Scoil Dlí nua a fhorbairt ina mbeidh áiseanna nua forfheabhsaithe foghlama agus taighde. [LSDP]
  • O R E 7.4
    Na pleananna ailtireachta a chríochnú agus tús a chur leis an obair chaomhnúcháin agus athfhorbartha ar an tSean-Leabharlann, lena n-áirítear Lárionad Staidéir nua do na Bailiúcháin Taighde agus an Lárionad Taispeántais nua do Chuairteoirí. [ES; LS]
  • O R E 7.5
    Pleananna a fhorbairt do Lárionad Acmhainní nua, comhoibríoch na mBailiúchán ar láthair eile ionas go gcuirtear leis an timpeallacht ina gcoimeádtar ár mbailiúcháin agus gur féidir athshamhlú/athleagan amach a dhéanamh ar ár spásanna leabharlainne comhaimseartha. [ES; LS]
  • O 7.6
    Athchóiriú a dhéanamh faoi thréimhse luath sa bhliain 2023 ar an bhfoirgneamh is sine ar an gcampas, na Rúibricí, agus ar Theach an Phríomh-Mhaoir, ionas go mbíonn cóiríocht nua ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne chomh maith le spás taighde ag Comhaltaí Emeriti. [ES]
  • O R 7.7
    Tús a chur leis an bhforbairt ar Institiúid Ailse San Séamas Choláiste na Tríonóide. [TSJCI]
  • O 7.8
    Athfhorbairt a dhéanamh ar na háiseanna agus ar an infreastruchtúr spóirt i bhFearann Uíbh Eachach. [ES; TCDSU]
  • O E 7.9
    Tabhairt go dúthrachtach faoi chlár leanúnach feabhsúcháin agus caighdeánaithe i ndáil le spásanna foghlama agus teagaisc, arna eascú ag sonraí feabhsaithe ar úsáid agus ar bhail na spásanna ionas gur fearr an bhainistíocht a dhéantar orthu ar mhaithe le taithí níos fearr ag an mac léinn. [TEP; CSD]
  • C O 7.10
    Iompar inbhuanaithe agus láithreacha bithéagsúlachta saibhre a chothú ar an gcampas. [SST]
  • C O 7.11
    A chinntiú go gcuirtear cóiríocht ar fáil ar bhealach cuimsitheach don fhoireann agus do na mic léinn i bhfoirgnimh an Choláiste. [D&I; ES]