Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tacú le taithí mac léinn atá bunathraitheach.Sprioc 2

Tá aitheantas foirmeálta ag na mic léinn i gColáiste na Tríonóide mar chomhpháirtithe i gcúrsaí rialachais san ollscoil trí bhallraíocht a bheith acu ar an mBord agus ar an gComhairle agus trí Chomhaontú Comhpháirtíochta na Mac Léinn. Oibrítear as lámha a chéile inár gcomhpháirtithe gníomhacha chun forbairt bhreise a dhéanamh ar thaithí an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide agus chun a chinntiú go dtreisítear an fhorbairt ar acmhainn iomlán an mhic léinn. Tá buntábhacht leis an atmaisféar sainiúil agus le hachar dlúth an phríomhchampais chun pobal bríomhar mac léinn a chruthú. Ó thús stair Choláiste na Tríonóide, tá eachtraí suntasacha ag tarlú i saol an mhic léinn taobh amuigh den seomra seimineáir, den halla léachtaí agus den tsaotharlann chomh maith le taobh istigh. Bíonn an teagasc i gColáiste na Tríonóide, ar gach leibhéal, bunaithe ar obair thaighde agus cuirtear ar chumas na mac léinn a gcuid scileanna taighde féin a fhorbairt agus spreagtar iad chun clár taighde dá gcuid féin a chur chun cinn, más tionscadal buaicphointe bhliain na céime atá i gceist d’fhochéimithe nó trí na foilseacháin éagsúla do mhic léinn a dtacaíonn an ollscoil leo. D’fhonn a chinntiú go mbíonn taithí foghlama mhic léinn Choláiste na Tríonóide bunaithe i gcónaí ar dhlúthchaidreamh lena gcuid léachtóirí agus leis an obair thaighde atá ar bun acu, táthar tugtha d’fheabhas a chur ar an gcóimheas idir foireann agus mac léinn trí pholasaí maidir le forás rialaithe ar líon na mac léinn ar fud na gcatagóirí éagsúla mac léinn a chur i bhfeidhm in éineacht le hinfheistíocht mhór i gcúrsaí foirne.

Cothófar an fhoghlaim fhoirmeálta agus an fhoghlaim neamhfhoirmeálta ar bhealaí éagsúla le feabhas ar sheirbhísí do mhic léinn. De réir mar a théann líon na ndaoine ar an gcampas i méid, tá brú níos géire ar spás, agus beidh bearta á ndéanamh againn chun feabhas a chur ar na spásanna foghlama agus ar na spásanna neamhfhoirmeálta ina dtarlaíonn cuid mhór de shaol an mhic léinn. Beidh práinn níos mó arís i rith na mblianta seo amach romhainn, mar gheall ar shuíomh Choláiste na Tríonóide i gceann de na limistéir is bríomhaire i bpríomhchathair bheo, leis na deacrachtaí a bhaineann le cóiríocht inacmhainne do mhic léinn a shárú. Féachfar leis na deacrachtaí sin a shárú, ní amháin trí níos mó seomraí do mhic léinn a thógáil, ach trí chur le réimse na roghanna lóistín a bheidh ar fáil le haird faoi leith ar an gcíos a bheith inacmhainne. Bearta iad sin ar fad a fhágfaidh gur féidir an phríomhaidhm a bhaint amach: ní mór claochlú i saol an mhic léinn a bheith i gceist leis an tréimhse a chaitear i gColáiste na Tríonóide sa chaoi is gur féidir leis an mac léinn tabhairt faoi shaol oibre rathúil agus saol sásúil a chaitheamh mar shaoránach a chuireann spéis i gcúrsaí an tsaoil, ag a bhfuil saintréithe an chéimí smaoineamh go neamhspleách, cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, gníomhú go freagrach agus forbairt go leanúnach.

  • O E 2.1
    An cóimheas idir foireann agus mac léinn a ísliú go dtí 16:1 faoin mbliain 2025, i gcomórtas le bonnlíne 18:1 sa bhliain 2017/18. [VPO; FSD; DR]
  • O R E 2.2
    Taithí an fhochéimí a thabhairt níos gaire do thaithí an iarchéimí thaighde trí Thionscadail Bhuaicphointe a phríomhshruthú i ngach clár faoin mbliain 2020. [TEP]
  • O R E 2.3
    Athbhreithniú ó bhonn a dhéanamh ar thaithí na mac léinn iarchéime ar chúrsa teagaisc nó ar chlár taighde agus a chinntiú go ndéantar freastal ar a gcuid riachtanas faoi leith. [DGS]
  • O E 2.4
    Cur le caighdeán agus le hacmhainneacht na seirbhísí mac léinn i gcomhréir leis an bhforás ar líon na mac léinn agus cur leis na seirbhísí sláinte agus folláine don mhac léinn. [CSD]
  • C E 2.5
    Feabhas a chur ar thaithí na mac léinn trí bhearta breise maidir le gníomhaíochtaí gairme agus forbartha pearsanta. [TEP]
  • O E 2.6
    Forbairt ar chóras na nOidí do mhic léinn fochéime, trí chur le líon na nOidí sa Choláiste agus laghdú ar mhéid na ngrúpaí mac léinn. [ST]
  • O E 2.7
    Príomhshruthú a dhéanamh ar chlárú ar líne do mhodúil gan fhadhb, rollú agus eolas a chur ar fáil ar bhealach comhtháite do gach mac léinn. [TEP; CSD]
  • O E 2.8
    Níos mó spásanna neamhfhoirmeálta do mhic léinn agus spásanna d’fhoghlaim neamhfhoirmeálta a oscailt chun tacú le mic léinn níos mó ama a chaitheamh ar an gcampas trí, mar shampla, Seomra Léitheoireachta 1937 a athchóiriú mar spás tiomnaithe do mhic léinn iarchéime a mbeidh teacht iomlán acu air. [ES; LS]
  • O 2.9
    Cearnóg na Clólainne a oscailt sa bhliain 2021, ionas go mbíonn spás leapa do 250 mac léinn breise ar fáil chomh maith le lárionad leasa do mhic léinn. [ES; TCDSU]
  • O 2.10
    Oibriú i gcomhar le hAontas na Mac Léinn chun treisiú leis an tSeirbhís Chomhairleach maidir le Cóiríocht. [DS; TCDSU]
  • O E 2.11
    Nósanna imeachta dochta a thabhairt isteach chun dul i ngleic le saincheisteanna a thagann chun cinn ó shuirbhéanna mac léinn, lena n-áirítear an Suirbhé ar Rannpháirtíocht na Mac Léinn in Éirinn agus Baraiméadar Idirnáisiúnta na Mac Léinn. [DS]