Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Teagasc agus foghlaim den chéad ghlúin eile a chleachtadh.Sprioc 3

I gColáiste na Tríonóide, bíonn an teagasc bunaithe ar an taighde ar gach bealach is féidir; bíonn an curaclam ar na leibhéil ar fad á mhúnlú go leanúnach de réir mar a chruthaítear eolas agus tuiscint nua. Ar leibhéal na bhfochéimithe, beidh an t-athnuachan ar oideachas Choláiste na Tríonóide a forbraíodh faoi Phlean Straitéiseach 2014-19 á thabhairt go deireadh chéim an tionscadail i rith na bliana 2020 agus leanfar ina dhiaidh sin den athnuachan leanúnach ar na modhanna teagaisc mar ghnáthchuid de shaol na hollscoile. I rith ré feidhme an Phlean Straitéisigh seo, díreofar ar fheabhas a chur ar thaithí na mac léinn iarchéime agus déanfar athbhreithniú agus athnuachan bunúsach ar an gcur chuige maidir le struchtúir, cláir agus modhanna teagaisc ar chúrsaí iarchéime múinte agus maidir le modhanna maoirseachta do mhic léinn taighde iarchéime. Tuarann réamhmheastacháin choimeád acha gur mic léinn iarchéime a bheidh i níos mó ná 30% dár mic léinn faoin mbliain 2025, agus sa mheántéarma, go dtarlóidh meascán tuairim is dhá thrian le haon trian fochéimithe le hiarchéimithe sa Choláiste. Táthar den tuairim gur sprioc chuí atá ansin don ollscoil is mó le rá in Éirinn maidir le cúrsaí taighde agus gur cheart treisiú leis an dea-chlú sin trína bheith ar an gcoláiste is mó le rá maidir le mic léinn iarchéime.

Fágann na deacrachtaí atá á gcruthú maidir le saol na hoibre agus na foghlama san am atá romhainn ag teicneolaíocht threascrach de chineálacha nua go bhfuil tábhacht agus práinn níos mó arís le forbairt leanúnach ar ár straitéisí teagaisc agus foghlama. Tá sé soiléir ar fud an domhain, de réir mar atá cur isteach ag an teicneolaíocht ar réimsí oibre níos forleithne, gur géire arís an riachtanas le hinniúlacht a thabhairt chun cinn maidir le máistreacht a fháil ar chineálacha teicneolaíochta dá leithéid agus ar na rudaí sin nach mbeidh meaisín riamh chomh maith chuige leis an duine, mar shampla smaointeoireacht chruthaitheach, fíorchaidrimh bháúla a chothú le daoine eile, agus fiontraíocht sa chiall is uilechuimsithí leis an bhfocal. Tráth a bhfuil oiread nuálaíochta ar bun agus ag tarlú go tobann maidir le cúrsaí teicneolaíochta, ní mór leas a bhaint as na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn sa teagasc agus san fhoghlaim chomh maith, agus tabharfar faoi sin trí straitéis chuimsitheach nua maidir leis an bhfoghlaim dhigiteach a fhorbairt lena ndéanfar soláthar do speictream cuimsitheach uirlisí digiteacha foghlama a úsáid, agus gnáthchuid a dhéanamh díobh i gcleachtas teagaisc sna hollscoile.

  • C O E 3.1
    Gnáthchuid den chóras a dhéanamh de na bearta nuálaíochta a ghabhann le Tionscadal Oideachais Choláiste na Tríonóide (lena n-áirítear Cúrsaí Roghnacha, Conairí, Tionscadail Bhuaicphointe agus na gnéithe eagrúcháin a bhaineann le hamchláir sheasta). [TEP]
  • O E 3.2
    Treisiú leis an gcur chuige maidir le Comhpháirtithe Foghlama lenár mic léinn agus Mol Curaclaim nua a fhorbairt ionas go mbíonn ionad ar fáil don athnuachan teagaisc leanúnach. [TEP; TT&L]
  • O R E 3.3
    Cur le líon na mac léinn iarchéime agus straitéisí a chur i bhfeidhm a fhágfaidh go dtagann athrú ar phróifíl Choláiste na Tríonóide ionas gur mic léinn iarchéime iad níos mó ná 30% de na mic léinn uile faoin mbliain 2025. [LSDP; GRS3]
  • O R E 3.4
    An phróifíl nua sin a thabhairt i gcrích i rith ré feidhme an Phlean Straitéisigh seo trí athnuachan suntasach agus córasach a dhéanamh ar na gnéithe ar fad a bhaineann leis an oideachas iarchéime. [DGS]
  • O R E 3.5
    Sraith de mhodúil agus de chúrsaí iarchéime nua teagaisc a thabhairt chun cinn ar fud na scoileanna agus na ndámh. [DGS]
  • O R E 3.6
    Athnuachan ó bhonn a dhéanamh ar chlár struchtúrtha an Ph.D.[DGS]
  • C O R 3.7
    Acmhainneacht shuntasach a thabhairt chun cinn maidir le spás don taighde iarchéime ar champas uaillmhianach Choláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire ar shuíomh Champas Fiontraíochta agus Teicneolaíochta Choláiste na Tríonóide (TTEC). [T@GCQ]
  • O E 3.8
    Straitéis foghlama digití bunaithe ar an speictream iomlán a thabhairt i bhfeidhm faoin mbliain 2022. [DTS]
  • O R E 3.9
    Modúil nua fiontraíochta speisialaithe a thairiscint do mhic léinn iarchéime trí Tangent, ár lárionad fiontraíochta do mhic léinn.[TG]
  • C R E 3.10
    Meantóireacht a dhéanamh, trí Tangent, ar 3,500 mac léinn maidir le smaointe nua fiontraíochta faoin mbliain 2022. [TG]
  • O E 3.11
    Teicneolaíochtaí tacaíochta nua a fhorbairt, chomh maith le Córas Bainistíochta Foghlama forfheabhsaithe, faoin mbliain 2023 a chuidíonn leis na foghlaimeoirí ar an gcampas dóibh agus taobh amuigh de. [DTS]
  • O E 3.12
    Líon na gcéimithe a ghnóthaíonn an Teastas Sainchuspóireach i gCleachtas Acadúil a mhéadú faoi 30% mar chuid de Chreat na Forbartha Gairmiúla Leanúnaí do bhaill foirne acadúla. [TT&L]
  • O R E 3.13
    Treisiú le comhaontas straitéiseach Choláiste na Tríonóide agus Institiúid Oideachais Marino. [RG]
  • O R E 3.14
    Caidreamh straitéiseach Choláiste na Tríonóide le Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann a fhorbairt. [RG]
  • C E 3.15
    Nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le haitheantas cuí do theagasc le meon saoránaíochta. [RG]
  • E 3.16
    Glacadh le mic léinn ar dheich gcinn ar a laghad de chláir nua do Chomhchéim Onóracha Choláiste na Tríonóide faoin mbliain 2022. [TJH]