Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Seasamh ar mhaithe leis an taighde, ó thaobh caighdeáin agus tionchair de.Sprioc 4

Tá Coláiste na Tríonóide ar cheann de na hollscoileanna is mó chun cinn san Eoraip maidir le hobair thaighde agus leagtar béim ar an taighde maidir le beartaíocht uile na hollscoile. Dúthracht i leith obair thaighde agus i leith na scoláireachta is bun leis an díograis ionainn; múnlaítear an teagasc dá réir agus is tríd a chothaítear ár gcaidreamh leis an saol mór. Ciallaíonn sé sin go dtuigtear go bhfuil an taighde ina bhun leis an misean teagaisc ar gach leibhéal, rud a chinntíonn go bhfuil maoirseacht cheannródaíoch agus de réir an tsárchleachtais ar fáil don uile mhac léinn agus go gcuirtear i bhfeidhm na luachanna a luaitear inár gCairt Taighde agus na bearta a leagtar amach sa Straitéis Bheo maidir le Taighde Barr Feabhais, ionas go ndaingnítear áit an Choláiste mar an ollscoil is mó chun cinn in Éirinn.

Is ábhar mórtais dúinn barr feabhais agus dea-chlú obair thaighde agus scoláireacht an lucht léinn, na dtaighdeoirí iardhochtúireachta agus na mac léinn taighde i ngach ceann de dhámha na hollscoile (na hEalaíona, na Daonnachtaí agus na hEolaíochtaí Sóisialta; Innealtóireacht, Matamaitic agus Eolaíocht; agus na hEolaíochtaí Sláinte) agus tá meas ar éagsúlacht agus ilchineálacht an tsaothair thaighde agus scoláireachta ar fud na disciplíní léinn ar fad. Baineann taighde úrnua gach duine den phobal taighde le réimse iomlán na gníomhaíochta taighde, saothar disciplíneach agus saothar idirdhisciplíneach, saothar aonair agus saothar comhoibríoch, buntaighde agus saothar feidhmeach, ionas go dtugtar réimse iomlán shlabhra na nuálaíochta faoina scáth.

Tá ról faoi leith ag cúig cinn d’Institiúidí Taighde Choláiste na Tríonóide agus ag naoi gcinn déag de Théamaí Taighde comhoibríocha i gcóras taighde na hollscoile ionas go gcuirtear taighde idirdhisciplíneach agus comhoibríoch chun cinn, go dtarraingítear isteach tionscadail mhórscála le maoiniú seachtrach a ndéantar cóir ina leith sa Choláiste, go ndéantar cion tairbhe maidir le réimsí móra dúshláin na linne a shárú agus go gcuirtear fiúntas agus réimse ár dtaighde in iúl do dhaoine den lucht léinn agus do dhaoine nach mbaineann le saol na hacadúlachta. Féachtar le hoideachas dochtúireachta d’ardchaighdeán a chur ar fáil do na mic léinn leis an gclár struchtúrtha Ph.D. ina cuirtear maoirseacht ar shárchaighdeán ar fáil dóibh chomh maith le hoiliúint i scileanna ginearálta agus i scileanna faoi leith a bhaineann go sonrach leis an réimse léinn. Cinntítear ar an gcaoi sin go mbíonn a gcuid taighde ar an gcaighdeán is airde is féidir agus go mbíonn siad inniúil ar scileanna a úsáid a fhágfaidh rath ar a gcuid oibre ar feadh a saoil.

Is gné bhuntábhachtach d’aidhm na hollscoile Baile Átha Cliath a bheith ina lárionad domhanda don taighde agus don nuálaíocht iad na pleananna chun campas nua Choláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire a fhorbairt, agus an campas taighde agus nuála €1bn sin i gceartlár Cheantar Nuálaíochta a d’fhéadfadh Baile Átha Cliath a chur i measc an 20 cathair is mó nuálaíochta ar domhan.

Ón taighde, agus ón mbéim láidir ar ardchaighdeán agus ar thionchar, a eascraíonn dea-chlú na hollscoile. I rith ré feidhme an Phlean Straitéisigh seo, déanfar tionscnaimh mhórshuntasacha thaighde a thabhairt i gcrích ar scála mór lena dtarraingítear saineolas dhaoine éagsúla ar fud na hollscoile le chéile chun dul i ngleic le réimsí móra dúshláin shochaí na linne seo.

D’fhonn an taighde agus an dream a bhíonn ina bhun a bheith i gceartlár ár gcuid straitéisí mar is dual, déanfar an éirim, an chruthaitheacht agus an uaillmhian a chothú agus a chúitiú, aimseofar na hacmhainní is gá, oibreofar go dlúth le heagraíochtaí náisiúnta maoinithe cosúil le Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI), an Bord Taighde Sláinte (HRB) agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn (IRC), tacófar le foireann taighde agus leanfar d’fheabhas a chur ar an timpeallacht oibre ionas gur fearr an áit Coláiste na Tríonóide chun taighde a dhéanamh ann. Seasfar le neamhspleáchas na hinstitiúide agus le saoirse acadúil mar bhonn daingean faoi bharr feabhais shaothar taighde.

  • O R E 4.1
    Líon na mball foirne acadúil a mhéadú faoi thart ar 200 ionas go gcuirtear le taighde barr feabhais ar fud na hollscoile. [DR; FAHSS; FEMS; FHS]
  • C O R 4.2
    Díriú go straitéiseach ar dhaoine faoi leith a earcú i bpríomhréimsí na taighde barr feabhais agus an tionchair. [LRES]
  • O R E 4.3
    Feabhsú leanúnach ar na próisis maidir le lucht foirne ardchumasach a fhostú agus a choinneáil ionas gur féidir a chinntiú go leantar ag mealladh na dtaighdeoirí is fearr agus an lucht cúnta is fearr don obair thaighde agus dá gcoinneáil. [LRES]
  • C O R 4.4
    Tacaíocht daonchairdiúil a fháil tríd an bhfeachtas ‘Glúnta á Spreagadh’ (Inspiring Generations) do phríomhphoist taighde. [TDA]
  • O R E 4.5
    Beart mór athnuachana a chur ar bun maidir le gach gné den chóras oideachais dochtúireachta i gColáiste na Tríonóide ionas go gcinntítear sainiúlacht an oideachais sin mar choincheap uileghabhálach trína gcuirtear oiliúint cheannródaíoch ar mhic léinn dochtúireachta i ndáil le scileanna a chuireann lena gcuid taighde. [DGS]
  • O R E 4.6
    Cúnamh struchtúrtha leanúnach a chur ar fáil do Thaighdeoirí Luathghairme, mar shampla comhaltaí iardhochtúireachta agus comhaltaí taighde agus oibriú chun gur féidir leo a imeascadh níos dlúithe i saol an champais. [LRES]
  • C R 4.7
    A bheith inár gceannaire domhanda maidir leis an mbealach ina gcuirimid taighde agus tionchar an taighde in iúl do lucht spéise éagsúil. [LRES; PAC]
  • C R 4.8
    Imeachtaí poiblí maidir le cúrsaí taighde a eagrú ar fud an champais nó go fíorúil, lena n-áiritear níos mó ná 1,000 imeacht i Mol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide idir na blianta 2020 agus 2025. [TLRH]
  • O R E 4.9
    Ábhar taighde a bhfuil tábhacht leis maidir le cúrsaí polasaí a chur i láthair, de réir córais, do chinnteoirí trí sheimineáir agus cheardlanna a eagrú. [LRES]
  • C R E 4.10
    Leas a bhaint as suíomh lárnach Choláiste na Tríonóide i bpríomhchathair thír de chuid an AE mar bhonn faoi thaighde don eolaíocht shóisialta agus do bhearta seach-chaidrimh, ionas go mbíonn tionchar ag torthaí taighde agus ag bonn fianaise ar dhíospóireachtaí tábhachtacha faoi chúrsaí polasaí maidir le forás, eitic an chomhionannais agus áit na hÉireann i saol athraitheach na linne. [DR; FAHSS]
  • C O R 4.11
    Forbairt bhreise a dhéanamh ar an gcomhairleoireacht acadúil agus tacú léi i ngach disciplín trí CONSULT Choláiste na Tríonóide. [CT]
  • C O R 4.12
    Ceannródaíocht a ghlacadh ar Scoláireacht Oscailte agus foilseachán Rochtain Oscailte a chur chun cinn. [LRES; LS]
  • O R 4.13
    Lárionad Staidéir nua do na Bailiúcháin Taighde a chruthú sa tSean-Leabharlann ionas go mbíonn teacht ar bhealaí nua ag taighdeoirí iarchéime agus ag taighdeoirí cuairte ar na bailiúcháin shainiúla agus éagsúla. [ES; LS]
  • O R 4.14
    Bord Comhairleach Tionsclaíochta a chur ar bun faoin mbliain 2021. [TR&I]
  • C O R E 4.15
    Treisiú le hInstitiúidí Taighde Choláiste na Tríonóide agus oibriú i gcomhar le hIonaid SFI chun comhdheiseanna a bharrfheabhsú trí AMBER, ADAPT agus CONNECT. [LRES]
  • C O R E 4.16
    Seasamh le beartaíocht taighde agus an dream a bhíonn ina bun trí stocaireacht a dhéanamh de réir córais ar mhaithe le maoiniú náisiúnta breise d’obair thaighde faoi stiúir imscrúdaitheora i ngach disciplín, sparánachtaí méadaithe do thaighdeoirí Ph.D., éiceachóras cothrom taighde agus ráta níos inmharthana maidir le toradh forchostais ar obair thaighde. [LRES]