Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Ár líonra domhanda a shaibhriú agus a leathnú.Sprioc 6

I ndomhan inarb ionann forás agus ceangal sa lá atá inniu ann, déanfaidh Coláiste na Tríonóide forás - ní trí mhéadú ná fairsingiú ach trína bheith níos ceangailte agus níos nasctha i ndomhan lena mbaineann idirspleáchas. Déanfar sin trí fheidhmiú go réamhghníomhach i bpobal domhanda de lucht taighde, scoláireachta agus oideachais, ag neartú ár líonra domhanda i ndáil le naisc taighde agus oideachais. Sheol an ollscoil an tríú Straitéis um Chaidreamh Domhanda (GRS3) sa bhliain 2019. Bhí béim sna straitéisí GRS um Chaidreamh Domhanda roimhe seo ar chur le líon na mac léinn as tíortha taobh amuigh den AE, ach tá cur chuige níos iomlánaíche i gceist leis an straitéis nua, an ceangal le tíortha eile na hEorpa, an Ríocht Aontaithe san áireamh, a chothú chomh maith leis an gcaidreamh le comhpháirtithe sa chuid eile den domhan a threisiú. I gcomhthéacs na hEorpa, déanfar forbairt bhreise ar bhaint an Choláiste le Cónaidhm Ollscoileanna Taighde na hEorpa (LERU) agus le Grúpa Coimbra d’Ollscoileanna na hEorpa. Mar bhall de CHARM-EU, an chéad chónaidhm cheannródaíochta ollscoileanna a fuair maoiniú ón AE, déanfar forbairt agus tástáil ar choincheap úrnua maidir le hollscoil Eorpach ina mbeadh céimeanna comhoibríocha, ildisciplíneacha agus bunaithe ar bhearta dúshláin ar fáil agus na mic léinn ag gluaiseacht go solúbtha ar fud na mball-institiúidí. Cuirfear le líon na gcéimeanna déacha agus na gcomhchéimeanna i gcomhar le hinstitiúidí comhpháirtíochta ardréime ar fud an domhain bunaithe ar mhúnla na comhpháirtíochta le hOllscoil Columbia a bhfuil an-rath air. Sa bhaile, cuirfear leis an ngluaisteacht ar gach leibhéal don fhoireann agus do mhic léinn agus cóireofar an ghné idirnáisiúnta níos dlúithe sa churaclam agus i saol an champais ionas go gcinntítear ullmhú níos fearr ar gach mac léinn don saol agus don ré gairme ina saoránaigh de chuid an domhain dóibh. Lenár gcampas nuálaíochta nua Coláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire, ceanglófar caidreamh gníomhach idir thaighdeoirí agus chomhlachtaí in Éirinn agus thar lear, agus tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach againn maidir le hardú ar líon na gcomhlachtaí idirnáisiúnta a n-oibrítear i gcomhar leo. Chun sin ar fad a bhaint amach, leanfar den chomhoibriú lenár líonra alumni chun ár gcomhpháirtíochtaí ar fud an domhain a threisiú.

  • C O 6.1
    An caidreamh fadsaoil idir an Coláiste agus an pobal alumni a chothú trí chláir nuálaíochta agus tríd an rannpháirteachas. [TDA]
  • C O 6.2
    Dul i dteagmháil lenár líonra alumni agus lucht tacaíochta chun €400m de mhaoiniú daonchairdis a bhailiú agus 150,000 uair an chloig dheonach a chur i gcrích mar chuid den Fheachtas ‘Glúnta á Spreagadh’ (Inspiring Generations). [PC; TDA]
  • O E 6.3
    Faoin mbliain 2025, a chinntiú go bhfuil idir 40 agus 45% den ghrúpa fochéimithe a mbeidh céim á bronnadh orthu tar éis eispéireas idirnáisiúnta a bheith acu mar chuid dá gclár. [GRS3]
  • E 6.4
    Tionscnaimh teagaisc agus foghlama a fhorbairt ionas gur dlúthchuid den churaclam don uile mhac léinn agus ar fud na réimsí léinn ar fad an dearcadh idirnáisiúnta.[TT&L]
  • O E 6.5
    Tús a chur le ar a laghad aon chlár déach amháin, aon chomhchlár amháin agus trí chlár comhaltúcháin nua i ngach Dámh faoin mbliain 2025. [GRS3]
  • C O R E 6.6
    Múnla d’Ollscoil Eorpach na todhchaí a chur i gcrích trí CHARM-EU. [LRES; GRS3]
  • O R E 6.7
    Treisiú lenár rannpháirtíocht in LERU agus an Grúpa Coimbra. [LRES; GRS3]
  • O E 6.8
    Éagsúlacht bhreise a thabhairt i gcrích maidir le pobal na mac léinn idirnáisiúnta le 750 mac léinn breise as tíortha taobh amuigh den AE, ionas gur airde a líon faoin mbliain 2025 ná 3,750. [GRS3; E3; LS; BSDP; SOM]
  • R E 6.9
    Ardú idir 35 agus 38% ar líon na mac léinn iarchéime as tíortha taobh amuigh den AE ar chúrsaí teagaisc. [GRS3]
  • E 6.10
    Ardú go dtí 120 faoin mbliain 2025 ar líon na mac léinn ar ár mBonnchlár Idirnáisiúnta i gcomhar lenár n-institiúid chomhpháirtíochta, Institiúid Oideachais Marino. [GRS3]
  • C O R 6.11
    Ról lárnach a ghlacadh, mar chuid de Cheantar Nuálaíochta nua Baile Átha Cliath, maidir leis an gcathair a chur i measc an 20 cathair is mó nuálaíocht ar fud an domhain faoin mbliain 2030. [T@GCQ]
  • O R 6.12
    Ar a laghad aon chuideachta tionsclaíochta nua amháin as aon tír nua amháin a chur leis na comhpháirtithe comhoibríocha gach bliain. [IS2]
  • O 6.13
    Láithreacht nua ar an ngréasán a bhunú, bunaithe ar Chóras Bainistíochta Inneachair. [DTS]