Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



An bonn airgeadais atá ag teastáil dár bhforbairt amach anseo a aimsiú.Sprioc 9

Tá feabhas mór tagtha ar staid airgeadais na hollscoile le cúig bliana anuas agus straitéisí chun ioncam a ghnóthú ó fhoinsí seachas an státchiste ar an gcúis is mó leis seo. Ina ainneoin sin, tá ábhar mór dúshláin le sárú i gcónaí chun an t-ioncam atá de dhíth ó ollscoil taighde atá in iomaíocht go domhanda a bhaint amach. Beidh gá le maoiniú suntasach sa bhreis ón Rialtas chun dul i ngleic leis an easnamh i maoiniú poiblí in aghaidh an mhic léinn a bhfuil ísliú ollmhór tagtha air le blianta beaga anuas agus chun soláthar don fhorás atáthar ag tuar maidir le rátaí déimeagrafaíochta agus rannpháirtíochta. Tá ísliú tagtha maidir le maoiniú ón Státchiste ó 70% d’ioncam iomlán na hollscoile sa bhliain 2008 go dtí 40% sa bhliain 2018 agus beidh éiginnteacht ag baint le cúrsaí airgeadais don ollscoil go fóill go dtí go dtugann an Rialtas gealltanas maidir le maoiniú fadtéarmach nó go gcuirtear deireadh leis an uasteorannú ar tháillí mic léinn fochéime. Ina theannta sin, ní mór timpeallacht mhaoinithe taighde agus forbartha a bheith ag ollscoil taighde a bhíonn in iomaíocht go domhanda ar bhonn náisiúnta ionas go bhfuil an fhoireann acadúil ábalta a bheith san iomaíocht le haghaidh conarthaí taighde: tá an maoiniú poiblí a dhéantar ar thaighde anseo in Éirinn thar a bheith íseal de réir caighdeáin idirnáisiúnta agus tá titim 21% tagtha air ón mbliain 2008.

In ainneoin na ndúshlán seo, táthar tugtha i gcónaí do mhisean na hollscoile maidir le taighde a bhfuil tionchar idirnáisiúnta aige a dhéanamh agus teagasc ardchaighdeáin agus seirbhísí den scoth a bheith mar bhonn faoi thaithí an mhic léinn. Leanfar den infheistíocht straitéiseach in infreastruchtúr agus in áiseanna, rud a chuirfidh taca faoinár bhforás agus a bhrúfaidh muid chun cinn i ndáil le bheith rathúil sa todhchaí. Tá infheistíocht níos mó ná €180m déanta le trí bliana anuas agus tá tionscadail chaipitil dar luach níos mó ná €300m ar na bacáin againn faoi láthair. Leis na bearta infheistíochta seo, arna maoiniú den chuid is mó le cabhair daonchairdis agus le maoiniú fadtéarmach ónár gcomhpháirtithe sa Bhanc Eorpach Infheistíochta, tabharfar torthaí airgeadais i gcrích i gcomhréir le cásanna gnó a ndéantar pleanáil agus bainistíocht chúramach ina leith. Táthar tugtha freisin do bhearta straitéiseacha infheistíochta níos fadtéarmaí a thabhairt i gcrích, mar shampla campas nua Choláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire ar shuíomh TTEC agus an obair athchóiriúcháin ar an tSean Leabharlann. Leanfar ag díriú ar an straitéis lárnach maidir le hioncam nach ón státchiste é a mhéadú thar cheithre ghníomh – ioncam ó thaighde, caidreamh domhanda, ioncam tráchtála agus ioncam daonchairdis. Leanfar chomh maith de bhéim ghéar a leagan ar éifeachtúlacht a fheabhsú inár bhfeidhmeanna oibríochtaí agus tacaíochta agus ar chostais oibríochtaí a ísliú trí infheistíocht a dhéanamh i gcórais agus i bpróisis TF den chineál is fearr atá ar fáil.

Táthar tugtha, mar ghné lárnach den Phlean Straitéiseach seo, do chéim ar aghaidh maidir le feabhas a chur ar chaighdeán thaithí an mhic léinn san ollscoil. Táthar tugtha do thús áite a bheith ag na hacmhainní airgid is gá chun laghdú suntasach a thabhairt i gcrích ar an gcóimheas idir foireann agus mac léinn agus déanfar bainistíocht stuama ar an méadú ar líon na mac léinn sna catagóirí éagsúla d’fhochéimithe, de mhic léinn iarchéime ar chúrsaí teagaisc agus de mhic léinn iarchéime i mbun taighde ionas go gcinntítear go mbíonn caighdeán thaithí an mhic léinn ar an aidhm is tábhachtaí i gcónaí.

Mar bhonn treise faoin bPlean Straitéiseach, tá múnla cuimsitheach airgeadais cúig bliana leagtha amach againn lena mbaineann costáil iomlán ar na tionscnaimh straitéiseacha agus léargas comhtháite ar ioncam, costais, infheistíochtaí, maoiniú agus sreabhadh airgid go ceann 5 bliana anonn go dtí 2025. Is uirlis thábhachtach an múnla airgeadais seo chun cásanna samhalta a leagan amach i ndáil le forás agus infheistíocht agus le meastóireacht a dhéanamh ar réimsí baoil agus leochaileachta sa phlean, mar a mbeidh gá ár bplean airgeadais cúig bliana a chur in oiriúint do thosca eacnamaíochta agus eile i rith a ré feidhme.

  • C O R E 9.1
    Maoiniú a eagrú, lena n-áirítear daonchairdeas, d’infheistíocht €300m sna cúig bliana seo romhainn i dtograí nua infreastruchtúir faoi mar a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach, lena n-áirítear Ceárta Foghlama E3 Martin Naughton agus áiseanna cóiríochta do mhic léinn i gCearnóg na Clólainne, agus leanúint le forbairt a dhéanamh ar Scoil Dlí nua. Táthar tiomanta chomh maith d’infheistíocht a dhéanamh i dtograí straitéiseacha níos fadtéarmaí, mar shampla, campas nua Choláiste na Tríonóide Thoir (ar a tugadh Coláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire roimhe seo) agus an obair athchóiriúcháin ar an tSean-Leabharlann, agus tá roghanna maoinithe maidir leis na tograí sin á meas faoi láthair. [ES; E3; FSD; LSDP; T@GCQ; TDA]
  • O 9.2
    Inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach trí fhás farasbairr glan bliantúil (sula gcuirtear gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe san áireamh) go 1% d’ioncam a thabhairt i gcrích agus fás EBITDA (Tuilleamh Roimh Ús, Cánacha, Dímheas agus Amúchadh) sonraithe ó 3% go 8% d’ioncam faoin mbliain 2025 á leagan amach chun na costais bhliantúla a ghabhann lenár gclár infheistíochta caipitil a chlúdach. [FSD]
  • C O E 9.3
    Cur le líon na mac léinn (an bonn óna n-eascraíonn ardú ioncaim), i gcomhréir leis an Straitéis um Chaidreamh Domhanda 3, ina luaitear sprioc shonraithe maidir le hardú ar líon na mac léinn iarchéime ó sciar 28% go dtí sciar 32% de líon iomlán na mac léinn le himeacht cúig bliana agus ardú ar líon na mac léinn as tíortha taobh amuigh den AE ó sciar 15% go dtí sciar 18% faoin mbliain 2025. [GRS3]
  • C O R E 9.4
    Cur leis an luach atá le daonchairdeas don ollscoil mar mhodh lenár sruth ioncaim a éagsúlú. [TDA]
  • O 9.5
    Leanúint den phleanáil ar mhaithe le spleáchas na hollscoile ar ioncam ón státchiste a laghdú agus a bheith ag súil go dtiocfaidh ardú ar ioncam neamhstáit ó 60% sa bhliain 2019 go dtí 63% sa bhliain 2025. [FSD]
  • O E 9.6
    An cóimheas idir foireann agus mac léinn a ísliú ó 18:1 sa bhliain 2019 go dtí 16:1 faoin mbliain 2025, agus a chinntiú go dtugtar tús áite d’acmhainní airgeadais chun an sprioc sin a bhaint amach. [VPO; FSD; DR]
  • O 9.7
    A chinntiú, de bharr thionchar Covid-19, go n-athbhunaítear agus go gcoinnítear glansócmhainní na hollscoile ag íosleibhéal €800m i rith ré feidhme an phlean. [FSD]
  • O 9.8
    Leanúint den chinntiú i rith ré feidhme an phlean go mbíonn na córais airgeadais chomh maith agus a d’fhéadfadh agus go gcomhlíontar na socruithe baincéireachta, go gcaomhnaítear an farasbarr maidir le mionleibhéal airgid ar láimh, cóimheas giarála agus acmhainn seirbhíse ar fhiachas. [FSD]
  • O 9.9
    Leanúint den tsolúbthacht agus den oiriúnú maidir le cúinsí eacnamaíochta i ndáil leis an mbainistíocht ar chúrsaí airgeadais na hollscoile, agus deiseanna a thapú de réir mar a thagann chun cinn chun cur le misean acadúil na hollscoile. [FSD; VPO; CSD; DR]