Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Aon phobal amháin a bheidh i bpobal Choláiste na Tríonóide.Sprioc 8

Tá meon agus uaillmhianta i gcomhar ag pobal ollscoile Choláiste na Tríonóide, tuiscint láidir don mhuintearas agus éiteas na coláisteachta. Feidhmítear mar chraobhchóras casta caidrimh, ní amháin idir an fhoireann acadúil, ghairmiúil agus na mic léinn, ach go seachtrach freisin i measc chraobhchóras domhanda 140,000 céimí, ár gcomhpháirtithe i dtionsclaíocht agus in ollscoileanna eile in Éirinn agus ar fud an domhain, agus ár ndeontóirí flaithiúla. Tá de bhrí le pobal sa chiall seo go dtuigtear le campas, ní amháin an príomhchampas i lár na cathrach, ach comhghleacaithe atá ag obair in Ospidéal San Séamas agus in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, chomh maith le hoifigí agus cláir cheangailte in áiteanna chomh fada ó chéile le Béal Feirste, Ollscoil Columbia agus an Institiúid Teicneolaíochta i Singeapór. Mar a chéile le caidreamh casta ar bith den chineál seo, is ábhar dúshláin ar bhonn laethúil é gach duine a choinneáil ar an eolas agus páirteach i gcúrsaí. Níos bunúsaí ná sin, is gá athnuachan a dhéanamh go seasta síoraí ar an tuiscint go ndéanann gach duine den phobal le chéile cion tairbhe maidir le hobair na hollscoile a chur i gcrích. Is féidir athnuachan dá shórt a chothú trí theacht ar bhealaí nua chun ár gcuid modhanna oibre a dhéanamh níos córa don uile dhuine. Tagann san áireamh leis sin tiomantas ó bhonn maidir leis an gcothromaíocht agus an uileghabhálacht a chur chun cinn i ngach cuid den obair a dhéantar. Beidh follasacht níos mó, luathbheartaíocht níos solúbtha agus éifeachtacht níos fearr ag baint lenár gcuid oibre agus simpleofar na próisis maidir le cinntí a dhéanamh. B’fhéidir gurb é is tábhachtaí, áfach, go ndeimhnítear go gcuirtear daoine – mic léinn, an fhoireann acadúil, an fhoireann ghairmiúil, alumni, cairde – chun tosaigh maidir leis an mbeartaíocht ar fad a dhéantar i bpobal atá bunaithe ar mheas an uile dhuine ar a chéile agus ar chuspóir coiteann a bheith againn.

  • C O R E 8.1
    Modhanna cumarsáide a chothú trínar féidir le gach duine de phobal na hollscoile caidreamh a chruthú agus cion tairbhe a dhéanamh, mar aitheantas ar an ngá atá ag agus gur mian le gach duine den fhoireann páirt a ghlacadh i bpobal na hollscoile. [PAC; HR]
  • C O R E 8.2
    Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú (EDI) a bheith ina saintréithe dár meon agus dár gcleachtas i ngach gné de shaol na hollscoile trí straitéis agus plean gníomhaíochta láidir EDI a bhunú. [D&I]
  • C O R E 8.3
    A chinntiú gur mná a bheidh in ar a laghad 40% de na hOllúna Cathaoireach i gColáiste na Tríonóide faoin mbliain 2025. [AS]
  • O 8.4
    Inlíon inmheánach nua a chruthú sa Choláiste agus leanúint den fhorbairt ar an gcumarsáid inmheánach. [PAC]
  • O 8.5
    Aitheantas a thabhairt do ghaiscí na foirne, agus iad a chúiteamh, trí phróisis atá cothrom agus follasach. [HR]
  • C O 8.6
    Infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt na foirne ar gach leibhéal san ollscoil le cláir de leithéid Creataí Gairme agus Forbairt Ceannaireachta. [HR]
  • C O 8.7
    Sláinte cholainne, mheabhrach agus shóisialta an uile dhuine de phobal an Choláiste a chothú tríd an tionscnamh Coláiste Sláintiúil na Tríonóide a chur i bhfeidhm. [HT]
  • C O 8.8
    An ceangal lenár bpobal alumni a neartú, trí líonra alumni na hollscoile a chothú ar fud an domhain agus ár gcéimithe a spreagadh ionas go mbaintear amach 150,000 uair a chloig d’obair dheonach faoin mbliain 2025 mar chuid den fheachtas ‘Glúnta á Spreagadh’ (Inspiring Generations). [TDA; GRS3; PC]
  • O 8.9
    A chinntiú go mbíonn follasacht, solúbthacht agus éifeachtacht ag rith le cinnteoireacht na hollscoile. [PO; SO]
  • O 8.10
    Bealaí a scrúdú inar féidir an Ceann Scoile a bheith ceangailte níos dlúithe le próisis chinnteoireachta na hollscoile. [VPO; SO]
  • O R E 8.11
    Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige maidir le lucht taighde iardhochtúireachta i bpobal an champais agus oibriú ar mhaithe lena gceangal níos dlúithe le saol an champais. [LRES]
  • O 8.12
    Deiseanna a chruthú do bhaill foirne den uile chatagóir clárú ar mhodúil atá ar fáil ar fud na hollscoile ar mhaithe le forbairt ghairmiúil leanúnach agus micrichreidiúnú. [HR; DTS; VPO]
  • O 8.13
    Leanúint de na huirlisí sonraí agus faisnéise a neartú ionas gur féidir comhoibriú agus cinnteoireacht straitéiseach a éascú, go háirithe i ndáil le sonraí faoi éagsúlacht agus cuimsiú. [DTS]
  • C O 8.14
    Grúpa Oibre maidir le Saoire Theaghlaigh agus Modhanna Solúbtha Oibre a bhunú agus monatóireacht a dhéanamh ar líon na ndaoine a ghlacann saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoireachta. [AS]
  • C O 8.15
    An Polasaí maidir le Cruinnithe i rith Príomhuaireanta a chur i bhfeidhm go hiomlán. [AS]
  • C R E 8.16
    Feabhas breise a chur ar stádas na Gaeilge i saol an Choláiste trí sheirbhísí, oiliúint agus imeachtaí i gcomhréir le meon de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003). [SO]
  • O 8.17
    Córas nua CRM (Bainistíocht Caidreamh Custaiméirí) a chur i bhfeidhm faoin mbliain 2022, ionas gur féidir oibriú níos éifeachtaí leis na daoine taobh amuigh de phobal an Choláiste. [DTS]
  • C O R E 8.18
    Cultúr daonchairdis a leabú agus a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide agus an bhunchloch a leagan le haghaidh feachtas daonchairdis amach anseo. [TDA]