Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Ár n-eagraíocht a mhúnlú agus taighde a dhíriú ar an dúshlán a bhaineann le pláinéad inbhuanaithe agus sláintiúil a bhaint amach.Sprioc 5

Táthar tugtha, inár bpobal ollscoile dúinn, do shochaí chóir, iolraíoch, chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Is dea-theist ar a mhéid is atá ag éirí linn ina leith sin a bheith ag uimhir 28 sa domhan i Rangú THE de réir Tionchair 2019. Tá cumasc dlúth d’acmhainní saineolais á dtabhairt le chéile againn agus muid lándáiríre faoin bhfreagracht i leith na sochaí a ghabhann leis sin. Is bunghné d’aitheantas na hollscoile an caidreamh leis an tsochaí, agus i gcroílár ár misin thaighde tá obair thaighde a théann i ngleic le réimsí móra dúshláin na linne. Ar an dóigh chéanna, tá saintréithe an chéimí a dtagann an cur chuige maidir leis an teagasc ar an uile leibhéal faoina n-anáil ina ábhar maith ullmhúcháin ag an mac léinn maidir le saol saoránach dúthrachtach de chuid an domhain a chaitheamh. Trí dhearcthaí de na cineálacha sin a tharraingt le chéile, dírítear ar bhealaí a aimsiú inar féidir le hoiread agus is féidir de phobal na hollscoile cion tairbhe a dhéanamh i ndáil le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe. Tiocfaidh i gceist leis sin obair thaighde atá ar bun ar fud na hollscoile a bhaineann le cúrsaí inbhuanaitheachta agus le saol folláin a thabhairt chun suntais agus a chur le chéile. Ní le bearta um ghníomhú ar son na haeráide ná dul i ngleic le bochtaineacht agus ocras amháin a bhaineann na SDGanna, tá oideachas, comhionannas inscne, síocháin agus an ceartas, agus cathracha inbhuanaithe i gceist chomh maith. Le scoileanna, institiúidí taighde agus téamaí taighde na hollscoile, tabharfar le chéile teagasc, taighde agus scoláireacht a thagann le seacht sprioc déag na SDGanna. Cuideoidh tionscnaimh straitéiseacha, mar shampla an institiúid taighde E3 don Innealtóireacht, Timpeallacht agus Teicneolaíochtaí Atá ag Teacht Chun Cinn atá beartaithe do champas nua Choláiste na Tríonóide @ Cé na Canálach Móire, nó an fhorbairt ar chláir a chuirfear ar fáil i gCéarta Foghlama E3 Martin Naughton, le glúnta nua a ullmhú chun dul i ngleic leis an ábhar mór dúshláin a bhaineann le réimse na hinbhuanaitheachta. Ar an gcuma chéanna, fágann an ról buntábhachtach atá againn in Institiúid Dhomhanda na Sláinte Inchinne go bhfuiltear chun tosaigh maidir le taighde ar fholláine an té atá ag dul in aois. Taobh amuigh de thionscadail shonracha dá leithéid sin, beidh an chaoi a n-iompraímid muid féin mar bhaill de phobal an Choláiste ag teacht leis na SDGanna.

  • C O R E 5.1
    Cloí le ceannaireacht thréan eitice maidir le gach gné den obair, idir obair thaighde agus forbairt foirne, agus i mbun ghníomhaíochtaí phobal uile na hollscoile. [DR; RG]
  • C O R 5.2
    Mol i ndáil le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chruthú ionas go mbaintear leas as sonraí taighde chun monatóireacht a dhéanamh ar an taighde a dhéantar i ngach réimse is féidir a cheangal leis na SDGanna. [LRES; SST]
  • C O 5.3
    Faoi mhí Iúil 2021, spriocanna a leagan amach d’fhonn an lorg carbóin atá againn a laghdú go suntasach. [DR; RG]
  • C O 5.4
    Ceannródaíocht a dhéanamh maidir le cúrsaí inbhuanaitheachta trí ídiú fuinnimh a fheabhsú, laghdú ar an méid dramhaíola a chruthaítear lena n-áirítear ábhair phlaistice aonúsáide, réimsí éagsúla cosúil le hiompar inbhuanaithe agus bithéagsúlacht a chur chun cinn, agus cinntiú go mbíonn gach foirgneamh nua bunaithe ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta. [SST]
  • C R 5.5
    Taighde atá tugtha don tsaoránaíocht a chothú agus a dhéanamh ionas go gcuirtear 20% le líon na dtorthaí taighde atá ceangailte leis na SDGanna faoin mbliain 2025. [LRES; SST]
  • C R E 5.6
    Taighde atá tugtha don tsaoránaíocht a chur chun cinn ar fud na hollscoile agus ócáidí chothú spéise sna SDGanna a eagrú sna scoileanna agus sna hinstitiúidí taighde ag a ndírítear aird an phobail i gcoitinne agus an lucht ceaptha beartais ar thionchar ár gcuid saothair. [LRES]
  • C O R E 5.7
    Scoláireachtaí nua Ph.D. a thabhairt isteach atá ag teacht leis na SDGanna. [LRES, PC]
  • C O R E 5.8
    Cláir teagaisc agus tionscadail taighde chónaidhm CHARM-EU a bhunú ar an ábhar mór dúshláin “An Cine Daonna agus an Pláinéad ag Réiteach le Chéile”. [LRES; GRS3]
  • C O 5.9
    Gradam Airgid de chuid Athena SWAN a ghnóthú faoin mbliain 2025. [AS]
  • C O 5.10
    Cairt SAGE maidir le comhionannas inscne a chomhtháthú i bpolasaithe agus i gcleachtais an Choláiste faoin mbliain 2021. [AS]
  • C R 5.11
    Cion tairbhe a dhéanamh, mar chuid d’Institiúid Dhomhanda na Sláinte Inchinne, maidir leis an sprioc 125 Comhalta Atlantach ar mhaithe le Cothroime i Sláinte na hInchinne a bheith ag obair ar fud an domhain faoin mbliain 2022 ionas go gcruthaítear pobal cruthaitheach agus díograiseach de cheannairí atá ag obair as lámha a chéile chun éagothroime i réimse shláinte na hinchinne a laghdú. [GBHI]