Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Scéimeanna Cónaithe Choláiste na Tríonóide

Cuireann Coláiste na Tríonóide Scéim Cónaithe Gaeilge ar fáil do mhic léinn fochéime ón gcéad bhliain go dtí an ceathrú bliain. Tá sé mar aidhm leis an Scéim deis a thabhairt do mhic léinn maireachtáil i mion-Ghaeltacht i gcóiríocht na hollscoile. Bíonn cónaí ar na mic léinn le chéile agus bíonn an Ghaeilge mar theanga laethúil sna hárasáin. Tacaíonn baill na Scéime Cónaithe le gníomhaíochtaí Gaeilge san ollscoil agus cuireann siad an teanga chun cinn i measc an phobail mac léinn.

Tá dhá chuid leis an Scéim Cónaithe i gColáiste na Tríonóide:

  1. Cóiríocht ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide do mhic léinn sa dara, tríú agus ceathrú blianin
  2. Cóiríocht i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6 do mhic léinn sa chéad bhliain amháin

1. Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana

Tá an Scéim seo dírithe ar mhic léinn fochéime atá sa dara, tríú agus ceathrú bliain. Tá cóiríocht na Scéime ar champas na hollscoile i lár na cathrach, agus i Halla na Tríonóide i mBaile Átha Cliath 6. Tá 18 spás in iomlán ar fáil; 12 spás ar an gcampas agus 6 spás i Halla na Tríonóide.

Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair do Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana don bhliain acadúil 2025-26. Tá tuilleadh eolais ag an nasc seo. Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ná Dé hAoine, 9 Bealtaine 2025.

2. Scéim Cónaithe Halla na Tríonóide/Na Chéad Bhliana

Tá an Scéim seo dírithe ar mhic léinn céad bhliana. Tá cóiríocht na Scéime lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6. Tá 12 spás ar fáil.

Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Cónaithe na Chéad Bhliana le fáil ag an nasc seo. Osclófar an próiseas iarratais don bhliain acadúil 2025-26 go luath.


Nuashonraithe 23 4 2025 ag .