Ranganna Gaeilge i gColáiste na Tríonóide
Tá ranganna Gaeilge á reáchtáil ag Oifig na Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr don bhliain acadúil 2025-26. Is do bhaill foirne agus do mhic léinn Choláiste na Tríonóide na ranganna seo.
Dátaí
Cuirfear tús le ranganna Théarma na Féile Bríde Dé Máirt an 3 Feabhra 2026 agus leanfaidh siad ar feadh 8 seachtaine, ag críochnú an tseachtain dar tús 30 Márta 2026. Ní bheidh aon rang ar siúl le linn na seachtaine staidéir ón 2-6 Márta.
Beidh na ranganna ar siúl uair sa tseachtain agus mairfidh gach ceann thart ar 50 nóiméad, ó 12.00-12.50pm nó ó 1.00-1.50pm.
Foghaimeoirí
Beidh na ranganna á gcur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne Choláiste na Tríonóide agus beidh siad saor in aisce.
Leibhéil
Cuirfear ceithre leibhéal éagsúil ar fáil, ó leibhéal tosaitheora go meánleibhéal (A1, A2, B1, B2).
Moltar do bhaill foirne agus do mhic léinn triail ghearr a dhéanamh ar líne chun an leibhéal is oiriúnaí dóibh a ríomh. Is féidir tabhairt faoin triail ag an nasc seo agus tá cur síos ar na leibhéil agus ar na scóir le fáil anseo.
Má d'fhoghlaim tú Gaeilge ar scoil nó má tá cúrsaí Gaeilge déanta agat cheana, níor cheart clárú do Bhunrang 1 (A1).
Beidh ábhar na gcúrsaí ag teacht le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), scrúduithe agus cáilíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn ar mhaith leo scrúdú TEG a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Cur Chuige Teagaisc
Ranganna teanga a bhíonn i gceist agus ní bhronntar teastas ag deireadh na gcúrsaí.
Bainfear úsáid as cur chuige cumarsáideach sna ranganna ina gcuirfear béim ar an teanga labhartha agus ar chomhrá. Múinfear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil. Beidh teorainn leis an méid léitheoireachta agus scríbhneoireachta a dhéanfar.
Amchlár
Tá amchlár an téarma seo le fáil anseo. Tá na dátaí, amanna agus seomraí ranga do gach leibhéal luaite sa cháipéis. Ní mór cúrsa amháin a roghnú bunaithe ar an leibhéal ranga is oiriúnaí duitse, agus an lá agus an t-am is fearr a oireann duit. Beidh rang amháin in aghaidh na seachtaine (c. 50 nóiméad) ag gach foghlaimeoir cláraithe ar feadh 8 seachtaine.
Clárúchán
Ní mór féachaint ar an amchlár thuas agus ansin roghnaigh cúrsa amháin bunaithe ar do leibhéal agus ar an lá agus am is fearr a oireann duit. Beidh rang amháin in aghaidh na seachtaine (c. 50 nóiméad) ag gach foghlaimeoir ar feadh 8 seachtaine.
Beifear in ann clárú do na ranganna ó 1.00pm Dé hAoine an 23 Eanáir ag an nasc atá curtha ar fáil i ríomhphost ó Oifig na Gaeilge chuig mic léinn agus baill foirne na hollscoile. Ná cláraigh do níos mó ná rang amháin le do thoil. Mura n-éiríonn leat áit a fháil i rang, is féidir clárú don liosta feithimh. Ní ghlacfar le clárúcháin a dhéantar roimh 1.00pm Dé hAoine an 23 Eanáir.
Tar éis clárú duit, ba cheart go bhfaighfeá ríomhphost uathoibríoch ó Ghaelchultúr chun do chlárúchán a dheimhniú. Seiceáil an dramhphost, le do thoil, mar d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an ríomhphost clárúcháin anseo.
Tabhair faoi deara, le do thoil, agus an fhoirm iarratais ar líne líonta agat, go mbeidh tú cláraithe mar fhoghlaimeoir le Gaelchultúr agus go gcruthófar cuntas ar líne duit ina mbeidh tú in ann an cúrsa a bhfuil tú cláraithe dó a fheiceáil. Ní bhainfear úsáid as na sonraí a sholáthraítear ach amháin chun an próiseas clárúcháin do ranganna Choláiste na Tríonóide a éascú.
NB! Más rud é gur chláraigh do rang Gaeilge le Coláiste na Tríonóide/Gaelchultúr roimhe seo, ní mór logáil isteach i do chuntas le do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal ar dtús, agus ansin an fhoirm chlárúcháin a líonadh. Moltar duit iarracht a dhéanamh logáil isteach trí shuíomh gréasán Ghaelchultúir roimh 1.00pm Dé hAoine an 23 Eanáir le cinntiú roimh ré go mbeidh tú in ann teacht ar do chuntas.
Deiseanna Labhartha
Tá go leor deiseanna ann do chuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga i gColáiste na Tríonóide:
- Bíonn ciorcal comhrá i mBialann na Butraí (Buttery Restaurant) ar an gcampas gach Céadaoin i rith na bliana ó 10.30am-12.00pm. Cuirtear fáilte roimh mhic léinn, baill foirne agus pobal i gcoitinne. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie má tá suim agat teacht chuig an gciorcal comhrá nó buail isteach chugainn sa Bhutrach.
- Bíonn lón foirne ar siúl ó 1-2pm i seomra 3104, i bhFoirgneamh na nEalaíon gach Céadaoin le linn na dtéarmaí teagaisc. Seol ríomhphost chuig gaeloifig@tcd.ie le fógra seachtainiúil a fháil faoi seo.
- Beidh Éigse na Tríonóide, féile Ghaelach bhliantúil Choláiste na Tríonóide, ar siúl ón 3-6 Feabhra 2026. Beidh tuilleadh eolais le fáil ar mheáin shóisialta Oifig na Gaeilge atá luaite thíos.
- Bíonn seirbhís i nGaeilge ar fáil ón Leabharlann ó 9.00am-3.30pm ó Luan go hAoine.
- Is féidir tuilleadh eolais ar imeachtaí i rith na bliana a fháil ar chainéil Oifig na Gaeilge ar na meáin shóisialta: Instagram / X / Facebook @GaeloifigTCD.
- Bíonn imeachtaí seachtainiúla ar siúl ag an gCumann Gaelach i gcaitheamh na bliana acadúla. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoina gcuid gníomhaíochtaí ar líne: Instagram / TikTok / X / Facebook @CumannGaelachTCD.
- Tá Oifigeach Gaeilge lánaimseartha in Aontas na Mac Léinn agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoina chuid oibre agus na himeachtaí a bhíonn á reáchtáil ag AML ag: Instagram @gaeilge.amlct / X @Gaeilge_AMLCT
- Bíonn imeachtaí á n-eagrú rialta ag mic léinn na Scéime Cónaithe i rith na bliana acadúla. Is féidir tuilleadh eolais faoina gcuid imeachtaí a fháil ar Instagram & TikTok @sceimtcd / Facebook @AnSceimTCD.
Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta: