Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Éigse na Tríonóide

26-30 Eanáir 2009- Clár Imeachtaí

Click here for English version

Luan 26 Eanáir

1.00-2.00 Agallaimh don Fháinne: seomra 50 san Atrium
(seo do sheans fáinne ór a fháil muna bhfuil ceann agat cheana féin!!!)

1.00-4.00  An Poc ar Buile (bucking bronco)

4.00-7.00 Ciorcal cómhrá sa Pav

Máirt  27 Eanáir

12.00-1.00 Seisiún Eolais speisialta do bhaill foirne- Acht na dTeangacha Oifigiúla
Seomra 3126 Foirgneamh na nEalaíon

2.00-3.00 Acht na dTeangacha Oifigiúla- Official Languages Act 2003
Seisiún Eolais Poiblí (Fáilte roimh gach éinne)
Ionad: Léachtlann Davis, Foirgneamh na nEalaíon

7.00: Oscailt oifigiúl An Éigse..beidh sólaistí ar fáil dar ndóigh :-)

10.00pm-maidin: Club an Chonartha d'oíche na Mac léinn

Céadaoin 28 Eanáir

1.00pm Cluiche péile idir baill an Chumainn Gaelach agus baill an CLG.

5.45pm Béal Tuinne” An Amhraclann Phoiblí/Public Theatre
Seó le ceoltóirí agus amhránaithe iomráiteacha ar nós Seamus Begley, Rita Connolly agus Shaun Davey, bunaithe ar shaothar filíochta Chaoimhín Uí Chinnéide (nach maireann). Le tacaíocht fhial ó Chéimithe agus ó chairde an Choláiste trí Fhondúireacht na Tríonóide.

Déardaoin 29 Eanáir

5.15 Urnaí na Nóna (canta) i nGaeilge agus Fáiltiú
- an Séipéal (Choral Evensong in Irish)

7.00pm Díospóireacht trí mheán na Gaeilge sa Phil le aoichainteóirí speisialta

9.00pm-2.00am Oíche mhór an Éigse sa Village, Sraid Camden
Céilí, Hounds of Cullen(féach ar ár suíomh gréasáin le héisteacht leo) agus JP ar na decks (is b'fheidir an Conradh arís má tá fonn ar dhaoine:-))

Beidh ticéid ar fáil ar an seastán a bhéas i bhFoirgneamh na nEalaíon ó Luan - Deardaoin
€7 do bhaill, €10 neamh-bhaill agus tá ballraíocht saor in aisce. €10 ag an doras fiú más ball thú!!

Aoine 30 Eanáir

8.30am Aifreann Dátheangach (Séipéal an Áiléir)

Ceardlann na gCrosa Bríde

1.05pm Aifreann i nGaeilge- an Séipéal

1.45pm  Turas treoraithe i nGaeilge timpeall ar an gcampas (guided tour) i ndiaidh an Aifrinn

Clár Éigse na Tríonóide


Nuashonraithe 21 1 2016 ag .