Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Cartlann Nuachta 2008-2009

Eolas faoi Scéim Chónaithe Dhartraí 2009-2010

Má chuir tú iarratas isteach ar Scéim Chonaithe Dhartraí 2009-2010, beimid i dteagmháil leat go luath an tseachtain seo chugainn (Luan nó Máirt 6-7 Iúil 2009) le dátaí na n-agallamh.

Cuirfear agallamh ar iarrthóirí anseo i mBaile Átha Cliath. Táthar ag súil go mbeidh na hagallaimh ar siúl sa dá sheachtain deireanach den mhí seo (Iúil). Tabharfar rogha d'iarrthóirí idir dhá lá éagsúla.

Munar chuir tú iarratas isteach go fóill, tá go dti an 17 Iúil agat chun sin a dhéanamh. Seol riomhphost chuig gaeloifig@tcd.ie nó glaoigh ar 01 896 3652 le haghaidh foirm iarratais.

2 Iúil 2009

Baill foirne TCD le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Rath Cairn ar an Satharn 6 Meitheamh

Beidh baill foirne de chuid Choláiste na Tríonóide ag tabhairt aghaidh ar Ghaeltacht Rath Cairn i gContae na Mí ar an Satharn 6 Meitheamh. Tá clár spéisiúil agus spraoiúil imeachtaí curtha le chéile don lá i gcomhar le Comharchumann Rath Cairn. Costas €40 an duine a bheas ar an turas (lón san áireamh). Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Oifigeach na Gaeilge.

27 Bealtaine 2009

Cur chun cinn na Gaeilge san Ionad Oibre - Treoirleabhar Dátheangach Gairmeacha seolta

Ag Comhdháil Earcaitheoirí na gCéimithe ar an 29 Aibreán 2009, seoladh treoirleabhar dátheangach ina leagtar béim ar raon na ndeiseanna gairme atá ann do chainteoirí na Gaeilge. Ag freastal ar an ócáid bhí lucht féachana déanta suas de chomhairleoirí gairme tríú leibhéil agus d’fhostaithe céimithe. Tá an foilseachán Do Ghairm le Gaeilge / Your Career with Irish ina thoradh ar shaothar choiste eagarthóireachta idir-ollscoile (ina raibh Orlaith Tunney, comhairleoir gairme i gColáiste na Tríonóide, rannpháirteach). Chuir an Institiúid um Ardoideachas agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cabhair airgid ar fáil don togra.  

Tugann an treoirleabhar “Do Ghairm le Gaeilge / Your Career with Irish” léargas ar na réimsí éagsúla ina mbíonn Gaeilge líofa mar bhuntáiste, nó fiú mar shainriachtanas do phoist áirithe. Mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá fás mór tagtha ar líon na ndeiseanna fostaíochta atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge i réimsí éagsúla ar nós na meáin, na healaíona agus an oidhreacht, san earnáil phoiblí agus phríobháideach, sa teagasc agus san aistriúchán. Cuireann an treoirleabhar dátheangach eolas cuimsitheach taighdte ar fáil do mhic léinn agus do chéimithe; mar aon le cás-staidéir, le heolas ar acmhainní gréasáin, agus leideanna agus moltaí chun an Ghaeilge a nascadh lena ngairmeacha.

Bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oibre oifigiúil an Aontais Eorpaigh i 2005 agus tá sí mar cheann de na teangacha mionlaigh atá á gcur chun cinn ag an bParlaimint Eorpach. Clúdaíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 thart ar 600 comhlacht poiblí, ina n-áirítear institiúidí oideachais tríú-leibhéil, údaráis áitiúla agus comhlachtaí eile stát-urraithe. Tá dualgas orthu go léir seirbhísí áirithe a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tá méadú tugtha faoi ndeara i líon na gcomhlachtaí san earnáil phríobháideach atá ag díriú anois ar mhargadh lucht labhartha na Gaeilge. Tá cleachtais Ghaeilge forbartha ag comhlachtaí ar nós Microsoft, Samsung agus Accenture, ar mhaithe le buntáiste iomaíochta a bhaint amach dóibh féin.  

Freagra is ea foilsiú Do Ghairm le Gaeilge / Your Career with Irish ar fhás thábhacht na Gaeilge san ionad oibre. Ag seoladh an treoirleabhair dó, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4 Pádhraic Ó Ciardha: “Feictear in earnáil léirithiúcháin teilifíse na Gaeilge an réimse leathan poist atá ann do chéimithe le Gaeilge- ní hamháin mar láithreoirí agus mar scríbhneoirí scripte ach mar bhainisteoirí tograí, mar aistritheoirí, mar bhaill foirne ceamara, mar eagarthóirí agus mar dhearthóirí grafaice”.  Tá cóip leictreonach den treoirleabhar ar fáil ag www.gradireland.com/languages

27 Bealtaine 2009

Iarratais á nglacadh anois le haghaidh Scéim Chónaithe Dhartraí 2009-2010

Táthar ag glacadh anois le hiarratais ó mhic léinn a bheas ag teacht go Colaiste na Tríonóide mar mhic léinn chéad bhliana sa bhliain acadúil 2009-2010. Tá na lóistíní lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6. Tá 12 áit á dtairiscint. Téigh anseo le haghaidh gach eolas.

22 Aibreán 2009

Na Filí Albanacha ag teacht chun an Choláiste- 23 Aibreán

An Chuairt

Beidh Cuairt na bhFílí Albanacha á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ón 20-25 Aibreán i mbliana.  Rachaidh na filí Albanacha go Gaoth Dobhair agus Oileán Thóraí, agus críochnóidh an Chuairt i mBaile Átha Cliath, le dhá oíche mhóra de cheol agus d’fhilíocht. Tar éis do na cuairteoirí craic a bheith acu i dteannta Rí Oileán Thóraí Patsy Dan Mac Ruaidhrí agus muintir oileán Thóraí sa chlub sóisialta ar an gCéadaoin 22 rachaidh an grúpa ar aghaidh go Baile Átha Cliath don dara leath den chamchuairt. Is i gColáiste na Tríonóide a thosóidh an Fhéile i mBaile Átha Cliath sa séipéal gleoite ansiúd ar an Déardaoin 23 Aibreán.

Ag tabhairt cuairte orainn i mbliana as Albain beidh na filí Aonghas MacNeacail agus Daibhidh Màrtainn, agus ina dteannta beidh an t-amhránaí Sìneag Nic an t-Saoir agus an ceoltóir Colla MacDhòmhnaill.

Beidh na filí cáiliúla Celia de Fréine agus Aifric Mac Aodha i láthair chun bualadh leis na cuairteoirí agus chun cuid dá saothar féin a léamh dúinn.

Tá an ócáid i séipéal TCD á reachtáil ag an gComhdháil i gcomhar le hOifig na Gaeilge agus le caoinchead Choiste an tSéipéil. Tosóidh sé ag 7.30in ar an Déardaoin 23 Aibreán.

3 Aibreán 2009

Féile Ghaeilge Dhartraí 20-22 Aibreán

Beidh Féile Ghaeilge á rith ag na mic léinn atá rannpháirteach sa Scéim Chónaithe Ghaeilge i Halla na Tríonóide i nDartraí. Beidh an fhéile ar siúl i ndiaidh na Cásca idir an 20 agus an 22 Aibreán. I measc na himeachtaí, rithfear Ciorcal Comhrá, Tráth na gCeist agus Oíche Scannánaíochta. Beidh lán-fháilte roimh mhic léinn Halla na Tríonóide ag an bhféile. Bí ag faire amach do na postaeirí.

3 Aibreán 2009

Gradam iriseoireachta na mac léinn bainte amach ag Lisa Ní Shuairc

Comhghairdeas le Lisa Ni Shuairc, mac léinn atá i mbun chúrsa i Litríocht an Bhéarla agus sa nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, as gradam na hiriseoireachta Gaeilge a bhaint amach aréir. Bronnadh an gradam ar Lisa ag an searmanas i dTeach an Ard-Mhéara. Tá Lisa mar leas-reachtaire ag an gCumann Gaelach sa Choláiste agus tá sí ina heagarthóir Gaeilge ar an Student Record, nuachtán Aontas na Mac Léinn. Bíonn Lisa i mbun aisteoireachta le hAisteoirí Bulfin chomh maith.

Ghnóthaigh Trinity News gradam nuachtán na bliana, agus bronnadh gradam "Eagarthóir na Bliana" ar Martin McKenna, eagarthóir an nuachtáin, ag an searmanas céanna.

3 Aibreán 2009

Scéim Teanga á hullmhú ag Coláiste na Tríonóide

Tá fógra faighte ag Coláiste na Tríonóide ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta "Scéim Teanga" a ullmhú faoi réir an Achta Teanga. An aidhm atá le Scéim Teanga ná líon na seirbhísí a cuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge ag comhlacht poiblí a mhéadú thar tréimhse trí bhliana. Tá fáilte mór roimh aighneachtaí ón phobal maidir le dhréachtadh scéim an Choláiste. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

27 Márta 2009

Iarratais á nglacadh anois le haghaidh Scéim Chónaithe an Champais 2009-2010

Táthar ag glacadh anois le hiarratais ó mhic léinn dara-ceathrú bhliana ar áiteanna ar Scéim Chónaithe Gaeilge an Choláiste 2009-2010. Tá na lóistíní lonnaithe ar an gcampas. Tá 12 áit á dtairiscint. Téigh anseo le haghaidh gach eolas.

16 Feabhra 2009

"Foinse" ar díol ar lascaine i Siopa Aontas na Mac Léinn

Tá Foinse, nuachtán seachtainiúil na Gaeilge, ar díol ar lascaine anois i siopa Aontas na Mac Léinn ar Chearnóg Thosaigh an Cholaiste, ar phraghas 80c an chóip. Níl sé le fáil níos saoire in aon áit i lár na cathrach.

3 Feabhra 2009

Imeachtaí Éigse na Tríonóide fógartha

Éigse na Tríonóide

Beidh níos mo Gaeilge ná riamh le cloisteáil ar fud Cholaiste na Tríonóide idir an 26 agus an 30 Eanáir nuair a bheas “Éigse na Tríonóide”, féile bhliantúil Ghaeilge an Choláiste, ar siúl. Tá clár mealltach fógartha ag Cumann Gaelach an Choláiste- spórt, ceolchoirmeacha, turais, ceardlanna, ceol, amhranaíocht agus siamsaíocht. Beidh rud éigin do gach éinne san fhéile seo i gcroílár na hardchathrach.

Cuirfear tús spleodrach leis na himeachtaí Dé Luain leis “An Poc ar Buile”, nuair a bheidh mic léinn ag iarraidh gan titim den Phoc leictreonach! Tabharfar léargas ar Scéim Chónaithe an Choláiste -mionGhaeltacht Choláiste na Tríonóide, ina mbíonn grúpa mac léinn ina gcónaí in árasáin agus an Ghaeilge mar theanga chumarsáide acu. Seolfar an Éigse go foirmeálta oíche Dé Máirt le fáiltiú san Atrium.

Beidh Agallaimh don Fháinne ar siúl ar an gCéadaoin agus peil Ghaelach sa tráthnóna - cluiche idir baill an Chumainn Ghaelaigh agus an CLG.
Oíche Déardaoin, beidh díospóireacht ag an Phil faoin nGaeilge sa chóras oideachais (le aoichainteoirí speisialta) agus ag 9.00pm beidh Oíche Mhór na hÉigse sa Village, Sraid Camden: Céilí, Hounds of Cullen agus JP ar na decks (is b'fheidir an Conradh arís má tá fonn ar dhaoine).
Don chéad uair i mbliana, beidh an Cumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge sa Choláiste ag comhoibriú chun roinnt imeachtaí breise a reachtáil a thabharfas mic léinn agus baill foirne le chéile, agus iad ag céiliúradh ár gcultúir Ghaelaigh. 

Oifig an Choimisinéara Teanga le dhá sheisiún eolais a sholáthar ar an Máirt 27 Eanáir, ceann amháin don fhoireann ag meán lae, agus seisiún poiblí i Léachtlann Davis ag 2.00pm. Cuirfidh na seisiúin seo ar a súile don phobal na cearta atá acu mar shaoránaigh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus na dualgaisí atá ar chomhlachtaí poiblí.

Ar an gCéadaoin, beidh baill foirne agus mic léinn á dtabhairt le chéile chun sult a bhaint as “Béal Tuinne”, seó speisialta ceoil agus amhránaíochta bunaithe ar shaothar filíochta Chaoimhín Uí Chinnéide.

Agus sult á bhaint as na himeachtaí sóisialta, ní dhéanfar dearmad ar chúrsaí anama! Canfar Urnaí na Nóna i nGaeilge (Evensong) ag 5.15pm ar an  Déardaoin i Séipéal an Choláiste, agus beidh Aifreann Gaeilge ag am lóin Dé hAoine.

I ndiaidh an Aifrinn, beidh an Cumann ag eagrú Turas Treoraithe i nGaeilge timpeall an champais stairiúil.

Is léir mar sin go mbeidh brat na Gaeilge go mór le feiceáil ar champas an Choláiste le linn Éigse na Tríonóide. Beidh clár ama agus tuilleadh eolais ar imeachtaí na hÉigse ar fáil ar shuíomh an Chumainn ag www.cumann.ie agus ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag www.tcd.ie/gaeloifig.

BREIS EOLAIS:
Tá Cumann Gaelach Choláiste na Trionóide mar an Cumann Gaelach is bríomhaire sa tír, le 800 mac leinn cláraithe mar bhaill leis. Bunaiodh é sa bhliain 1906. Bíonn ciorcal comhrá agus oíche na mac léinn ar siúl gach Máirt, agus eagraíonn an Cumann imeachtaí sóisialta go rialta, mar aon le comórtas díospóireachta.

Bíonn ranganna agus imeachtaí á n-eagrú do bhaill foirne ag Oifig na Gaeilge sa Choláiste, agus bíonn an Oifig i mbun cúraimí an Achta Teanga agus riaradh na scéimeanna cónaithe, maille le tacaíocht a thabhairt don Chumann Gaelach.

TEAGMHÁIL

An Cumann Gaelach
Ainm:Tara Ní Dhuinn
Rphost:coiste@cumann.ie
Fón Póca: 086 8930748
www.cumann.ie

21 Eanáir 2009

Drámaí le JM Synge: "Glór na Gaeltachta" ar siúl 17-22 Samhain

JM Synge

Beidh "Glór na Gaeltachta", dhá dhráma leis an drámadóir cáiliúil Éireannach J.M Synge á chur i láthair gach lá an tseachtain seo Dé Luain - Dé Sathairn 17-22 Samhain.

Dhá dhráma atá i gceist: “Riders to the Sea” agus “In the Shadow of the Glen”, iad aistrithe go Gaeilge ag Tomás Ó Flaithearta. Tá na drámaí seo á léiriú ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide (www.cumann.ie).

Beidh siad ar siúl ag 6.00in in Amharclann Players sa Choláiste. Ticéid: €3.50  Eolas: 087 2051985

17 Samhain 2008

Bréagchúirt Uí Dhálaigh buaite ag foireann TCD

Niamh Cleary & Claire Hogan Foireann TCD agus an Breitheamh Mary Laffoy

Is iad Niamh Ní Chléirigh agus Clár Ní Ógáin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a thug craobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2008 leo sna Ceithre Chúirt Dé hAoine seo caite ( 7 Samhain ).  Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal atá ag déanamh staidéir ar an dlí a eagraíonn Gael Linn go bliantúil in onóir  Iar-Uachtaran agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Achomharc in aghaidh breith cúirte a bhíonn i gceist, agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré. Reáchtáladh réamhbhabhtaí In Óstaí an Rí maidin Dé hAoine ina raibh foirne páirteach ó  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; Óstaí an Rí agus Cumann Dlí na hÉireann.  Bhí ard-chaighdeán ag na foirne ar fad agus is léir go dtuigeann na hábhair abhcóidí  tábhacht na Gaeilge san earnáil dlí sa lá atá inniu ann!                                                                      

Bhí an chraobh ar siúl sna Ceithre Chúirt an tráthnóna céanna os comhair  An tOnórach Mary Laffoy, Breitheamh den Ardchúirt agus chuidigh Cormac Ó Dúlacháin A.S. agus Antóin Mac Giolla Choda A.S. leis an mholtóireacht.   Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn,  buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí agus seic ar €300 ar fhoireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a tháinig sa dara háit agus dúirt  “Tá líon níos mó daoine ná riamh in ann seirbhísí dlí a thairiscint as Gaeilge. Anois, agus stádas teanga oifigiúil ag an Ghaeilge san AE, tá deiseanna maithe fostaíochta ar fáil. Is áthas le Gael Linn a bheith in ann dlíodóirí óga a spreagadh trí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh a eagrú”

17 Samhain 2008

Gailearaí curtha leis an suíomh

Cuid den slua ag an Fáiltiú

Tá gailearaí grianghrafanna anois curtha lenár suíomh. Ann, tig leat pictiúir den Fáiltiú a bhí againn ar an 16 Deireadh Fómhair a fheiceáil. Sheol an Propast Oifig na Gaeilge agus chuir sé fáilte roimh na mic léinn atá ag glacadh páirt sna scéimeanna cónaithe i mbliana. Dhearbhaigh sé go raibh an Cholaiste tiomanta do chur chun cinn na teanga, agus céim mhór chun tosaigh a bhí i gceapachán Oifigeach Gaeilge lánaimseartha. Bhí slua maith i láthair, idir baill foirne agus mic léinn.

14 Samhain 2008

Fáiltiú san Atrium Déardaoin 16 Deireadh Fómhair

Atrium an Choláiste

Beidh Fáiltiú Gaeilge in Atrium an Choláiste tráthnóna Déardaoin 16 Deireadh Fómhair, ag a 6.00in, le fáilte a chur roimh na mic léinn a bheas páirteach sna scéimeanna cónaithe i mbliana.

Beidh gloine fíona agus sólaistí ar fáil.

Tá céad míle fáilte roimh phobal Gaeilge an Choláiste chuig an ócáid seo. Beidh an Propast, an tOllamh John Hegarty, i láthair.

26 MF 2008

 

An Seanadóir Ross ag fáiltiú roimh cheapachán

An Seanadóir Shane Ross

Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Shane Ross roimh cheapachán Oifigeach lánaimseartha Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Duirt an Seanadóir Ross go bhfuil sé tábhachtach, agus ciorrúcháin Riltais á fhógairt, nách mbeadh an t-oideachas thíos leis. Dúirt an tUas Ross go bhfuil traidisiún bródúil ag an gColáiste i gcur chun cinn na teanga- ag tagairt don Phropast William Bedell sa 17ú aois, don Dr Dúghlas de hÍde a bhí ina mhac léinn sa choláiste agus don scríbhneoir Máirtín O Cadhain, a bhí ina Ollamh le Gaeilge.  Tá ceapachán an Oifigh nua ag teacht le tiomantas an Choláiste don Ghaeilge, a dúirt sé. Mhol an Seanadóir an Cumann Gaelach agus an tsuim atá léirithe ag na fochéimithe sa teanga.

12 MF 2008


Nuashonraithe 21 1 2016 ag .