Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

PREAS RÁITEAS   ----- PRESS RELEASE
(See English version below)

Seoladh an Dara Scéim Teanga

    ( ó chlé) Liam Dowling, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, TCD; Sinéad MacBride, Aturnae an Choláiste, TCD: John Coman, Rúnaí an Choláiste, TCD; Donnchadh MacFhionnlaoich TD, Aire Stait Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Niamh Ní Chróinín, Reachtaire, An Cumann gaelach, TCD agus Aonghus Dwane, Oifigeach na Gaeilge, TCD; ag seoladh an Dara Scéim Teanga i gColaiste na Tríonóide ar an 27 Samhain 2013.

    Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide seolta go hoifigiúil ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD

    Sheol  an tAire Stait Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh MacFhionnlaoich TD, an Dara Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an 27 Samhain.

    Sa scéim seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne sa tréimhse trí bliana go lár mhí na Samhna 2016. Is é aidhm na ngealltanas atá leagtha síos agus le cur i ngníomh le linn na tréimhse trí bliana cur leis an bhforáil a bunaíodh sa Chéad Scéim Teanga (2010-2012) trí sheirbhísí sonraithe a thairiscint do bhaill phobal an Choláiste agus don phobal i gcoitinne. 
    Cuimsíonn gealltanais na scéime nua feabhas ar sheirbhísí sna réimsí seo a leanas: Seirbhísí Custaiméirí Díreacha; Seirbhísí Idirghníomhacha; Suíomhanna gréasáin; Cumarsáid agus na Meáin; Foirmeacha, foilseacháin agus ábhar clóite; Teicneolaíocht Faisnéise; Earcaíocht foirne, ionduchtú agus oiliúint i nGaeilge; Scéimeanna Cónaitheacha Gaeilge agus Seomra na Gaeilge. Tá gealltanais ann freisin maidir le forbairt Pholasaí Gaeilge agus tionscnamh Gradaim na Gaeilge.  
    Ag labhairt dó ag an ócáid, duirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go dtugann an scéim teanga seo  léargas an-soiléir ar thiomantas Choláiste na Trionóide maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ní hamháin do phobal na hOllscoile féín ach don phobal i gcoitinne. “Tá clú agus cáil ar an Choláiste seo agus ar a chuid scoláirí le blianta fada as feabhas a gcuid saíochta agus léinn i dtaca leis an Ghaeilge de agus  tá creidiúint mhór dá réir ag dul do Choláiste na Trionóide as an méid atá ar siúl aige chun an Ghaeilge a chaomhnú, a neartú agus a bhuanú,” a dúirt an tAire Stáit.
    D’fháiltigh Rúnaí an Choláiste, Seán Ó Comáin, roimh an Scéim trí bliana, ag rá: “Is cúis bróid do Choláiste na Trionóide go bhfuil an Coláiste ar cheann do na chéad ollscoil chun an dara Scéim a chur i gcrích. Is léir go bhfuil pobal bríomhar Ghaeilge sa Choláiste idir daltaí agus foireann agus go bhfuil an teanga ag dul ó neart go neart anseo.”
    Ag cuir leis seo, dúirt Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane: “Is cúis mór áthais duinn bheith in ann ár dara Scéim Teanga a sheoladh. Tá sí mar thoradh ar phróiseas comhoibrithe le pobal an Choláiste. Cinnteoidh an Scéim seo buanú agus neartú áit lárnach na teanga i saol an Choláiste sna blianta amach romhainn.”

    Eolas breise
    Mar ollscoil, tá nasc traidisiúnta fada ag Coláiste na Tríonóide leis an Ghaeilge. Bhí dlúthbhaint ag céad uachtarán na hÉireann, Dúghlás de hÍde, leis an Choláiste, mar a bhí ag an scríbhneoir agus acadóir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain. Tacóidh agus comhlánóidh an Scéim Teanga obair agus seirbhísí reatha an Oifigigh Gaeilge, obair Dhisciplín na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, mar aon le gníomhaíochtaí chumainn bhríomhar na mac léinn, An Cumann Gaelach.”

    Teagmháil
    Aonghus Dwane, Oifigeach na Gaeilge
    01 8963652    087 6232841       gaeloifig@tcd.ie    www.tcd.ie/gaeloifig
    27 Samhain 2013

     

    Trinity College’s Irish Language Scheme officially launched by Minister of State Dinny McGinley TD

    The Minister of State for Arts, Heritage and the Gaeltacht Dinny McGinley TD officially launched Trinity College Dublin's second Irish Language Scheme under the Official Languages Act  on November 27th last.

    This scheme sets out a range of areas in which Trinity College is committed to improving bilingual services to staff, students and the wider public in the three year period to mid November 2016.  The aim of the commitments set out for implementation in the three-year period is to build on the provision established in the First Language Scheme (2010-2012) by offering targeted services to members of the College community and the public.
    The service commitments in the new Scheme include improvements to bilingual services in the following areas: Direct Customer Services; Interactive services; Websites; Communications and Media; Forms, publications and printed material; Information Technology; Staff recruitment, induction and Irish language training; Irish Language Residency Schemes and Seomra na Gaeilge. There are also commitments to the development of an Irish Language Policy and the instituting of Irish Language Awards.
    Speaking at the event, the Minister of State said that this language scheme gives a clear indication of Trinity College’s commitment and determination to promote the Irish language, not only for the benefit of the university but also for the community at large. “Trinity College has long been renowned for the excellence of its Irish language learning and scholarship and the achievements of the college in protecting, nurturing and sustaining the language must be acknowledged,” the Minister of State said.
    The College Secretary John Coman welcomed the three-year scheme stating that: “Trinity College is proud to be among the first of the universities to launch a second scheme. It is clear that we have a vibrant Irish language community in College including students and staff and that the Irish language is going from strength to strength here.”
    The Irish language officer, Aonghus Dwane, added: “We are delighted to be in a position to launch our second Irish Language Scheme. This is the result of cooperation with a wide range of areas across the College community. This Scheme will ensure the embedding and strengthening of the central place of Irish in College life in the years ahead.”

    Further information
    As a university, Trinity College has a long tradition of association with the Irish language. Ireland’s first president and Irish scholar, Douglas Hyde as well as  the renowned academic and writer,  Máirtín Ó Cadhain,  were  linked to the College. The second Irish Language Scheme 2013-2016 will support the existing work and services of Trinity’s Irish language office, the Department of Irish and Celtic languages, as well as the activities of the vibrant student society An Cumann Gaelach.

    Teagmháil
    Aonghus Dwane, Irish Language Officer
    01 8963652    087 6232841       gaeloifig@tcd.ie    www.tcd.ie/gaeloifig
    27 November 2013

     


Nuashonraithe 21 1 2016 ag .