Seirbhísí
Cuireann Forbairt Foghlama na Mac Léinn (SLD) réimse seirbhísí ar fáil do gach mac léinn i gColáiste na Tríonóide chun cabhrú leo scileanna a fhorbairt atá ag teastáil le bheith ag staidéar go neamhspleách, chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí, agus barr a gcumais a bhaint amach le linn a gcuid ama ar an ollscoil.
Bíonn cabhair agus/nó comhairle ag teastáil ó mhic léinn go minic agus ag gach léibhéal, fiú iadsan a n-éiríonn thar cionn leo, chun barr a gcumais a bhaint amach. Is féidir le SLD an tacaíocht sin a chur ar fáil. Féach ar an gclár ar dheis le haghaidh léiriú iomlán ar na seirbhísí atá ar fáil.

Seirbhísí Aonair
Labhair le duine faoi do scríbhneoireacht acadúil, nó scil acadúil eile ar mhaith leat a fhorbairt

Ceardlanna & Seimineáir ar líne
Ceardlanna & seimineáir SAOR IN AISCE ar scríbhneoireacht acadúil, ullmhú do scrúduithe, scileanna staidéir, féinbhainistiú & bainistiú ama.

Lárionad don Scríbhneoireacht Acadúil
Cuireann SLD réimse seirbhísí scríbhneoireachta ar fáil d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe lena scríbhneoireacht acadúil a fhorbairt.

Acmhainní Foghlama ar líne
Tá an modúl 'Academic Skills for Successful Learning', ar fáil do phobal an Choláiste agus tá acmhainní aige d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe.

D'aistear mar mhac léinn
Tá aistear ar leith ag gach duine san ollscoil. Tá ábhar deartha againn le tacú leat san Ollscoil - mic léinn fochéime, iarchéime, ETIM, & idirnáisiúnta

Seirbhísí eile an Choláiste
Eolas faoi sheirbhísí úsáideacha eile an Choláiste.