Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



Comhdháil Uí Chadhain 2020

Máirtín Ó Cadhain nótaí

Fáilte


The Department of Irish and Celtic Studies, Trinity College, Dublin, are delighted to host a one-day online conference celebrating the life and work of the renowned author Máirtin Ó Cadhain. The conference will be run through the medium of Irish.

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar líne ag comóradh agus ag ceiliúradh beatha agus saothair an mhórscríbhneora Máirtín Ó Cadhain.

Eolas

Cathain? Dé hAoine 20 Samhain 2020

Cláraigh anseo:
https://www.eventbrite.com/e/comhdhail-ui-chadhain-2020-roinn-na-gaeilge-colaiste-na-trionoide-tickets-121708065099

Saor in aisce. Fáilte roimh chách!

Cainteoirí deimhnithe

Máirtín Ó Cadhain - An Géibhinn LS
  • Alan Titley
  • Máirín Nic Eoin & Mícheál Briody
  • Máire Ní Annracháin
  • Ian Ó Caoimh
  • Caitlín Nic Íomhair
  • Radvan Markus
  • Charlie Dillon & Colm Ó Cuaig

Imlíne ar chuid de na cainteanna a mbeidh deis agaibh iad a chloisteáil

Tuilleadh cainteoirí le fógairt go luath.

Teagmháil

Mairtín Ó Cadhain - Caitríona Pháidín
rphost nibhraoc@tcd.ie
fón +353 1 896 1450
Instagram: tcd_r_na_gaeilge
Twitter: @TCDRnaGaeilge

Beagán faoi Údar - Máirtín Ó Cadhain

Rugadh Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) ar an gCnocán Glas, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea é. Bhain sé cáilíocht bunmhúinteora amach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, sa bhliain 1926 agus bhronn Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, teastas san oideachas air an bhliain dár gcionn. De bhrí go raibh sé gníomhach san I.R.A. briseadh é as a phost mar príomhoide i scoil an Chairn Mhóir, Co. na Gaillimhe, sa bhliain 1936, agus ar ball gabhadh é agus cuireadh i ngéibheann é i gcampa an Churraigh, Co. Chill Dara (1940-44). Mhúin sé Gaeilge dá chomhghéibheannaigh sa champa, thug sé léachtaí ar an stair dóibh agus sholáthair sé irisleabhar dóibh; agus le linn an ama bhí sé gnóthach ag foghlaim na Rúisise, ag cur feabhais ar a chuid Fraincise, ag léamh litríocht chruthaitheach na hÉireann agus na hEorpa agus saothar criticis, agus ag scríobh saothar cruthaitheach.

I dtríochaidí an fichiú céad d'fhoilsigh sé ceithre bhailiúchán thábhachtacha béaloidis san irisleabhar Béaloideas 2 (1929-30), 384-93; 4 (1933), 62-88; 5 (1935), 219-72; 6 (1936), 97-103; leagan Gaeilge d'úrscéal Charles Kickham, Sally Kavanagh (1932); agus díolaim gearrscéalta dá dhéantús féin, Idir shúgradh agus dáiríre (1939). An staidéar a rinne sé le linn dó a bheith i ngéibheann, ba léir go raibh tionchar ar fónamh aige ar a shamhlaíocht, ar a intleacht agus ar a chumas cruthaíochta nuair a d'fhoilsigh sé an dara díolaim gearrscéalta dá chuid, An braon broghach (1948), an t-úrscéal cumasach, Cré na Cille (1949), agus an tríú díolaim gearrscéalta, Cois Caoláire (1953). Bhí sé á léiriú leis na scéalta sin go raibh mórán cineálacha ábhair agus teicníochta ar a chomhairle aige.

Nuair a saoradh ó ghéibheann é sa bhliain 1944, is de dhroim sclábhaíochta a bhí air a chuid a shaothrú go dtí go bhfuair sé post sóisearach státseirbhíse i Rannóg an Aistriúcháin de chuid Dáil Éireann. Ansin sa bhliain 1956, de bharr a chumais mar scríbhneoir cruthaitheach agus a mháistreachta ar an nGaeilge, ceapadh é in léachtóir i Scoil na Gaeilge. Nuair a chuaigh David Greene ar scor ó Ollúnacht na Gaeilge sa bhliain 1967, chuir sé isteach ar an bpost, ach níor glacadh lena iarratas agus ina áit sin ceapadh ina Chomh-Ollamh agus ina Cheann Roinne é. An bhliain chéanna sin ceapadh é ina Ollamh Cuairte i Roinn na Ceiltise in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Sa bhliain 1969 tugadh Ollúnacht na Gaeilge dó agus toghadh ina chomhalta é sa bhliain 1970, bliain a bháis.

Máirtín Ó Cadhain - Cré na Cille

Idir dhá linn bhí sé tar éis úrscéal eile a scríobh i dtús na gcaogaidí, ach, bíodh is gur bronnadh duais Oireachtas na Gaeilge air dá bharr sin sa bhliain 1951, dhiúltaigh sé é a fhoilsiú. Foilsíodh é sa bhliain 1995 faoin teideal Athnuachan (eag. Breandán Ó Doibhlin). Scríobh sé colún rialta don Irish Times ó 1953 go dtí 1956. Ansin i dtús na seascaidí scríobh sé saothar fada aoire agus magaidh inar bhain sé feidhm as raidhse idirthéacsúlachta chun fráma tagartha i litríocht na hEorpa agus na Gaeilge a chruthú agus inar phléigh sé foráis sna heolaíochtaí bitheolaíochta agus fadhbanna ama agus staire. Barbed Wire a thug sé ar an saothar sin nár foilsíodh go dtí 2002 (eag. Cathal Ó Háinle).

Bhí Ó Cadhain suite de nár mhór saol na bpobal bocht, go háirithe a phobal féin sa Ghaeltacht, a fheabhsú agus tréaniarracht a dhéanamh leis an nGaeilge a thabhairt slán ón mbaol báis a bhí ag bagairt uirthi. Bhí páirt cheannasach aige san fheachtas 'Muinntear na Gaedhealtachta' a cuireadh ar bun i 1934, le staid eacnamaíoch phobal na Gaeltachta a fheabhsú, san eagraíocht 'Misneach' a cuireadh ar bun i 1963 chun brú a chur ar an rialtas a bheith dáiríre faoina fhreagracht i leith náisiún na hÉireann, agus i bhfeachtas polaitiúil 'Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta' i ndeireadh na seascaidí. Léirigh sé a dhearcadh i sraith de phaimfléid, Irish above politics (1964), Mr Hill: Mr Tara (1964), An aisling (1966) agus Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae (1970). Sa leabhrán tábhachtach, 'Páipéir bhána agus páipéir bhreaca' (1969), arb é atá ann tiomna scríbhneora, sholáthair sé measúnú beoga ar a shaothar agus ar a shaol féin.

Sa bhliain 1967 foilsíodh an ceathrú díolaim gearrscéalta dá chuid, An tSraith ar Lár, inar léiríodh an tóir leanúnach a bhí aige ar mhodhanna nua cumadóireachta agus inar nocht sé tuiscintí úra faoin nádúr daonna. Bhronn an Irish-American Cultural Institute duais na mBuitléarach air as ucht an leabhair sin. I 1970 d'fhoilsigh sé an cúigiú díolaim gearrscéalta, An tSraith Dhá Tógáil, ina bhfuil roinnt scéalta diolba ina ndéantar cur síos cumhachtach corraitheach ar an gcoimhthiú uirbeach agus ar theip na cumarsáide pearsanta. Is i ndiaidh a bháis a foilsíodh an díolaim deiridh dá chuid, An tSraith Tógtha (1977). Foilsíodh trí dhíolaim d'aistí a d'fhoilsigh sé sna hirisí Feasta agus Comhar agus sa nuachtán The Irish Times, mar atá, Ó Cadhain i bhFeasta (1990, eag. Seán Ó Laighin), Caithfear éisteacht (1999, eag. Liam Prút) agus Caiscín (1998, eag. Aindrias Ó Cathasaigh).

Na Cainteoirí

Na cainteoirí agus a gcuid ábhar cainte

Mícheál Briody :: Páipéir neamhfhoilsithe Mháirtín Uí Chadhain: a raon agus a dtábhacht

Sa chaint seo beidh mé ag trácht ar raon agus ar thábhacht pháipéir neamhfhoilsithe Máirtín Uí Chadhain; ag díriú go háirithe ar na páipéir phearsanta dá chuid atá ar fáil i gColáiste na Tríonóide, ach chomh maith ag tabhairt sracfhéachaint ar ábhar neamhfhoilsithe eile leis i leabharlanna agus cartlanna éagsúla.

Máirín Nic Eoin :: Cumadóireacht Uí Chadhain: tionscnamh cartlainne agus foilsitheoireachta

Tabharfar cuntas sa pháipéar seo ar an obair chartlainne agus eagarthóireachta a bhain leis an leabhar Cumadóireacht Uí Chadhain (2020), ina bhfoilsítear leagan anótáilte de thrí théacs le Máirtín Ó Cadhain atá caomhnaithe i gCartlann Choláiste na Tríonóide: 'Ábhar aiste réidhscríofa faoi chumadóireacht'; 'Gur i gcathracha amháin is féidir litríocht a chumadh'; agus 'Cumadóireacht'. Pléifear tábhacht na dtéacsanna áirithe seo, an gaol idir iad agus scríbhinní eile de chuid an Chadhnaigh, agus an modh eagarthóireachta a cleachtaíodh agus iad á n-ullmhú don chló.

Dr Colm Ó Cuaig & Dr Charles Dillon (Acadamh Ríoga na hÉireann) :: Máirtín Ó Cadhain: Foclóirí

D'fhág Máirtín Ó Cadhain saothar toirtiúil foclóireachta ina dhiaidh ina bhfuil breis agus milliún focal de shamplaí úsáide a bhaineann le focail agus natháin chainte óna dhúiche féin. Is ábhar é a léiríonn spéis Uí Chadhain sa chaint a bhí sa phobal thart timpeall air, agus a thuiscint ar cheird na foclóireachta agus na canúineolaíochta. Díreofar aird sa pháipéar seo ar ghnéithe spéisiúla de chomhdhéanamh an fhoclóra seo ina bhfuil léargas luachmhar ar an tobar cruthaitheachta a bhí ag Máirtín Ó Cadhain.

Radvan Markus :: Cré na Cille mar úrscéal ciclipéideach

Seachas scéal Chaitríona Pháidín agus an Mháistir Mhóir, pléitear an iliomad ábhar in Cré na Cille, ó shaol na tuaithe go comórtais peile, cúrsaí an chogaidh agus an Léann Ceilteach, fiú. Cuireann an éagsúlacht seo mearbhall ar léitheoirí go minic. Féachann an páipéar seo chuig an éagsúlacht a mhíniú trí choincheap na hinsinte ciclipéidí de chuid Edward Mendelson. Ina thuairimse, is insintí ciclipéideacha cuid de mhórshaothair an domhain, An Choiméide Dhiaga, Don Quijote, Gargantua agus Pantagruel, Moby Dick agus Ulysses ina measc. Formhór de na tréithe a luann Mendelson ina shainmhíniú, is féidir iad a aithint in Cré na Cille chomh maith. Scríobh Máirtín Ó Cadhain an t-úrscéal mar chiclipéid, ag cnuasach ábhar atá scaipthe ar fud a shaothar, idir chruthaitheach agus dhioscúrsach, fhoilsithe agus neamhfhoilsithe. Tá trí chiorcal ag an gciclipéid sin, ciorcal lárnach an "chomhthionóil fhuinniúil fhuinte", ciorcal na hÉireann, agus ciorcal an domhain. Tá téamaí ar leith ag nascadh na gciorcal sin mar "spócaí": téama an ghrá, téama na n-aicmí sóisialta agus téama na coimhlinte.

Máire Ní Annracháin :: An tOlc Bunaidh: Titim an Duine

Tá rian na Críostaíochta le sonrú ar scéalta an Chadhnaigh, sa teanga, san ábhar, sna teidil agus i struchtúr na bplotaí. Bíodh a tionchar follasach nó faoi cheilt, tá sé domhain agus forleathan. Scrúdóidh an páipéar seo 'An Seanfhear' mar shampla de scéal a thugann athinsint ar thitim an duine agus ar aisfhreagairt na Críostaíochta tríd an mbaisteadh.

Caitlín Nic Íomhair :: Slánú, athdhéanamh agus Sisifeas i luathscéalta Uí Chadhain.

Pléifidh an páipéar seo le samplaí den athdhéanamh mar mhóitíf choitianta i luathscéalta Uí Chadhain. Is í an cheist a bheas á cíoradh ná: an bhfuil slánú le fáil sa ghníomh a dhéantar arís is arís eile i ndomhan Uí Chadhain, nó an áiféis an t-aon toradh ar an rud a dhéantar de shíor?

Ian Ó Caoimh :: Athnuachan: Caitheamh Aimsire ar Thórramh

Thart ar an mbliain 1951 a scríobh Máirtín Ó Cadhain an t-úrscéal Athnuachan, nár foilsíodh go dtí 1995. Bíodh is nach mór an leabhar a mheas mar shaothar neamhspleách chomh fada agus is féidir, ní miste freisin é a léamh de réir an chomhthéacs as a n-eascraíonn sé: an chuid eile de scríbhneoireacht Uí Chadhain go foriomlán, agus Cré na Cille go háirithe. Féachfar sa pháipéar seo ar Athnuachan mar leathbhádóir (nó mar scáthán) Cré na Cille chomh fada is a bhaineann leis an láimhseáil a dhéantar sa dá leabhar ar théamaí an bháis agus na beatha, chomh maith le tón ghlór na reacaireachta agus nósmhaireachtaí struchtúraithe an údair.

Alan Titley :: The Dregs of the Day agus scéalta eile: an dúshlán aistriúcháin

D'fhoilsigh Yale University Press an t-aistriúchán a déanadh ar 'Fuíoll Fuine' anuraidh mar The Dregs of the Day. Níorbh ionann tabhairt faoi Béarla a chur air agus na deacrachtaí a bhain le Cré na Cille. Fairis sin, dhein an léachtóir aistriúcháin ar scéalta eile as An tSraith Tógtha agus ar 'Fios' as Cois Caoláire. Déanfar plé ar na dúshláin éagsúla a bhain le haistriúchán a dhéanamh ar na saothair seo.