Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



You are here An Ghaeilge sa Coláiste > News and Events > Conferences

Conference: An Lon Dubh - The Blackbird :: 15 May 2026

FáilteLon dubh - blackbird

The Department of Irish and Celtic Studies, Trinity College, Dublin, are delighted to host a conference on the 15th May 2026, on campus at the Long Room Hub. The theme for this year is

An Lon Dubh :: The Blackbird - A celebration of the blackbird in literature, nature, music and culture.

Proceedings and events will be through English and Irish.

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar champas i Mol an tSeomra Fhada ar an 15ú Bealtaine 2026. An téama atá ag an gComhdháil i mbliana:

An Lon Dubh - Ceiliúradh ar an lon sa litríocht, sa nádúr, sa cheol agus sa chultúr

As Gaeilge agus as Béarla a bheidh na himeachtaí.

Information

When? Friday 15 May 2026

Where? Trinity Long Room Hub, TCD.

Register here: Cláraigh Anseo

Tickets: This event is free, but please register so we have an idea of numbers for catering. All Welcome!

 

Schedule of EventsBlackbird and hen

9.30 Registration

9.50 Opening: An tOll. Máire Ní Mhaonaigh

10am – 11am Session 1

Chair: Olly Dorgan-Hughes
Timothy McCarthy: An ecological overview of the Eurasian blackbird
Christina Cleary: Luin oc elaib: feathered figures in medieval Irish literature

11.00am Tea and Coffee

11.30am - 1pm Session 2

Chair: Cillian Ó Diomasaigh
Emma Nic Cárthaigh: Snám int ṡúad agus guth ind luin i ndá liric Shean-Ghaeilge
Barry Lewis: An lon dubh i litríocht luath na Breatnaise
Eoin Mac Cárthaigh: An lon sa dán díreach

1pm - 2.30pm Lunch (lunch will be provided)

2.30pm - 3.30pm Session 3 N Caoimhin agus lon dubh

Chair: Deirdre Nic Chárthaigh
Síle Ní Mhurchú: An lon dubh san Fhiannaíocht
Nicholas Carolan: An lon dubh i gceol traidisiúnta na hÉireann

3.30pm Tea and Coffee

4pm - 5pm Session 4

Chair: Peter Weakliam
Ailbhe Nic Giolla Chomhaill: An lon sa bhéaloideas
Pádraig de Paor: An lon agus an nualitríocht

5pm Close

 

The programme for the day is available in PDF format here.

Speakers

Click below for summaries and biographies of speakers

Timothy McCarthy

Teideal An ecological overview of the Eurasian blackbird (Turdus merula)
Achoimre: The Eurasian blackbird (Turdus merula) is the most common and widespread member of the Thrush family in Ireland, and a familiar site to people all over the country. This talk will give a broad ecological overview of the species, briefly discussing taxonomy, morphology and behaviour. I will also discuss recent changes in population dynamics occurring as the blackbird responds to ever increasing levels of human urbanization, the benefits that this can offer the species, as well as the threats that it now faces due to it.
Beathaisnéis: Timothy McCarthy is a consultant ecologist working with Southern Scientific Services ltd., who specialises in Ornithology and Mammalian Ecology.

Christina Cleary

Teideal Luin oc elaib: feathered figures in medieval Irish literature
Achoimre: Birds are interwoven into the fabric of Irish literature and onomastics from the earliest documented period of the Irish language. The most common among them, i.e. the raven, scald-crow, swan, and, to a lesser degree, the blackbird, are all used to great effect to symbolise distinctive human emotions and characteristics. In this talk, I will give a brief overview of the depiction of birds in Early Irish lexicography, saga literature, and place-lore to demonstrate the metatextual information that a particular type of bird carries in a story, and what its presence meant to a medieval Irish audience. In doing so, I will compare depictions of the vigorous carrion bird with those of the melodious, solitary blackbird.
Beathaisnéis: Christina is an Assistant Professor of Early Irish at TCD. She received her PhD from TCD under the tutelage of Dr Jürgen Uhlich. She has held an O'Donovan Scholarship at DIAS and subsequently worked on the electronic Dictionary of the Irish Language, eDIL, at Queen's University Belfast. Her ongoing projects include a diplomatic edition of Egerton 1782, and editions of the commentary to the Amrae Coluimb Chille. At present, she is preparing her Palaeography Primer for publication.

Emma Nic Cárthaigh

Teideal Snám int ṡúad agus guth ind luin i ndá liric Shean-Ghaeilge
Achoimre: Sa chaint seo, déanfar iniúchadh ar na slite éagsúla inar bhain beirt fhilí Sean-/Meán-Ghaeilge feidhm as struchtúir, teorannacha agus ornáidíocht na meadarachta chun guth an loin duibh a léiriú. I gcás dán amháin, díreofar ar thomhas na siollaí agus rithim na línte chun iarracht a dhéanamh rúndiamhair na meadarachta a nochtadh. I gcás an tarna dána, díreofar ar an éifeacht a bhaineann an file as coibheas agus uaim chun béim a leagadh ar an gcodarsnacht idir saol an mhanaigh agus saol an loin. Is iad na liricí a phléifear ná Int én bec agus Ach, a luin is buide duit.
Beathaisnéis: Is ball í Emma Nic Cárthaigh de Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Déanann sí taighde ar na hábhair seo a leanas: liricí na Sean-Ghaeilge; filíocht na scol; aistriúcháin Nua-Ghaeilge ar Choiméide Dhiaga Dainté; logainmníocht agus téacsaí eascaiteolaíochta na Gaeilge.

Barry Lewis

Teideal An lon dubh i litríocht luath na Breatnaise
Achoimre: Cé nach luann údair na Breataine Bige an lon dubh chomh minic is a dhéanann a gcomhghleacaithe ar an taobh seo den fharraige, tá tagairtí dó sa bhfilíocht agus sa bprós ó thús an traidisiúin ar aghaidh. Sa léacht seo tugtar cuntas ar an éan i bhfoinsí mar atá an fhilíocht eagna, scéal Culhwch ac Olwen, dánta grá agus grinn Dafydd ap Gwilym, agus an cywydd llatai – dán ina samhlaítear go seoltar ainmhí fiáin mar theachtaire – a chum an file Wiliam Llŷn ag seoladh an loin dhuibh chuig a phátrún i ndeisceart na tíre.
Beathaisnéis: Ollamh leis an léann Ceilteach is ea Barry Lewis, a tháinig ón mBreatain Bheag go dtí an Institiúid Ard-Léinn in 2014. Litríocht Mheánaoiseach na Breatnaise a phríomhréimse staidéir. Údar Medieval Welsh Poems to Saints and Shrines agus Bonedd y Saint, eagrán de ghinealaigh naoimh na Breataine Bige.

Eoin Mac Cárthaigh

Teideal An lon sa dán díreach
Achoimre: Is iomaí sin tagairt don lon sa dán díreach, filíocht shiollach ardréime na tréimhse ó thart ar 1200 go thart ar 1650. Go hiondúil, ní ar an éan féin a bhíonn an file ag díriú ach ar ábhar éigin eile is féidir a mhíniú trí chomparáid a dhéanamh leis an lon, ó dhuibhe go binneas go briseadh croí.
Beathaisnéis: Léachtóir le Gaeilge agus Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide.

Síle Ní Mhurchú

Teideal An lon dubh san Fhiannaíocht
Achoimre: Pléifear an léiriú a fhaightear ar an lon dubh san Fhiannaíocht. Díreofar go háirithe ar thraidisiún téacsúil na laoi dar tús Binn sin, a luin Doire an Chairn
Beathaisnéis: s léachtóir sinsearach í Síle Ní Mhurchú i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is iad na Laoithe Fiannaíochta agus na Dánta Grá na príomhspéiseanna taighde atá aici.

Nicholas Carolan

Teideal An lon dubh i gceol traidisiúnta na hÉireann
Achoimre: An lon dubh sa cheol ionstraime, sean is nua, agus an lon dubh in amhráin i nGaeilge agus i mBéarla, gnáth-amhráin na ndaoine agus na hamhráin pholaitíochta san áireamh.
Beathaisnéis: Nicholas Carolan: cartlannaí, scríbhneoir, craoltóir, Stiúrthóir Emeritus ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann, a raibh sé ina bhunaitheoir-stiúrthóir uirthi 1987–2015.

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

Teideal An lon sa bhéaloideas
Achoimre: Sa chaint seo, déanfar plé ar chuid de na nósanna, tuiscintí agus creidimh a bhaineann leis an lon dubh i mbéaloideas na hÉireann. Fiosrófar, mar shampla, an ceangal a samhlaíodh idir an lon dubh geal agus bás teaghlaigh, go háirithe dá dtiocfadh an lon chomh fada leis an tairseach nó isteach sa teach. Déanfar iniúchadh, chomh maith, ar scéalta béaloidis ina bhfuil ról ag an lon mar chuiditheoir draíochtach nó mar phearsa thábhachtach eile i bplota an scéil.
Beathaisnéis: Is léachtóir í Ailbhe Nic Giolla Chomhaill i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Bhain sí dochtúireacht sa Nua-Ghaeilge amach ón ollscoil chéanna sa bhliain 2018. Tá roinnt alt curtha i gcló ag Ailbhe go dtí seo ar ghnéithe éagsúla de bhéaloideas na hÉireann, agus d'fhoilsigh Leabhar Breac a leabhar An Chaora Ghlas agus Scéalta Eile as Seanadh Farracháin sa bhliain 2016.

Pádraig de Paor

Teideal An lon agus an nualitríocht
Achoimre: Is fada siombalachas éigin á shamhlú ag filí agus ag scríbhneoirí le héanacha éagsúla an aeir. Ach sa nualitríocht, cén áit atá ag an éanlaith? Agus cad é an chiall a thugtar dóibh? Go sonrach, cad is brí leis an lon dubh i gcomhthéacs na nualitríochta? Féachfaidh an chaint seo leis an cheist sin a phlé.
Beathaisnéis: Is léachtóir é Pádraig de Paor i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath.

We are grateful to the Faculty of Arts, Humanities and Social Sciences for their support.

Contact

email nibhraoc@tcd.ie
phone +353 1 896 1450
Instagram: tcd_r_na_gaeilge
Twitter: @TCDRnaGaeilge