About Us
 The Department of Irish in Trinity College is a small but strong department, with a long history behind it - the Chair of Irish was founded in 1840 and it has been home to excellent scholarship ever since.

In this department, students can take Early or Modern Irish together as a Single Honors degree, or they can study Modern Irish separately as part of a Joint Honors degree. We offer interdisciplinary courses as well. Graduates can undertake research or taught postgraduate courses here, and we provide modules for visiting students.
Between these courses, we have around 200 students in the Irish Department - large enough for a fun-filled student life, but small enough that students and staff can get to know each other personally. Our students benefit from a lot of a support from staff, and a high standard of teaching.
The Irish Department is in Trinity's main campus, in rooms 4055-4062 in the Arts Building. Queries and visitors are welcome in the departmental office, in room 4055. Dr Eoin Mac Cárthaigh is the Head of Department.
Beagán de Stair na Roinne agus léachtóirí ó 1838 i leith
STAIR  SCOIL NA GAEILGE: NA BAILL TEAGAISC
  (Cathal  Ó Háinle a scríobh)
 Is  sa bhliain 1838 a cuireadh Ollúnacht Ghaeilge ar bun i gColáiste na Tríonóide  den chéad uair. I dtreo dheireadh na bliana 1839 ceapadh Tomás de Vere Coneys  mar chéad Ollamh agus thosaigh seisean ag tabhairt léachtaí in earrach na  bliana 1840. Ní aidhm acadúil a bhí i gceist leis an tionscnamh sin, áfach.  ‘The Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the  Medium of their Own Language’ a spreag an tionscnamh chun go gcuirfí ar a  gcumas do mhic léinn a bhí ina n-ábhair ministir a bheith in ann an Bíobla Gaeilge  a léamh agus seanmóirí a thabhairt trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin daoine  arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais a mhealladh le hiompú ina bProtastúnaigh  agus freastal ar a gcuid riachtanas spioradálta. Ar an ábhar sin, is i Scoil na  Diagachta a bhí an Ollúnacht sin anuas go dtí an bhliain 1918 agus ministir  protastúnach ab ea gach Ollamh a ceapadh ó 1840 i leith: Coneys, Domhnall Ó Foghludha,  Tadhg Ó Mathghamhna, Séamas Goodman agus Séamas E.H. Ó Murchadha.

 Sa  bhliain 1871 ceapadh Robert Atkinson (1839-1908) ina Ollamh le Sanscrait agus le Focleolaíocht Chomparáideach agus  thugadh sé léachtaí ar an bhFocleolaíocht Cheilteach. Ón mbliain 1884 ar  aghaidh bhí sé ina Ollamh Todd le Teangacha Ceilteacha de chuid Acadamh Ríoga  na hÉireann freisin agus i gcomhlíonadh dhualgais an phoist sin d’fhoilsigh sé The Passions and homilies from Leabhar Breac (1887) chomh maith le heagrán de Trí biorghaoithe  an bháis le Séathrún Céitinn (1890). D’fhoilsigh sé freisin an saothar  ollmhór Glossary to the ancient laws of  Irland (1901). Ba é an chéad eagarthóir é ar an tionscnamh le Dictionary of the Irish language (a  dtugtar Foclóir Acadamh Ríoga na hÉireann air freisin) a fhoilsiú.  (1)

 Cuireadh  léachtóireacht le Teangacha Ceilteacha ar bun sa bhliain 1907 agus ceapadh Edward J. Gwynn (1868-1941) sa phost  sin. Scoláire bisiúil ab ea é a d’fhoilsigh clár na lámhscríbhinní Gaeilge i  leabharlann an Choláiste (1921), eagráin de théacsanna tábhachtacha  luath-Ghaeilge, leithéidí an Metrical dindsenchas (1900-06) agus The monastery of  Tallaght (1911) agus mórán aistí san irisleabhar Ériu. Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann dochtúireacht oinigh  air sa bhliain 1926.  (2)

Ceapadh Gwynn ina Phropast sa bhliain 1927 agus an bhliain dár gcionn ceapadh Eleanor Knott (1886-1975) i gcomharbacht air mar Léachtóir le Teangacha Ceilteacha ar chonradh bliana. Ceapadh í bliain i ndiaidh na bliana go dtí gur cruthaíodh cathaoir phearsanta sa Luath-Ghaeilge di sa bhliain 1939. Chuaigh sí ar scor sa bhliain 1955.
 Níor fhreastail Eleanor mar iníon  léinn ar aon ollscoil ná níor sheas sí aon scrúdú riamh, ach fuair sí oiliúint ó  1907 ar aghaidh i léann na Gaeilge i Scoil an Léinn Ghaelaigh, a bhunaigh  Dúghlas de Híde agus Kuno Meyer sa bhliain 1903. Trí bliana ina dhiaidh sin  d’fhoilsigh sí a céad saothar léinn arb éard atá ann eagrán de dhán fada (58  rann dáin dhírigh, Ériu 4 (1910),  209-32). An bhliain chéanna sin (1910) chuaigh sí in éadan na hoibre arb é an  toradh a bhí uirthi an dá imleabhar dá sárshaothar ceannródaíoch ar fhilíocht  na scol, The bardic poems of Tadhg Dall Ó  hUiginn (1922 agus 1926). Dhá bhliain ina dhiaidh sin chuir sí leabhar  tábhachtach eile ar fáil, mar atá, Irish syllabic  poetry ina bhfuil tráchtaireacht ar phrosóid na filíochta siollaí mar aon  le dhá shampla fichead den chineál sin filíochta, agus foilsíodh a heagrán de Togail bruidne Da Derga sa bhliain 1936.  Bhí sí ar dhuine de na heagarthóirí ar ocht n-imleabhair d’Ériu (1938-1966) agus d’fhoilsigh sí mórán aistí san irisleabhar  sin, ina measc a heagrán de Riaghail S.  Clára (Ériu 15 (1948), 1-187,  agus forlíonadh 3-110). Gné an-mhór dá saothar saoil ab ea an obair leanúnach a  rinne sí ar an Dictionary of the Irish language (Acadamh Ríoga na hÉireann 1913-76): bhí sí ina cúntóir ag Carl Marstrander  ar faoina stiúir a foilsíodh an chéad fhascúl sa bhliain 1913; tá a hainm mar  ‘editor/ arranger’ in éineacht le hainm Maud Joynt ar cheithre fhascúl agus in  éineacht le hainm Teresa Condon ar cheann amháin eile; agus tá dhá cheann eile  fós bunaithe ar obair páirte a rinne sí. Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann  céim oinigh D.Litt. uirthi sa bhliain 1938; ar feadh deich mbliana i ndaichidí  an fichiú céad bhí sí ina ball de Bhord Rialúcháin Scoil an Léinn Cheiltigh de  chuid Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath; agus nuair a thosaigh Acadamh Ríoga  na hÉireann ag glacadh le mná mar bhaill sa bhliain 1949 bhí sí ar dhuine den  chéad cheathrar ban a toghadh. (3)

Nuair  a cuireadh deireadh leis an nasc idir Scoil na Diagachta agus Ollúnacht na  Gaeilge ceapadh Tomás Ó Rathile / Thomas F. O’Rahilly (1882-1953) san  Ollúnacht sa bhliain 1919. Státseirbhíseach ab ea é roimhe sin, ach bhí  staidéar á dhéanamh aige ar chanúintí na Gaeilge agus ar an litríocht i  lámhscríbhinní na Gaeilge le linn an ama. Sa bhliain 1904 chláraigh sé mar mhac  léinn i Scoil an Léinn Ghaelaigh, áit a bhfuair sé teagasc sa tSean-Ghaeilge  agus sa Bhreatnais.  D’fhoilsigh sé aistí faoina ainm féin in Irisleabhar na Gaedhilge sa bhliain 1908  agus ansin sa bhliain 1912 bhunaigh sé iris nua, Gadelica: a journal of Modern-Irish  studies, chun gurbh fhéidir taighde ar theanga agus ar litríocht na  Nua-Ghaeilge a fhoilsiú. É féin a scríobh cuid mhaith mhór de na haistí sa  chéad imleabhar den iris, agus níor foilsíodh aon imleabhar eile. I bhfad na  haimsire ceapadh é ina eagarthóir ar an dá chuid den chéad imleabhar de Celtica (1946, 1950), irisleabhar Scoil  an Léinn Cheiltigh de chuid Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath, agus arís  é féin a scríobh cuid mhór dá bhfuil sa dara cuid den imleabhar sin. Bhí sé ar  dhuine d’eagarthóirí shraith d’Ériu i  ndaichidí an fichiú céad agus d’fhoilsigh sé mórán aistí san irisleabhar sin.
 D’fhoilsigh sé aistí faoina ainm féin in Irisleabhar na Gaedhilge sa bhliain 1908  agus ansin sa bhliain 1912 bhunaigh sé iris nua, Gadelica: a journal of Modern-Irish  studies, chun gurbh fhéidir taighde ar theanga agus ar litríocht na  Nua-Ghaeilge a fhoilsiú. É féin a scríobh cuid mhaith mhór de na haistí sa  chéad imleabhar den iris, agus níor foilsíodh aon imleabhar eile. I bhfad na  haimsire ceapadh é ina eagarthóir ar an dá chuid den chéad imleabhar de Celtica (1946, 1950), irisleabhar Scoil  an Léinn Cheiltigh de chuid Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath, agus arís  é féin a scríobh cuid mhór dá bhfuil sa dara cuid den imleabhar sin. Bhí sé ar  dhuine d’eagarthóirí shraith d’Ériu i  ndaichidí an fichiú céad agus d’fhoilsigh sé mórán aistí san irisleabhar sin.
 Cúpla bliain sular ceapadh é mar  Ollamh na Gaeilge d’fhoilsigh sé Dánta grádha (1916) agus lean sé air le linn na tréimhse a raibh sé sa phost sin ag foilsiú  leabhar inar chuir sé samplaí d’fhilíocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí agus de  sheanfhocail na Gaeilge ar fáil: Dánfhocail (1921), A miscellany of Irish proverbs (1922), Burdúin bheaga (1925), Dánta grádha (2ú heag., 1926), Measgra dánta (dhá imleabhar, 1927).  D’éirigh sé as an Ollúnacht sa bhliain 1929 agus ceapadh é ina Ollamh Taighde i  gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (1929-35) agus i gColáiste na hOllscoile,  Baile Átha Cliath (1935-40). Nuair a cuireadh Scoil an Léinn Cheiltigh de chuid  Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath ar bun sa bhliain 1940 ceapadh é ina  Ollamh Sinsearach ansin agus ba é Stiúrthóir na Scoile sin é ó 1941 go dtí 1947.  Bhí ollúnacht oinigh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide aige in 1952-3. Bhronn  Ollscoil Bhaile Átha Cliath céim oinigh Litt.D. air agus bhronn Ollscoil Náisiúnta  na hÉireann céim oinigh D.Litt.Celt. air.
  Bhí  sé ina mháistir ar chanúintí na Gaeilge beo agus sa bhliain 1932 d’fhoilsigh sé Irish dialects past and present inar  thrácht sé ar shaintréithe na gcanúintí éagsúla agus inar ríomh sé a stair.Sa bhliain 1941 d’fhoilsigh sé eagrán  den saothar Sgáthán an chrábhaidh (nó Desiderius, 1616) le Flaithrí Ó  Maolchonaire (c. 1560-1629).
  De  réir a chéile thug sé droim láimhe leis an Nua-Ghaeilge agus thosaigh ag  déanamh taighde ar luathstair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann. Bhí mar  thoradh air sin gur fhoilsigh sé an dá leabhrán The Goidels and their predecessors (1936) agus The two Patricks (1942) agus an saothar mór Early Irish history and mythology (1946). Ainneoin gur caitheadh  amhras ar ghnéithe den saothar seo dá chuid, aithnítear i gcónaí gur scoláire  cumasach ab ea é a raibh mórfhairsinge sna réimsí de léann na Gaeilge a  shaothraigh sé. (4)
 Ceapadh Seán Nelson Beaumont (1893-1959) mar  chúntóir don Ollamh Ó Rathile sa bhliain acadúil 1927-8, agus sa bhliain 1944  ceapadh é ina Léachtóir le Gaeilge, post a bhí aige go dtí bliain a bháis.
 Ceapadh Seán Nelson Beaumont (1893-1959) mar  chúntóir don Ollamh Ó Rathile sa bhliain acadúil 1927-8, agus sa bhliain 1944  ceapadh é ina Léachtóir le Gaeilge, post a bhí aige go dtí bliain a bháis.
  Ghnóthaigh sé céim le honóracha den  chéad ghrád sa Léann Ceilteach i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1915, agus  bhí sé ina chisteoir ag Cumann Gaelach an Choláiste nuair a tharla an raic  cháiliúil a tharraing Leas-Phropast an Choláiste, John Pentland Mahaffy, i  dtaobh an chuiridh a thug an Cumann do ‘a man called Pearse’ labhairt ag  cruinniú tionscnaimh na bliana 1914-15 ag a raibh breith Thomas Davis sa  bhliain 1814 le comóradh.
  Sóisialach agus náisiúnaí go smior  ab ea é agus bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge. Bhunaigh sé  irisleabhar seachtainiúil, An tÉireannach,  sa bhliain 1934 chun tuairisc a thabhairt ar imeachtaí in Éirinn agus ar  chúrsaí an domhain mhóir, ábhair shóisialta agus pholaitiúla go háirithe, agus  chun guth a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Faoin mbliain 1937 bhí fiacha  troma ar an irisleabhar agus b’éigean dó é a scor mar gurb é féin a bhí á  mhaoiniú agus go raibh sé báite i bhfiacha dá bharr.  (5)
 Rugadh Éamonn Ó Tuathail (1883-1956) i gCo.  Chill Mhantáin, ach is i gCo. an Dúin a tógadh é. Mar sin féin, is cosúil gurb  í Gaeilge na Mumhan a d’fhoghlaim sé i dtosach, agus nár thosaigh sé ar  Ghaeilge Uladh a fhoghlaim go dtí go raibh sé sna déaga. Bhí sé ag obair mar  mhúinteoir taistil de chuid Chonradh na Gaeilge (1901-10) go dtí go bhfuair sé  poist mhúinteoireachta i Scoil Éanna agus i gColáiste Laighean. Sa bhliain 1914  ghnóthaigh sé M.A. sa Léann Ceilteach agus an bhliain chéanna sin ceapadh é ina  phríomhoide i gColáiste Laighean. Ceapadh i gcomharbacht ar Thomás Ó Rathile i  gcathaoir na Gaeilge é sa bhliain 1929.

  Bhí  an dúspéis aige i nGaeilge dheisceart Uladh agus i litríocht, i mbéaloideas agus  i logainmneacha an cheantair agus thosaigh sé ag bailiú ábhair den chineál sin  ó chainteoirí dúchais thart ar bhlianta tosaigh an fichiú céad. Ach is i lámhscríbhinní  de chuid an cheantair sin a fuair sé an chuid is mó den ábhar atá sa chéad  leabhar a d’fhoilsigh sé, mar atá, Rainn  agus amhráin (1923), inar chuir sé dhá scór dán in eagar. Le linn na  gceithre bhliain i ndiaidh a cheaptha mar Ollamh le Gaeilge bhailigh sé i gCo.  Thír Eoghain an t-ábhar (scéilíní, amhráin, paidreacha, seanráite, seanfhocail  agus nósanna) a d’fhoilsigh sé in Sgéalta  Mhuintir Luinigh (1933). An bhliain dár gcionn d’fhoilsigh sé Seanchas Ghleann Ghaibhle ina bhfuil díolaim  eile d’ábhar den chineál céanna a bhailigh sé i gCo. an Chabháin sna blianta  1931-3. Sna réamhráite leis an dá leabhar sin thug sé cuntas ar ghnéithe  suntasacha de Ghaeilge an dá cheantar sin leith ar leith. Is iomaí aiste a  d’fhoilsigh sé sna hirisí The Irish book lover agus Éigse agus d’fhoilsigh sé  sraith fhada d’eagráin ar dhánta sa mhíosachán An t-ultach sna blianta 1950-2.
  Chuaigh sé ar scor sa bhliain 1956,  an bhliain sula bhfuair sé bás. (6)
Is  iomaí post a bhí ag Ernest Gordon Quin (1910-1986)  i gColáiste na Tríonóide mar ar ghnóthaigh sé céim dhúbailte den chéad ghrád  sna Nuatheangacha (Fraincis agus Gaeilge) agus sna Teangacha Ceilteacha sa  bhliain 1932. Tar éis tréimhse ghearr a chaitheamh ag déanamh staidéir san  Iorua faoi stiúir an teangeolaí mhóir, Carl Marstrander, ceapadh é ina Léachtóir  le Sanscrait agus le Focleolaíocht Chomparáideach ina alma mater sa bhliain 1934, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé  ar scor sa bhliain 1980. Ceapadh é ina Léachtóir le Teangacha Ceilteacha sa  bhliain 1939, agus fuair sé ardú go céim an Léitheora sa bhliain 1955, agus go  céim an Chomh-Ollaimh sa bhliain 1967. Chomh maith leis sin ar fad bhí sé ina  Léachtóir le Foghraíocht agus le Teangeolaíocht idir 1941 agus 1964.
  Sa bhliain 1939 d’fhoilsigh sé Stair Ercuil ocus a bás arb é atá ann  eagrán den leagan Gaeilge a rinne Uilliam Mac an Leagha, i dtreo dheireadh an  16ú céad, de leagan Béarla a rinne William Caxton de chuntas Fraincise ar stair  na Traoi a cheap Raoul Lefevre; d’fhoilsigh sé Old-Irish workbook sa bhliain 1975; agus d’fhoilsigh sé mórán  léirmheasanna agus aistí i leabhair agus in irisleabhair éagsúla, leithéidí Celtica, Éigse, Ériu, Hermathena agus Irish historical studies. Bhí sé ar dhuine den bheirt chomheagarthóirí  ar chúig eagrán d’Ériu (1982-6). Tá a  ainm mar ‘arranger’ in éineacht le hainm David Greene ar dhá fhascúl, T-Tn (1943) agus To-Tu (1948) den Dictionary  of the Irish language; i gcomhar le daoine eile chuir sé eagar ar sheacht  bhfascúl eile a foilsíodh idir 1959 agus 1974; agus ba é eagarthóir ginearálta  an fhoclóra sin é ó 1953 go dtí 1975. Is dó-san thar aoinne eile atá a  bhuíochas ag dul gur tugadh an tionscnamh rí-thábhachtach úd chun críche.  Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann céim oinigh D.Litt.Celt. air sa bhliain  1979.  (7)
 I  Márta na bliana 1941 chinn Bord an Choláiste ar Léachtóireacht le Gaeilge  Labhartha a chur ar bun, agus tuairiscítear i miontuairiscí Chruinniú an Boird  ar 25 Meitheamh na bliana céanna sin gur ceapadh Sorcha Ní Ghuairim (1911-1976) sa phost sin agus é i gceist go  dtabharfadh sí trí léacht in aghaidh na seachtaine.

  Cainteoir dúchais Gaeilge agus togha  fonnadóra sean-nóis ab ea Sorcha. I Roisín na Mainiach, Carna, Conamara. a  rugadh agus a tógadh í. Chaith sí dhá bhliain ar Choláiste Ollscoile na  Gaillimhe (1930-2) agus ansin fuair sí post mar mhúinteoir faoi Choiste  Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sí i mbun oibre ar an  nuachtán An tÉireannach a bhunaigh  Seán Nelson Beaumont sa bhliain 1934. Bhí sí i mbun cinnlínte, nuacht agus  eagarfhocail a scríobh agus bhíodh colún rialta do pháistí aici. Ceapadh ina  heagarthóir í ar ball agus bhí an post sin aici gur chlis ar an nuachtán sa  bhliain 1937. Faoin teideal Ceathrar comrádaí (1938), in éineacht le Pádraig Ó Conceanainn chuir sí Gaeilge ar an úrscéal  do dhéagóirí leis an gCaptaen Charles McGuinness, Viva Irlanda. Foilsíodh sraitheanna d’aistí uaithi ar an Irish press/Scéala Éireann agus bhí sí  ina heagarthóir Gaeilge ag an nuachtán sin ar feadh tréimhse fada. I gCartlann  Roinn Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tá  ceirníní ar ar taifeadadh roinnt véarsaí as 23 amhrán agus iad á gcanadh ag  Sorcha. Thart ar 1940 a rinneadh an taifeadadh sin a bhfuil clóscríbhinn inar  thrácht sí ar na hamhráin ag gabháil leis. I 1945-6 craoladh sraith cláracha ar  Raidió Éireann inar thrácht sí ar ábhair éagsúla agus inar chan sí roinnt  amhrán agus d’fhoilsigh sí ceithre mhír béaloidis in ‘Sgéilíní ó Charna’, Béaloideas 15 (1945/6) 292-5. Sa bhliain  1957 d’eisigh Folkways i Nua-Eabhrac [atheisiúint, Indreabhán 1990] ceirnín ar  a bhfuil roinnt amhrán á gcanadh ag Sorcha agus scéal amháin á insint aici.
  Chuaigh sí ar scor óna post  léachtóra sa bhliain 1955 agus chuaigh a chónaí i Londain. (8)
 Ceapadh David Greene / Daithí Ó hUaithne (1915-1981)  mar Ollamh na Gaeilge sa bhliain 1955. Iar-mhac léinn de chuid Choláiste na  Tríonóide ab ea é. Sa bhliain 1937 ghnóthaigh sé céim sa Cheiltis agus sa  Fhraincis le honóracha den chéad ghrád. Tar éis bliain a chaitheamh in Oslo mar  a raibh sé ina mhac léinn de chuid Carl Marstrander, fuair sé post mar  Léachtóir sealadach le Teangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé  post mar Léachtóir le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú sa bhliain 1939, ach i 1940  d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath mar a bhfuair sé post sealadach mar fhoclóirí  in Acadamh Ríoga na hÉireann. An bhliain dár gcionn ceapadh é ina leabharlannaí  cúnta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus d’fhan sé ansin go dtí gur  ceapadh é ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh de chuid Institiúid Ard-léinn  Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Ceapadh é ina Ollamh ansin sa bhliain 1953  agus dhá bhliain ina dhiaidh sin arís tháinig sé go Coláiste na Tríonóide. Sa  bhliain 1967 d’fhill sé ar Institiúid an Ard-léinn mar Ollamh Sinsearach agus  d’fhan sa phost sin go dtí bliain a bháis.

  Bhí sé ina Uachtarán ar Acadamh Ríoga  na hÉireann ó 1973 go dtí 1976 agus ina bhall d’Acadamh Ríoga Gustavus Adolphus  na Sualainne ó 1973. Bhronn Ollscoil Nua Uladh (1974), Ollscoil Ghlaschú (1979)  agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (1981) dochtúireachtaí oinigh air. Ba é  eagarthóir Ériu 21-3 (1969-72) é agus  comheagarthóir Ériu 24-31 (1973-81)  agus comheagarthóir Celtica 11 (1976).  I gcomhar le E.G. Quin bhí sé ina ‘arranger’ ar dhá imleabhar den Dictionary of the Irish language, T-Tn (1943) agus To-Tu (1948). 
  Bhí sé ina mháistir ar gach tréimhse  den Ghaeilge, mar a dúirt an tOllamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Harvard,  Calvert Watkins: ‘No other scholar has made so many enduring contributions and  additions to our understanding of [the Irish language], old and modern,  synchronic and diachronic. He was Ireland’s greatest linguist.’ Bhí sé in ann  litríocht na Gaeilge i ngach ré a phlé go cumasach freisin. D’fhoilsigh sé  eagrán den scéal ‘Fingal Rónáin’ agus scéalta eile a bhain leis na Laigin sa  bhliain 1955. In éineacht le Frank O’Connor d’fhoilsigh sé A Golden treasury of Irish poetry (1967) agus in éineacht le James  Carney bhí sé ina eagarthóir ar Celtic studies: Essays in memory of Angus Matheson (1968). Réitigh sé eagrán de dhán fada Bhriain Merriman, Cúirt an mheán oíche, do Chumann Merriman (1968) agus in éineacht  le Fergus Kelly d’fhoilsigh sé Irish bardic  poetry (1970) arb éard a bhí ann atheagrán de dhánta sa Ghaeilge  chlasaiceach a bhí curtha in eagar ag Osborn Bergin. D’fhoilsigh sé eagrán de  dhuanaire de chuid an séú céad déag, Duanaire  Mhéig Uidhir (1972), i gcomhar le Fergus Kelly d’fhoilsigh sé eagrán de  scéal Ádhaimh agus Éabha, The Irish Adam  and Eve story from Saltair na Rann (1976), agus i gcomhar le Bo Almqvist  chuir sé Proceedings of the seventh  Viking congress (1976) in eagar. Scríobh sé dhá leabhrán do Chomhar  Cultúrtha Éireann, The Irish language (1966)  agus Writing in Irish today (1972). 
  Anuas trí na blianta tháinig  rabharta aistí, léirmheasanna agus cuntas iarbháis uaidh i leabhair, in  irisleabhair, in irisí léinn agus i nuachtáin. An Ghaeilge ab ábhar d’fhormhór  a chuid aistí cumasacha léinn, ach scríobh sé roinnt aistí ar ghnéithe de stair  na dteangacha Ceilteacha agus ar an mBreatnais freisin. Bhí substaint nach beag  freisin sna haistí inar nocht sé a fhealsúnacht faoi thábhacht na Gaeilge agus  an dúchais Ghaelaigh d’anam na hÉireann, agus leis an gcolún sa mhíosachán Comhar (Márta 1946 go dtí Bealtaine  1951) inar phléigh sé cúrsaí reatha go tréamanta neamheaglach. Duine ildánach  ab ea é a raibh fairsinge neamhghnách le réimse a chuid spéiseanna. (9)
Rugadh Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) ar an  gCnocán Glas, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea é. Bhain  sé cáilíocht bunmhúinteora amach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, sa  bhliain 1926 agus bhronn Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, teastas san  oideachas air an bhliain dár gcionn. De bhrí go raibh sé gníomhach san I.R.A.  briseadh é as a phost mar príomhoide i scoil an Chairn Mhóir, Co. na Gaillimhe,  sa bhliain 1936, agus ar ball gabhadh é agus cuireadh i ngéibheann é i gcampa  an Churraigh, Co. Chill Dara (1940-44). Mhúin sé Gaeilge dá chomhghéibheannaigh  sa champa, thug sé léachtaí ar an stair dóibh agus sholáthair sé irisleabhar  dóibh; agus le linn an ama bhí sé gnóthach ag foghlaim na Rúisise, ag cur  feabhais ar a chuid Fraincise, ag léamh litríocht chruthaitheach na hÉireann  agus na hEorpa agus saothar criticis, agus ag scríobh saothar cruthaitheach.
   I  dtríochaidí an fichiú céad d’fhoilsigh sé ceithre bhailiúchán thábhachtacha  béaloidis san irisleabhar Béaloideas 2 (1929-30), 384-93; 4 (1933), 62-88; 5 (1935), 219-72; 6 (1936), 97-103;  leagan Gaeilge d’úrscéal Charles Kickham, Sally  Kavanagh (1932); agus díolaim gearrscéalta dá dhéantús féin, Idir shúgradh agus dáiríre (1939). An  staidéar a rinne sé le linn dó a bheith i ngéibheann, ba léir go raibh tionchar  ar fónamh aige ar a shamhlaíocht, ar a intleacht agus ar a chumas cruthaíochta  nuair a d’fhoilsigh sé an dara díolaim gearrscéalta dá chuid, An braon broghach (1948), an t-úrscéal  cumasach, Cré na cille (1949), agus  an tríú díolaim gearrscéalta, Cois  caoláire (1953). Bhí sé á léiriú leis na scéalta sin go raibh mórán  cineálacha ábhair agus teicníochta ar a chomhairle aige.

  Nuair a saoradh ó ghéibheann é sa  bhliain 1944, is de dhroim sclábhaíochta a bhí air a chuid a shaothrú go dtí go  bhfuair sé post sóisearach státseirbhíse i Rannóg an Aistriúcháin de chuid Dáil  Éireann. Ansin sa bhliain 1956, de bharr a chumais mar scríbhneoir cruthaitheach  agus a mháistreachta ar an nGaeilge, ceapadh é in léachtóir i Scoil na Gaeilge.  Nuair a chuaigh David Greene ar scor ó Ollúnacht na Gaeilge sa bhliain 1967,  chuir sé isteach ar an bpost, ach níor glacadh lena iarratas agus ina áit sin  ceapadh ina Chomh-Ollamh agus ina Cheann Roinne é. An bhliain chéanna sin  ceapadh é ina Ollamh Cuairte i Roinn na Ceiltise in Ollscoil na Banríona i mBéal  Feirste. Sa bhliain 1969 tugadh Ollúnacht na Gaeilge dó agus toghadh ina  chomhalta é sa bhliain 1970, bliain a bháis.
  Idir dhá linn bhí sé tar éis úrscéal  eile a scríobh i dtús na gcaogaidí, ach, bíodh is gur bronnadh duais Oireachtas  na Gaeilge air dá bharr sin sa bhliain 1951, dhiúltaigh sé é a fhoilsiú.  Foilsíodh é sa bhliain 1995 faoin teideal Athnuachan (eag. Breandán Ó Doibhlin). Scríobh sé colún rialta don Irish Times ó 1953 go dtí 1956. Ansin i dtús na seascaidí scríobh  sé saothar fada aoire agus magaidh inar bhain sé feidhm as raidhse idirthéacsúlachta  chun fráma tagartha i litríocht na hEorpa agus na Gaeilge a chruthú agus inar phléigh  sé foráis sna heolaíochtaí bitheolaíochta agus fadhbanna ama agus staire. Barbed wire a thug sé ar an saothar sin  nár foilsíodh go dtí 2002 (eag. Cathal Ó Háinle).
  Bhí Ó Cadhain suite de nár mhór saol  na bpobal bocht, go háirithe a phobal féin sa Ghaeltacht, a fheabhsú agus  tréaniarracht a dhéanamh leis an nGaeilge a thabhairt slán ón mbaol báis a bhí  ag bagairt uirthi. Bhí páirt cheannasach aige san fheachtas ‘Muinntear na  Gaedhealtachta’ a cuireadh ar bun i 1934, le staid eacnamaíoch phobal na  Gaeltachta a fheabhsú, san eagraíocht ‘Misneach’ a cuireadh ar bun i 1963 chun  brú a chur ar an rialtas a bheith dáiríre faoina fhreagracht i leith náisiún na  hÉireann, agus i bhfeachtas polaitiúil ‘Gluaiseacht Chearta Sibhialta na  Gaeltachta’ i ndeireadh na seascaidí. Léirigh sé a dhearcadh i sraith de phaimfléid, Irish above politics (1964), Mr Hill: Mr Tara (1964), An aisling (1966)  agus Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae (1970). Sa  leabhrán tábhachtach, ‘Páipéir bhána agus  páipéir bhreaca’ (1969), arb é atá ann tiomna scríbhneora, sholáthair sé  measúnú beoga ar a shaothar agus ar a shaol féin.
  Sa bhliain 1967 foilsíodh an ceathrú  díolaim gearrscéalta dá chuid, An tsraith  ar lár, inar léiríodh an tóir leanúnach a bhí aige ar mhodhanna nua  cumadóireachta agus inar nocht sé tuiscintí úra faoin nádúr daonna. Bhronn an  Irish-American Cultural Institute duais na mBuitléarach air as ucht an leabhair  sin. I 1970 d’fhoilsigh sé an cúigiú díolaim gearrscéalta, An tsraith dhá tógáil, ina bhfuil roinnt scéalta diolba ina  ndéantar cur síos cumhachtach corraitheach ar an gcoimhthiú uirbeach agus ar  theip na cumarsáide pearsanta. Is i ndiaidh a bháis a foilsíodh an díolaim  deiridh dá chuid, An tsraith tógtha (1977).  Foilsíodh trí dhíolaim d’aistí a d’fhoilsigh sé sna hirisí Feasta agus Comhar agus  sa nuachtán The Irish Times, mar atá, Ó  Cadhain i bhFeasta (1990, eag. Seán Ó Laighin), Caithfear éisteacht (1999, eag. Liam Prút) agus Caiscín (1998, eag. Aindrias Ó  Cathasaigh). (10)
Ceapadh Mary (May) Haughton Risk (1924-2001)  ina léachtóir sóisearach i Scoil na Gaeilge sa bhliain 1956; fuair sí ardú  céime go grád an léachtóra sa bhliain 1967, post a bhí aici go dtí go  ndeachaigh sí ar scor sa bhliain 1989. 
  Iar-iníon léinn de chuid Choláiste  na Tríonóide ab ea í: ghnóthaigh sí céim le honóracha sa Ghaeilge agus sa  Spáinnis sa bhliain 1946 agus bronnadh dochtúireacht uirthi sa bhliain 1951 as  ucht tráchtais a scríobh sí ar fhilíocht an scríbhneora chruthaithigh Gaeilge, Seán  Ó Neachtain (c. 1640-1729). D’fhoilsigh sí roinnt aistí ar na hirisí Studia Hibernica, Hermathena agus Éigse faoi phearsana a raibh baint acu le saol na Gaeilge san ochtú céad déag.  (11)
 Ceapadh Terence McCaughey / Tarlach Mac Eachaidh (1932-2016)  ina Léachtóir i Scoil na Gaeilge sa bhliain 1963; fuair sé ardú céime go dtí  grád an Léachtóra Shinsearaigh sa bhliain 1978, post a bhí aige go dtí go  ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1998.

  Bhí sé ina léachtóir sóisearach i  Roinn na Ceiltise d’Ollscoil Dhún Éideann (1955-7), agus d’oibrigh sé ar feadh  trí bliana mar thaighdeoir páirce ar son Shuirbhé Teangeolaíoch Ghàidhlig na  hAlban. Ghnóthaigh sé céim máistreachta in Ollscoil Cambridge agus bunchéim sa  diagacht ón gColáiste Nua i nDún Éideann (1962). Bhí an Ghàidhlig agus  litríocht na Gàidhlig ina gcodanna bunúsacha den chúrsa a theagasc sé i Scoil  na Gaeilge agus den taighde a rinne sé, agus d’fhoilsigh sé sár-aistí ar an  nGàidhlig agus ar litríocht na Gàidhlig.
  Ministéir Preispitéireach ab ea Tarlach.  Thugadh sé léachtaí i Roinn na Diagachta ar litreacha N. Pól agus rinne sé  dianstaidéar ar an diagacht agus dá thoradh sin scríobh sé an leabhar  tábhachtach Memory and redemption: Church, politics and prophetic theology in Ireland (1993). Agus ní rud  teoiriciúil amháin ab ea an fháistine aige: thug sé buanfhianaise le teagasc  Chríost dá chomhChríostaithe agus don phobal i gcoitinne ó bhéal agus ó  ghníomh. Samplaí suntasacha de sin ab ea a shaothar mar chathaoirleach ar  Ghluaiseacht Frith-apartheid na hÉireann agus mar dhuine de bhunaitheoirí  Chomhairle na hÉireann um shaoirsí sibhialta.
Mar Phreispitéireach ba dhual dó  dianstaidéar a dhéanamh ar an mBíobla. D’éirigh leis é sin a nascadh lena  shaothar acadúil ar léann na Gaeilge tríd an taighde a rinne sé ar leagan Gaeilge  an Easpaig William Bedell (1571-1642) den Seantiomna. Tá cuid de thoradh an  taighde sin le fáil ina leabhrán Dr  Bedell and Mr King: the making of the  Irish Bible (2001) agus ina aiste ‘Andrew Sall (1624-82): textual editor  and facilitator of the Irish translation of the Old Testament’ in Unity in Diversity (2004, eag. Cathal G.  Ó Háinle agus Donald E. Meek). (12)
(1) Féach Linde Lunney, ‘Atkinson, Robert’, Dictionary of Irish biography (eds James McGuire and James Quinn), Cambridge 2009; E. J. Quin, ‘Historical note’, Dictionary of the Irish language: Compact Edition, Dublin 1983, vi.
(3) Féach D.A. B[inchy], ‘Eleanor Knott’, Ériu 26 (1975), 182-5; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Knott, Eleanor’, Beathaisnéis a dó, Baile Átha Cliath 1990, 46-7; Eoin Mac Cárthaigh, ‘Eleanor Knott’, Léachtaí Cholm Cille (ed. Brian Ó Catháin), Maigh Nuad 2005, 40-68;Eoghan Ó Raghallaigh, ‘Knott, (Philippa Marie) Eleanor, Dictionary of Irish biography.
(4) Féach E[leanor] K[nott], ‘Thomas Francis O’Rahilly’, Ériu 17 (1955), 147; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Rathile, Tomás’, Beathaisnéis a dó, 132-4; Diarmuid Ó Sé, ‘O’Rahilly, Thomas Francis (“T.F.”)’, Dictionary of Irish biography.
(5) Féach Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Beaumont, Seán Nelson’, Beathaisnéis a haon, Baile Átha Cliath 1986, 18; Risteárd Ó Glaisne, Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992, Baile Átha Cliath, 1992, passim; Éamon Ó Ciosáin, An tÉireannach 1934-37, Baile Átha Cliath 1993.
(6) Féach Eleanor Knott, ‘Éamonn Ó Tuathail’, Éigse 8 (1953-7), 263-7; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Tuathail, Éamonn’, Beathaisnéis a dó, 138-40.
(7) Féach Proinsias Mac Cana agus Rolf Baumgarten, ‘Ernest Gordon Quin’, Ériu 38 (1987), 1-8; E. G. Quin, ‘Historical Note’ in Dictionary of the Irish Language: Compact edition, vi; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ernest Gordon Quin’, www.ainm.ie.
(8) Éamon Ó Ciosáin, An tÉireannach 1934-7, 64-6 agus passim; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Guairim, Sorcha’, Beathaisnéis a ceathair, Baile Átha Cliath 1994, 125-6; Ríonach uí Ógáin, ‘“Is í an fhilíocht anam an cheoil – Sorcha Ní Ghuairim, amhránaí Roisín na Mainiach”’, Bliainiris 2002 (eag. Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil), Baile Átha Cliath 2002, 84-107.
(9) Féach Breandán Ó Buachalla, ‘Dáithí Ó hUaithne’, Scríobh 5 (1981, eag. Seán Ó Mórdha), 11-29; Proinsias Mac Cana agus Rolf Baumgarten, ‘David Greene’, Ériu 34 (1983), 1-19; Máirtín Ó Murchú, ‘Matters of record’, Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh 5 (Márta 1992, eag. Rolf Baumgarten), 16-19; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Greene, David William’, Beathaisnéis a trí (Baile Átha Cliath 1992), 36-39.
(10) Féach Alan Titley, Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975); An tSiúr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin, De ghlaschloich an oileáin (1987); Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Cadhain, Máirtín’, Beathaisnéis a ceathair, 85-88; Aindrias Ó Cathasaigh, Ag samhlú troda (2002); Cathal Ó Háinle, ‘Ó Cadhain, Máirtín’, Dictionary of Irish biography.