Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Scéimeanna Cónaithe Choláiste na Tríonóide

Cuireann Coláiste na Tríonóide Scéim Cónaithe Gaeilge ar fáil do mhic léinn fochéime. Tá sé mar aidhm leis an Scéim deis a thabhairt do mhic léinn maireachtáil i mion-Ghaeltacht i gcóiríocht na hollscoile. Bíonn cónaí ar na mic léinn le chéile ar an gcampas nó i Halla na Tríonóide (suíomh lóistín do mhic léinn céad bhliana agus roinnt mac léinn dara bliana) agus bíonn an Ghaeilge mar theanga laethúil sna hárasáin. Tacaíonn baill na Scéime Cónaithe le gníomhaíochtaí Gaeilge san ollscoil agus cuireann siad an teanga chun cinn i measc an phobail ollscoile. Ní gá a bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge chun a bheith páirteach sa Scéim Cónaithe.

Tá dhá chuid leis an Scéim Cónaithe i gColáiste na Tríonóide:

  1. Lóistín ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide do mhic léinn sa dara, tríú agus ceathrú bliain
  2. Lóistín i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6 do mhic léinn sa chéad bhliain amháin

1. Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana

Tá an Scéim Cónaithe seo dírithe ar mhic léinn fochéime, lánaimseartha atá sa dara, tríú agus ceathrú bliain. Bíonn an lóistín do na mic léinn seo lonnaithe ar champas na hollscoile i lár na cathrach agus i Halla na Tríonóide i mBaile Átha Cliath 6. Tá 18 spás ar fáil in iomlán; 12 spás ar an gcampas agus 6 spás i Halla na Tríonóide.

Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana le fáil ag an nasc seo. Tá an próiseas iarratais dúnta don bhliain acadúil 2026-27. Osclófar arís é i mí an Mhárta/Aibreáin 2027.

2. Scéim Cónaithe Halla na Tríonóide/Na Chéad Bhliana

Tá an Scéim Cónaithe seo dírithe ar mhic léinn fochéime a bheidh sa chéad bhliana i mí Mheán Fómhair 2026. Tá an lóistín lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6. Tá 12 spás ar fáil.

Tá an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na Chéad Bhliana 2026-27 oscailte agus tá tuilleadh eolais ag an nasc seo. Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh Dé Luain, 8 Meitheamh 2026.


Nuashonraithe 27 5 2026 ag .