Is Roinn ar leith in Éirinn í Roinn Léann an Neasoirthir agus an Mheánoirthir i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ina ndéantar teagasc agus taighde ar Léann na nGiúdach, an Bíobla, Léann an Neasoirthir agus an Mheánoirthir.

Féadfar tabhairt faoi fhochéim i Sibhialtachtaí na nGiúdach agus Ioslamacha sa Roinn agus cibé an fearr leat an domhan nua-aimseartha nó ársa nó staidéar a dhéanamh ar litríocht, creideamh, stair, teangacha, seandálaíocht nó polaitíocht, tabharfaidh céim na roinne tuiscint níos fearr duit ar chultúir agus ar shochaithe casta agus éagsúla. As an mBablóin go Beirlín, as Cracow go Cordoba, as Nua Eabhrac go Iarúsailéim, cuir eolas ar an sochaithe iontacha seo inár dteannta. Beidh deiseanna freisin agat cúrsaí Eabhraise nó Araibise a dhéanamh ón dara bliain amach.

Anois is go bhfuil suas le scór mac léinn ag tabhairt faoi mháistreachtaí agus faoi dhochtúirí taighde tá pobal bríomhar scoláirí sa Roinn agus reáchtáiltear imeachtaí go leor le linn na bliana ina measc léachtaí poiblí ó scoláirí móra, cúrsaí sa tráthnóna agus comhdhálacha acadúla