Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



Pádraig de PaorAssistant Professor

Scoláire nualitríochta is ea Pádraig de Paor a bhfuil suim ar leith aige i gcúrsaí critice agus i ngné na fealsúnachta de léann na litríochta. Múineann sé cúrsaí ar gach gné de nualitríocht na Gaeilge: an gearrscéal, an t-úrscéal, an dírbheathaisnéis, an fhilíocht, an drámaíocht agus na haistriúcháin liteartha. Tá sé freagrach as an dara bliain (MDÁ / LNG) ach féadfaidh aon mhac léinn le Nua-Ghaeilge dul i dteagmháil leis faoi chúraimí staidéir.

Tá sainspéis aige sna réimsí seo a leanas: nualitríocht na Gaeilge agus teoiricí na critice liteartha. Tá taighde bunúil déanta aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Nua-Ghaeilge. Is iad na foilseacháin is tábhachtaí dá chuid go dtí seo ná:
Áille na hÁille: Gnéithe de Choincheap na hÍobartha, An Sagart, 2013.
Na Buachaillaí Dána: Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge, An Clóchomhar, 2006.
Tionscnamh Filíochta Nuala Ní Dhomhnaill, An Clóchomhar, 1997.

Irish Studies:

I teach two modules in English about modern Irish literature (in translation) and the associated social history of the language from the late 18th century to today. Both Irish Studies and visiting students are welcome to attend these modules.

Irish Studies students may contact me regarding any absences from College or late work for any of the programme’s courses and any assignments for Irish language modules.