Conference: Féith an Ghrinn sa Ghaeilge:: 16 May 2025
Fáilte
The Department of Irish and Celtic Studies, Trinity College, Dublin, are delighted to host a conference on the 16th May 2025, on campus at the Long Room Hub. The theme for this year is
Féith an Ghrinn sa Ghaeilge :: Humour in the Irish Language.
Proceedings and events will be through English and Irish.
Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar champas i Mol an tSeomra Fhada ar an 16ú Bealtaine 2025. An téama atá ag an gComhdháil i mbliana:
Féith an Ghrinn sa Ghaeilge
As Gaeilge agus as Béarla a bheidh na himeachtaí.Information
When? Friday 16 May 2025
Where? Trinity Long Room Hub, TCD.
Tickets: This event is free, but please register so we have an idea of numbers for catering. All Welcome!
Schedule of Events
9.30 Registration
9.50 Opening
10am – 11am Session 1 Early Irish
Chair: Síle Uí Laighin
Speakers: Emma Nic Cárthaigh and Seosamh Mac Cárthaigh
11.00am Tea & Coffee
11.30am - 1pm Session 2 Early Modern Irish
Chair: Ciara Ní Mhurchú
Speakers: Brianán Ní Bhuachalla, Nioclás Mac Cathmhaoil and Manus Ó hEochaidh
1pm - 2pm Lunch (lunch will be provided)
2pm - 3.30pm Session 3 Modern Irish
Chair: Cillian Ó Diomasaigh
Speakers: Ian Ó Caoimh, Margo Griffin-Wilson and Caitlín Nic Íomhair
3.30pm Tea / Coffee
4pm - 5pm Session 4 “I mbéal an phobail”
Chair: Emmet de Barra
Speakers: Tomás L. Ó Murchú and Éadaoin Ní Mhuircheartaigh
5pm Close
Full details of the day's talks (including titles) are be available in this PDF.
Speakers
Click below for summaries and biographies of speakers
Dr. Emma Nic Cárthaigh
Teideal | ‘Insolent vocatives, pilfered eyes, voracious nestlings and a tragicomical eye-witness in the Colloquy of Fintan mac Bóchrai and the Hawk of Achill.’ |
Achoimre: | The author of the Colloquy of Fintan and the Hawk was uniquely skilled and ingenious in his creation and development of the narrative framework for the contents of his poem. He enlivens many of the exchanges, accounts, descriptions and disclosures that make up the narrative with distinctively impassive darts of humour. Much of the narrative seems to be deliberately comical but never in a self-conscious way. The author is careful to remain out of the way. However, considering how sensibilities change and evolve over time, it is difficult to know whether or not aspects of the poem that may be humorous to a modern audience were meant to be humorous in the first instance. In this paper, I will present the various kinds of narrative techniques and exchanges in the text that are inherently amusing or droll and consider the ways in which the author’s use of humour contributes to making the Colloquy a unique text in the genre of pseudo-history. |
Beathaisnéis: | Emma Nic Cárthaigh is a lecturer in Early and Medieval Irish in University College Cork and a member of the Locus Project. Her research interests include literary and historical analysis of early Irish lyric poetry and Classical Modern Irish poetry; edition and translation of Old, Middle and Classical Modern Irish texts particularly poetry; Modern Irish translations of Dante’s Divina Commedia;Irish onomastics and medieval Irish eschatology. |
Dr. Seosamh Mac Cárthaigh
Teideal | ‘No laughing matter: Humourous responses and responses to humour in Early Irish’. |
Achoimre: | Ina pháipéar ‘Jeers and Judgments: Laughter in Early Irish Literature’ duairt Philip O’Leary ‘almost all Irish laughter is meant to mock and ridicule’. Dá léifí fé bhás an chrosáin in Fingal Rónáin, Aidedh Fherghusa mhic Léide, fiú cumhacht an aoire sna dlíthe, cheapfaí nach raibh i gceist le greann agus gáire sa Luath-Ghaelainn ach Scadenfreude. Ba chaidreamh aontaobhach é, ag cruthú deighilte idir an magadóir agus an t-íospartach. Mar sin féin, ní le masla amháin a bhaineann an greann nó an gáire. Ní chuireann gáire náire ar an gcrosán in Togail Bruidne Da Derga,mar shampla. Luann Erich Poppe tráchtais dlí ina blpéitear daoine a bhfuil sé de dhualgas orthu gáire a spreagadh, ach tá an crosán i gceist i ngach ceann acu a phléann sé. Ach ní bhaineann an gáire ar leis na crosáin amháin. De réir na Triads: ‘Tréde neimthigedar cruitire: golltraige, gentraige, súantraige’ (‘Trí thréith a cháilíonn cruitire: port a chuireann ag gol thú; port a chuireann ag gáire thú; port a chuireann id chodladh tú’). Sa pháipéar so, bead ag breathnú ar an ngáire ‘cuí’, mar thugann Poppe air, agus an gáire maslach. Is modh cumarsáide é an greann, agus teanga choiteann é an gáire. Bead ag breathnú ar an ngáire mar chomhartha grinn, seachas mar mhasla amháin, sna dlithe agus sa litríocht. |
Beathaisnéis: | Is léachtóir le Luath-Ghaeilge é i gColáiste na Tríonóide. Bhain sé céim amach sa Ghaelainn agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus M.Phil. agus dochtúireacht ó Ollscoil Cambridge. Chaith se tréimhse ag obair mar chatalógóir i Leabharlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe (ag breathnú ar LSS Gaelacha), agus leis an Consortium of European Research Libraries (ar breathnú ar incunabula). Chuir sé leabhar in eagar leis an Dr Alice Taylor-Griffiths dar teideal Storytelling in Gaelic from AD 700 to the Present (a fhoilseofar samhradh 2025). Foilseofar alt dá chuid in Anglia fé nótaí Laidine i dtéacs a scríobh Ælfric of Eynsham do dhaoine gan Laidin. Tá spéis agam i dteangacha agus litríocht na hÉireann agus Shasana sna Meánaoiseanna, aistriúcháin sna Meánaoiseanna, conas a pléadh cúrsaí teangan sna Meánoiseanna, cúrsaí meadarachta (sa Ghaelainn agus sa Bhéarla). |
Brianán Ní Bhuachalla
Teideal | ‘An greann in Eachtra an Cheithearnaigh Chaoilriabhaigh: suirbhé agus samplaí’ |
Achoimre: | Is gné liteartha lárnach é an greann in Eachtra an Cheithearnaigh Chaoilriabhaigh – scéal rómánsaíochta ó thréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche – agus is iomaí cineál grinn atá le brath sa scéal. Sa chaint seo, iniúchfar na saghsanna éagsúla grinn a fhaightear sa scéal agus na ciútaí liteartha difriúla a mbaintear leas astu mar uirlisí grinn. Déanfar plé ar na radhairc ghrinn is suntasaí sa téacs agus ar na gnéithe is greannmhaire den scéal trí chéile. Chomh maith leis sin, déanfar tagairt don mhéid atá ráite ag scoláirí eile go nuige seo i dtaobh an ghrinn sa scéal seo. |
Beathaisnéis: | Is mac léinn dochtúireachta í Brianán Ní Bhuachalla i Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Baineann a cuid taighde PhD le Eachtra an Cheithearnaigh Chaoilriabhaigh, scéal rómánsaíochta ó thréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche. Tá sí ag obair ar eagrán criticiúil nua den téacs seo. Tá maoiniú faighte ag Brianán dá cuid taighde PhD ón gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. |
Manus Ó hEochaidh
Teideal | ‘Gnéithe den ghreann i bhfoinsí lámhscríbhinne Eachtra Chléirigh na gCroiceann’ |
Achoimre: | Scéal rómánsaíochta é Eachtra Chléirigh na gCroiceann a bhfuil an greann go mór chun tosaigh ann. Ó tharla nár cuireadh an téacs i gcló ina iomláine go dtí seo, díreofar ar cóipeanna lámhscríbhinne éagsúla den scéal le hiniúchadh a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla grinn atá sa scéal, agus pléifear samplaí ar leith den nuálaíocht atá le sonrú laistigh de thraidisiún lámhscríbhinne an téacs. |
Beathaisnéis: | Is mac léinn PhD é Manus Ó hEochaidh i Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide. Tá sé ag obair faoi láthair ar eagrán criticiúil de scéal rómánsaíochta a bhaineann le tréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche dar teideal Eachtra Chléirigh na gCroiceann mar chuid dá thaighde dochtúireachta. Tá suim ar leith aige sna scéalta rómánsacha, Filíocht na Scol, agus an phailéagrafaíocht. |
Dr. Margo Griffin-Wilson
Teideal | ‘Nach ait m’ábhacht?’ Ó Bruadair at the wedding feast’ |
Achoimre: | Dáibhí Ó Bruadair composed wedding poems upon the marriages of two daughters of his patrons, Seán de Búrc and Anna Ní Urthuile of Cahirmoyle, Co. Limerick. The earlier poem, Iomdha sgéimh ar chur na cluana, was composed c. 1663, upon the marriage of Úna de Búrc to Dominic de Róiste. Cuirfead cluain ar chrobhaing ghealGhall was composed in 1674/75 upon the marriage Eilionóir de Búrc to Oilféar Stíbhin. I have published editions of these poems in The Wedding Poems of Dáibhí Ó Bruadair, and I will return to the dánta pósta because they are unique compositions, rich in praise, humour, riddles and comic jesting, and they have much to contribute to the theme of this conference: Féith an Ghrinn sa Ghaeilge. Ó Bruadair articulates, however elusively, an understanding of humour, or greann, in the opening quatrains of Iomdha sgéimh ar chur na cluana. He draws on a well-established vocabulary associated with humorous speech and cajolery (cluain, greann, sionn, dánacht, ábhacht) in both poems. I will examine the language and style of the wedding poems and Ó Bruadair’s comic performances at the wedding feasts in Cahirmoyle. |
Beathaisnéis: | Dr Margo Griffin-Wilson recently retired from her position as Teaching Associate in the Department of Anglo-Saxon, Norse and Celtic at the University of Cambridge, where she taught courses in Modern Irish and lecture/text classes in Early Modern Irish. She also taught Modern Irish as a Visiting Lecturer at Utrecht University. Dr Griffin-Wilson presently continues her research as an Honorary Research Fellow in the ASNC Department and as an Associate of the Department of Celtic Languages and Literatures, Harvard University, where she earned her Ph.D. and contributed to teaching. Her published work includes an edition and translation of Dábhí Ó Bruadair’s wedding crosántachta, entitiled The Wedding Poems of Dáibhí Ó Bruadair (Dublin 2010). Articles on Ó Bruadair’s work have also been published in the Irish Texts Society Subsidiary Series, Dáibhí Ó Bruadair: His Historical and Literary Context, the Dictionary of Irish Biography and Of Limerick Saints and Seekers. She has contributed editions and analyses of bardic poetry to the journals Celtica and Éigse, and to Sacred Histories, a Festschrift for Máire Herbert (2015) and Lorg na Leabhar: A Festschrift for Pádraig A. Breatnach (Dublin 2019). |
Dr. Ian Ó Caoimh
Teideal | ‘Adhmholadh go hArd: Ciarán Ó Nualláin agus an Greann’ |
Achoimre: | Iriseoir, colúnaí, eagarthóir nuachtáin, úrscéalaí agus gearrscéalaí ab ea Ciarán Ó Nualláin (1910-83), chomh maith le bheith ina bheathaisnéisí ar dhuine dá dheartháireacha, Brian Ó Nualláin (Myles na Gopaleen/Flann O’Brien). Ar nós a dhearthár mór le rá, ba scríbhneoir é Ciarán a raibh an greann ina orlaí trína shaothar scríofa. Díol suntais mar sin go ndearna Breandán Ó hEithir dhá chuid de scríbhneoireacht Chiaráin sa bhliain 1975: an luathshaothar, agus tréimhse ina dhiaidh sin ina ndeachaigh ‘daol na dáiríreachta’ trí ghreann Chiaráin, dar leis. Is é a fhéachfar a dhéanamh sa pháipéar seo, cur chuige liteartha an adhmholta a úsáid chun ráiteas sin Uí Eithir a scrúdú, agus a fhiosrú an bhféadfadh míniú eile a bheith ar an scéal. |
Beathaisnéis: | Is aistritheoir i dTithe an Oireachtais é Ian Ó Caoimh. Tá sealanna caite aige ina iriseoir, ar fhoireann an Ghúim, agus ina theagascóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a raibh sé fostaithe freisin mar eagarthóir taighde ar an tionscnamh digitithe béaloidis dúchas.ie. |
Dr. Caitlín Nic Íomhair
Teideal | ‘Féin-mhagadh agus bith-mhagadh i bhfilíocht Bhiddy Jenkinson’ |
Achoimre: | Aithnítear saothar Bhiddy Jenkinson mar shaothar atá dúshlánach agus siamsúil in éineacht. Tabharfaidh an páipéar seo spléachadh ar na cineálacha grinn is mó a fheictear ina cuid dánta, agus go háirithe ar an ghreann a bhaintear as an persona Biddy Jenkinson féin agus as iontaisí na bitheolaíochta. |
Beathaisnéis: | Is scoláire nualitríochta í Caitlín Nic Íomhair. Ceapadh í ina léachtóir litríochta in Ollscoil Mhá Nuad in 2019 i ndiaidh di BA agus PhD a bhaint amach ó Choláiste na Tríonóide. Tá suim mhór aici san fhilíocht chomhaimseartha, i bhficsean na coiriúlachta agus na cogaíochta, i saothar Mháirtín Uí Chadhain agus i bprós Mhichíl Uí Chonghaile. An fhilíocht iarChríostaí is spéis léi faoi láthair. |
Dr. Tomás L. Ó Murchú
Teideal | ‘An Greann 's an Gleáchas i bhFilíocht Chorca Dhuibhne’ |
Achoimre: | Díreofar sa pháipéar seo ar an véarsaíocht mar ghléas chun cúrsaí an tsaoil a chíoradh i mbéal an phobail in iarthar Chorca Dhuibhne roimh 1930. Díreofar go háirithe ar ghreann na filíochta agus ar véarsaíocht seoigh. |
Beathaisnéis: | Is léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hÓllscoile Corcaigh é Tomás L.Ó Murchú, Corcaíoch, a tógadh le Gaeilge agus a bhfuil ceangal muintire aige leis an nGráig in Iarthar Chorca Dhuibhne. Is iad na réimsí scolártha is suim leis: forbairt agus saothrú na filíochta aiceanta ó c. 1600 ar aghaidh; traidisiún amhránaíochta na Mumhan; foclóir iar-chlaisaiceach na Gaeilge; teanga agus traidisiúin bhéil agus liteartha Chorca Dhuibhne. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Cheiliúradh an Bhlascaoid agus ina eagarthóir ar Iris Cheiliéradh an Bhlascaoid. |
Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh
Teideal | ‘Idir shúgradh agus dáiríre: An tAgallamh Beirte i dtraidisiún na Gaeilge’. |
Achoimre: | Díreofar sa pháipéar seo ar shaintréithe an agallaimh fhileata agus tabharfar léargas ar an ngreann sna taibhealaíona traidisiúnta. Féachfar ar na téamaí agus ar na céilí comhraic a thagann chun cinn go minic sna haighnis seo agus pléifear saothar le cumadóirí ar leith ó thréimhsí éagsúla, Tadhg Ó Conchubhair, Joe Steve Ó Neachtain agus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha ina measc. |
Beathaisnéis: | Is léachtóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Éadaoin Ní Mhuircheartaigh. Is iad na príomhréimsí spéise agus taighde atá aici ná na healaíona béil, an nualitríocht agus an drámaíocht. Bhí sí ina comheagarthóir ar an gcnuasach aistí critice Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha, staire, teanga agus litríochta (2021) agus ar an gcnuasach Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil (2021). |
Contact
nibhraoc@tcd.ie | |
phone | +353 1 896 1450 |
Instagram: | tcd_r_na_gaeilge |
Twitter: | @TCDRnaGaeilge |