Trinity College Dublin

Skip to main content.

Top Level TCD Links

Language option

Irish Language Office

Oifig na Gaeilge

Seomra na Gaeilge

Seomra na Gaeilge

*COVID-19*

Tá Seomra na Gaeilge ar oscailt faoi láthair ó Luan go hAoine, 11am-4pm. Is féidir spás a chur in áirithe roimh ré anseo. Tá fáilte romhat go fóill i Seomra na Gaeilge!

Cad é Seomra na Gaeilge? What is Seomra na Gaeilge?

Spás caidrimh agus comhrá do lucht na Gaeilge sa Choláiste atá ann. Tá foilseacháin agus leabhair i nGaeilge le fáil sa seomra ar féidir a fháil ar iasacht, mar aon le sólaistí tae agus caife. Iarratar deonachán 20c do na sólaistí.

seomraseomra

Cad iad na huaireanta oscailte? What are the opening hours?

De ghnáth bíonn an Seomra ar oscailt i rith an téarma acadúil ó Luan go hAoine, idir 9.00rn agus 4.30in, agus bíonn imeachtaí eile á reáchtáil ann freisin.

Ba mhaith liom imeacht a chur ar siul sa seomra- conas mar is féidir liom é sin a dhéanamh? I would like to organise an event in the room- how may this be done?

1. Líon foirm iarratais an Déin Shóisearaigh seachtain roimh ré;

2. Nuair a fhaigheann tú leagan achomair den iarratas sin ar an scaileán i ndiaidh "submit" a bhrú, déan é sin a chóipeáil agus a seol ríomhphost chuig gaeloifig@tcd.ie;

3. Déanfaidh (a) an Déan Sóisearach, agus (b) an tOifigeach Gaeilge cinneadh ar d'iarratas.

*Má bhíonn tú in amhras faoi oiriúnacht iarratais, seol fiosrúchán roimh ré chuig gaeloifig@tcd.ie. Ní mór a chinntiú go mbíonn aon imeacht a chuirtear ar siúl i Seomra na Gaeilge á reáchtáil trí mheán na Gaeilge.

Cá bhfuil sé? Where is it located?

Tá an Seomra lonnaithe i bhfoirgneamh an Phroinntí (Dining Hall), os cionn bialann an Bhutraigh. Téann tú isteach trí dhoras taobh thiar den Bhutrach, i mBá na Luibheolaíochta, agus suas ansin go barr an staighre. Féach na treoracha sna pictiúir thíos.

Cad iad na rialcha a bhaineann le húsáid an tseomra? What are the rules concerning use of the Seomra?

Tá Coiste ceaptha le rialacha úsáideora a shocrú agus leis an seomra a riaradh ar bhonn leanúnach, coiste le hionadaíocht foirne agus mac léinn. Tá na rialacha sin ar fáil anseo.

Treoracha chuig Seomra na Gaeilge/Directions to Seomra na Gaeilge

Tá an Seomra lonnaithe i bhfoirgneamh an Phroinntí (Dining Hall), os cionn bialann an Bhutraigh. Téann tú isteach trí dhoras taobh thiar den Bhutrach, i mBá na Luibheolaíochta, agus suas ansin go barr an staighre. Féach na treoracha sna pictiúir thíos.

treoracha treoracha

treoracha treoracha

treoracha treoracha

treoracha treoracha

treoracha treoracha

Treoracha

 


Last updated 7 December 2020 by .