Fáilte chuig Lárionad Léann na hEorpa i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bunaíodh i 1987. Is brat-riarachán é Lárionad Léann na hEorpa a chomhordaíonn an méid a chuireann Roinn na Fraincise, Roinn Léann na dTeangacha Gearmánacha, Roinn Léann na dTeangacha Easpáinneacha, Roinn na hIodáilise, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh (lena n-áirítear an Pholainnis), Roinn na Staire, Roinn na hEolaíochta Polaitiúla, Roinn na hEacnamaíochta agus Roinn na Socheolaíochta leis an gclár fochéime ildisciplíneach. Is cúrsa staidéir fochéime ceithre bliana lánaimseartha é an Mhodhnóireacht i Léann na hEorpa. Cúrsa leathan atá ann, ina chuimsítear ilchríoch na hEorpa, an Rúis san áireamh, ón Athbheochan go dtí an lá atá inniu ann. Maidir le disciplíní intleachtúla, tá sé bunaithe sna daonnachtaí agus tá gné mhór teangacha ag baint leis.
Reáchtálann an Lárionad clár múinte bliana MPhil i Léann na hEorpa freisin.
Is cúrsa staidéir fochéime ceithre bliana lánaimseartha é an Mhodhnóireacht i Léann na hEorpa. Cúrsa leathan atá ann, ina chuimsítear ilchríoch na hEorpa, an Rúis san áireamh, ón Athbheochan go dtí an lá atá inniu ann. Déanann mic léinn staidéar ar dhá theanga, chomh maith le raon leathan disciplíní daonnachtaí. Roghnaíonn mic léinn ceann den dá theanga mar phríomhtheanga sa dara bliain (an Chéad Bhliain Shinsearach); caitear an tríú bliain thar lear (bliain an tSofaistí Shóisearaigh) ag staidéar in institiúid tríú leibhéal i dtír na príomhtheanga.
Féach na naisc seo a leanas chun eolas a fháil ar gach bliain sa chlár: