Siompóisiam Acht na dTeangacha Oifigiúla- TCD
Bhí an-slua i láthair don Siompóisiam a reáchtaladh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i TCD ar an 21 Eanáir. 'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Leasú chun feabhais' a bheidh mar theideal ar an Siompóisiam seo, a cuireadh ar siúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógartha ag an Rialtas maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus a héifeachtachta. Chualathas aithisc ón gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le taithí a oifige féin; aitheasc ó Séamus Mac Giolla Chomhaill, Priomhoifigeach leis an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge TCD.
Tugadh léargais ar eifeachtacht na reachtaiochta ag cleachtóir dlí (Dáithí Mac Cárthaigh BL) maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chóras dlí; ag Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearcadh eagras Ghaeilge ar éifeachtacht na reachtaíochta agus a dtuairimí lena fheabhsú; agus ag Éamonn Mac Niallais ón bhfeachtas pobail Guth na Gaeltachta maidir leis an chaoi a fheidhmíonn an reachtaíocht ar son cearta teanga ar an talamh sna Gaeltachtaí agus na leasuithe a mheasann siad atá de dhíth.
Ghlac an slua páirt fonnmhar san Fhóram Plé, faoi chathaoirleacht Émear Ní Chonaola (TG4), an príomhláithreoir nuachta ar TG4. Tháinig neart moltai chun tosaigh. Mar chlabhsur, rinne an rapporteur, Stiofán Hanaphy BL, achoimre ar imeachtaí an lae. Beidh páipéar á chur fé bhráid an Rialtais, bunaithe ar na moltaí agus na ceisteanna a ardaíodh, mar chúnamh don phróiseas athbhreithnithe.
Bhí sruth beo ón Siompóisiam ar Twitter, agus bhí an meid sin toir air gur thosaigh an haischlib a bhi in úsáid, #achtgtcd ag "trendáil" in Éirinn, de réir dealraimh!
“Ar mhian linn” seachas “is féidir linn,” sin an cheist a chaithfear a chur dar le Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga, agus é ag trácht ar dháiríreacht an Rialtais faoin athbhreithniú ar Acht na dteangacha oifigiúla atá ar siúl faoi láthair. Tá nasc anseo chuig tuairisc a foilsíodh i nGaelscéal ar an 25 Eanáir 2012 ar shuíomh gaelport.com .
Dar le Seán Ó Cuirreáin: “Tá ag teipeadh go hiomlán ar an Stát polasaí earcaíochta agus córas traenála ceart a chur i bhfeidhm a chinnteodh go mbeadh líon dóthanach foirne ar fáil le seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil go sásúil. Ní féidir leis an Stát a bheith ag súil leis go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an bpobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh. Ní raibh staid na teanga mar theanga phobail chomh leochaileach riamh agus atá anois sa Ghaeltacht, agus ní thugann an córas mar atá sé i láthair na huaire deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.” Tá tuairisc eile chuimsitheach ar imeachtai an tSiompóisiam ar fáil anseo ar shuíomh gaelport.com
Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag lorg tuairimí ón bpobal maidir leis an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tuilleadh eolais ar fail anseo.
Tá teampláid le haghaidh aighneachtaí agus suirbhé ar fail ar shuíomh an Roinn Oidhreachta, Ealaíon agus Gaeltachta anseo.
Seo thíos roinnt íomhánna ó imeachtaí an lae- beimid ag cur leis seo de reir a chéile.

Daithi MacCárthaigh BL; An tOllamh Gerry Whyte, Ollamh le Dlí, TCD; Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge TCD; Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga

An Coimisinéir Teanga i mbun a aithisc

Aonghus Dwane; Gerry Whyte, ; Eithne Reid O’Doherty, Rúnaí, Craobh na gCeithre Cúirteanna; Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Séamas Ó Tuathail, Abhcóide Sinsearach, i mbun chathaoirleachta- seisiún na maidine

An Coimisinéir Teanga & Julian de Spáinn i mbun comhrá.