Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre.

Tá Oifig an Choimisinéara Teanga freagreach as monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha an Achta, imscrúdu a dhéanamh mar thoradh ar ghearáin, tuarascáil a chur ar fáil ar gach gearán, comhairle a thabhairt don phobal maidir lena gceartanna, comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais, tuarascáil bhliantúil maidir le obair na hOifige a chur ar fáil don Aire Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus cuntas bliantúil a chur ar fáil maidir le caiteachas na hOifige.Tá gach eolas faoin gCoimisineir ar fail ar an suíomh gréasáin www.coimisineir.ie.

Tá Treoirleabhar maidir le Acht na dTeangacha Oifigiula le léamh anseo.

Tá eolas sa rannóg seo ar fhorálacha an Achta, ar Rialacháin atá déanta faoin Acht agus faoin Scéim Teanga.

I gColáiste na Tríonóide, cuireann Oifigeach na Gaeilge eolas ar fail d'fhoireann an Choláiste maidir lena ndualgais faoin Acht Teanga.


Nuashonraithe 5 11 2020 ag .