Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

English

Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha

 

Bardic Miscellany - ar díol anois. Cliceáil anseo...Bunaíodh Cathaoir na Gaeilge i Scoil na Diagachta sa bhliain 1840 agus bhí sí faoi scáth na Scoile sin anuas go dtí an bhliain 1918. Ina measc siúd a bhí ina n-ollúna le Gaeilge sa chéad seo áirítear beirt de mhórscoláirí na dteangacha Ceilteacha, T. F. Ó Rathaile agus Daithí Ó hUaithne, agus duine de mhórscríbhneoirí cruthaitheacha na linne seo, Máirtín Ó Cadhain. Is mór an t-ábhar mórtais don Scoil an caighdeán ard scoláireachta a bhain siad siúd amach i léann na Gaeilge agus déanaimid ár ndícheall an caighdeán sin a chothú i gcónaí.

Tugann an suíomh idirlín seo eolas faoin taighde sa Roinn, na cúrsaí atá ar fáil do mhic léinn agus imeachtaí i saol na Gaeilge taobh istigh den Choláiste agus taobh amuigh de trí naisc éagsúla. Má tá tú ag smaoineamh ar thabhairt faoi chúrsa bunchéime nó iarchéime anseo linn, táim cinnte de go gcabhróidh an suíomh seo leat.

Beidh fáilte agus fiche romhat.

Damian McManus PhD, MRIA, FTCD
Ceann Roinne agus Ollamh le Luath-Ghaeilge

Nuashonraithe 15 November 2012 ag nibhraoc@tcd.ie (Ríomhphost).