Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo An Ghaeilge sa Coláiste

An Ghaeilge sa Choláiste

Roinn bheag ach láidir atá i Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus stair láidir taobh thiar di - bunaíodh Cathaoir na Gaeilge in 1840 agus tá scoth na scoláireachta ar bun anseo ó shin.

Sa roinn seo, is féidir le mic léinn gabháil don Luath- agus don Nua-Ghaeilge mar chuid de chúrsa céime aononóra, nó tabhairt faoin Nua-Ghaeilge mar chuid de Chomhchéim Onóracha (Trinity Joint Honours TJH) maraon le hábhar eile. Tá cúrsaí trasdisciplíneacha ar fáil chomh maith. Is féidir le céimithe gabháil d'iarchéimeanna taighde nó múinte freisin sa Roinn, agus cuirimid modúil ar fail do mhic léinn ar cuairt.

Idir na cúrsaí seo ar fad, tá thart ar 200 mac léinn sa Roinn - dóthain le spraoi a bheith ag baint le saol an mhic léinn, ach líon sách beag go mbíonn aithne pearsanta ag na mic léinn agus an fhoireann ar a chéile. Bíonn an-tacaíocht ann do na mic léinn, agus ard-chaighdeán teagaisc.

Tá Roinn na Gaeilge suite ar phríomh-champas Choláiste na Tríonóide, i seomraí 4055-4063 in Áras na nEalaíon. Tá fáilte roimh cheisteanna agus chuairteoirí in oifig na roinne, i seomra 4055. An Dr Eoin Mac Cárthaigh atá ina Cheann Roinne.