Iarchéimeanna Múinte
Múintear dhá chúrsa iarchéime i Roinn na Gaeilge faoi láthair.
Dioplóma sa tSean-Ghaeilge
Tá sé d'aidhm ag an gcúrsa seo bunús láidir a thabhairt do chéimithe in ábhair chomhghaolmhara i dteanga agus i litríocht na Sean-Ghaeilge. Maireann an cúrsa ar feadh dhá leath-bhliain d'aon bhliain acadúil amháin, ag tosú Mí Deireadh Fómhair, agus is cúrsa staidéir lán-aimseartha é. Meastar iarrthóirí le scrúdú ina bhfuil dhá pháipéar, trí uair an chloig an ceann.
Iarratais
- Ní ghlactar le hiarratais, de ghnáth, ach ó dhaoine le hiarchéim mhaith onóracha in ábhar comhghaolmhar ar nós Nua-Ghaeilge nó teanga Cheilteach eile, teangacha, litríocht nó stair na meánaoise, nó seandálaíocht.
- Ní mór iarratais iontrála a sheoladh isteach trí chóras iontrála Choláiste na Tríonóide roimh 30 Meitheamh sa bhliain ina lorgaítear iontráil.
- Glacfar le mic léinn gach ré-bhliain. 2023/24 an chéad tráth eile.
Obair chúrsa
Beidh sé uair an chloig teagmhála i gceist sa seachtain, mar a leanas:
- Uraiceacht Sean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
- Ranganna Teagaisc sa tSean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
- Litríocht na Sean-Ghaeilge, léitheoireacht sa véarsaíocht liriciúil san áireamh (1 uair an chloig).
- Gluaiseanna Sean-Ghaeilge agus scéalaíocht (1 uair an chloig).
Lámhleabhar don chúrsa Diop. IC. ar fáil anseo.
M. Phil sa Luath-Ghaeilge
Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa bliana seo ard-leibhéal inniúlachta a thabhairt don mhac léinn sa tSean-Ghaeilge, agus clúdófar réimse leathan téacsanna próis agus véarsaíochta, agus gnéithe éagsúla de theanga, de litríocht agus de chultúr na Luath-Ghaeilge.
Mairfidh an cúrsa bliain iomlán acadúil, ag tosú Mí Deireadh Fómhair, agus tá gá le staidéar lán-aimseartha chuige. Don té nach bhfuil bunús acu sa Sean-Ghaeilge, moltar dóibh an Dioplóma a dhéanamh roimh tabhairt faoin gcúrsa seo. Déanfar mic léinn M.Phil. a mheas le scrúdú (sa samhradh) agus le tráchtas de c.20,000 focal.
Iarratais
- Ceadófar d'iarrthóirí leanacht ar aghaidh chuig cúrsa an M.Phil. má bhaineann siad amach 50% nó níos airde sa scrúdú sa Dioplóma.
- Glacfar le mic léinn a bhfuil inniúlacht inchomparáide acu leis sin a faightear trí chúrsa an Dioplóma, ach iarratas a sheoladh isteach ar áit ar chúrsa an M.Phil.
- Ní mór iarratais iontrála a sheoladh trí chóras iontrála Choláiste na Tríonóide roimh 30 Meitheamh sa bhliain ina lorgaítear iontráil.
- Glacfar le mic léinn gach ré-bhliain. 2022/23 an chéad tráth eile.
Obair an Chúrsa
Mairfidh an cúrsa múinte dhá sheimeastar, agus beidh sé uair an chloig teagmhála sa ghné múinte den chúrsa, mar seo a leanas:
- Prós na Sean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
- Filíocht na Sean-Ghaeilge (1 uair an chloig).
- Teangeolaíocht chomparáide (1 uair an chloig)
- Dlí na Luath-Ghaeilge (1 uair an chloig)
- Meán-Ghaeilge (1 uair an chloig).
- Aoiléachtaí.
Ní mór miontráchtas de c.20,000 focal, dhá chóip clóscríofa, a thabhairt isteach roimh 30 Meán Fómhair na bliana chéanna.
Lámhleabhar don chúrsa MPhil. ar fáil anseo.