Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Taighde > Foilseacháin

Foilseacháin na Roinne Gaeilge

9.11.2023

Essays in Memory of Eleanor Knott
[Léann na Tríonóide Trinity Irish Studies 3]

Eagarthóirí:
Christina Cleary agus Chantal Kobel
ISBN: 978-0-9546882-2-6

Eleanor Knott Book Cover

Eleanor Knott: foclóirí, fileolaí, saineolaí ar fhilíocht na scol. Is mar scoláire umhal ildánach a chuimhnítear uirthi, mar dhuine a bhí ciúin cúthaileach ina pearsantacht ach caolchúiseach géarchúiseach agus í i mbun pinn. D’eascair na haistí sa chnuasach seo as comhdháil a reáchtáil Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, sa bhliain 2016 le tionchar buan Knott ar an Léann Ceilteach a chomóradh. Déanann Eoin Mac Cárthaigh cur síos ar a saol is ar a cúlra. Ceiliúrann Síle Ní Mhurchú agus Mícheál Hoyne an obair mhór a rinne sí i ngort na filíochta clasaicí, le haistí ar aislingí ceannródaíocha Thaidhg Dhaill Uí Uiginn agus ar an bhfáilte cháiliúil a d’fhear Uilliam Ó Ceallaigh roimh na filí sa bhliain 1351. Comórann Chantal Kobel, Fangzhe Qiu agus Christina Cleary saothar Knott sa Luath-Ghaeilge le haistí fileolaíochta ar théacsanna ar ar oibrigh sí féin: Scéla Mongáin, an ‘Iona Chronicle’ agus Togail Bruidne Da Dergae.

Seoladh leabhar ar an 9.11.2023 agus ar fáil ina dhiaidh sin ó Roinn na Gaeilge TCD, trí PayPal thíos.

Ceannaigh via PayPal le seachadadh go hÉirinn

Roghnaigh Gnáthphost nó seachadadh Rianaithe:

Roghnaigh Seachadadh
Ainm
Seoladh rphoist

Ceannaigh via PayPal le seachadadh go Ríocht Aontaithe / an Eoraip

Roghnaigh Gnáthphost nó seachadadh Rianaithe:

Roghnaigh Seachadadh
Name
Email Address

Ceannaigh via PayPal le seachadadh go Meiriceá Thuaidh / Domhan

Roghnaigh Gnáthphost nó seachadadh Rianaithe:

Roghnaigh Seachadadh
Ainm
Seoladh rphoist

14.11.2014

The Art of Bardic Poetry: A New Edition of Irish Grammatical Tracts I

Eoin Mac Cárthaigh
ISBN: 978-1-85500-226-5

Art of Bardic Poetry: Eoin Mac Cárthaigh

Bardic poetry dominated the Irish literary landscape for at least four centuries, from 1200 to 1600. The standardised language and metres developed for versification in this period and the poets' sophisticated analysis of them are among the outstanding achievements of Irish learning. The clearest record of this achievement is found in an immensely valuable series of treatises on these matters by master poets. A new edition of one of the most accessible and wide-ranging of these is presented here, accompanied by a comprehensive introduction, a line-by-line commentary, indexes and a translation into English.

Foilsithe ag an Institúid Ard-Léinn i 2014 agus ar fáil óna suíomh idirlín féin.

 

Foilseacháin atá ar fáil le ceannach ó Roinn na Gaeilge

22.11.2012 Foilsiú agus Seoladh 'Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle'

Feilscribhinn cludach

PREASRÁITEAS

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle, ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, le foilsiú an mhí seo.
Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.
Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban.
Beirt léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide - Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich - a chuir an leabhar in eagar. Tá sé á fhoilsiú ag An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht.
Deir Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”

Teagmháil: Eoin Mac Cárthaigh (01) 8963516 / emaccart@tcd.ie

 

 

19.11.2010 Foilsiú 'A Bardic Miscellany'

A Bardic MiscellanyA Bardic Miscellany cover

Costas: €50 do dhaoine indibhidiúla, €100 d'institiúid. AS CLÓ! Féach an leathanach ar Fhilíocht na Scol le breathnú ar leagan PDF.

500 dán nár foilsíodh riamh cheana. Filíocht na mBard bailithe ó lámhscríbhinní i leabharlanna in Éirinn agus sa Bhreatain agus dátaí leo idir an 13ú agus an 17ú céad. Dán díreach atá ina bhformhór, ach ógláchas ina measc chomh maith. Tuilleadh eolais faoin tionscadal as ar eascair an leabhar seo le fáil faoin nasc leis an mBunachar, nó trí chliceáil anseo. Curtha in eagar ag Damian McManus agus Eoghan Ó Raghallaigh.

 

 

Unity In DiversityUnity In Diversity cover

Costas: €10

Bailiúchán d'aistí a dhíríonn isteach ar ghnéithe de chultúr na hÉireann agus na hAlban idir cheisteanna teanga, litríochta, cultúir agus staire. Pléitear na cosúlachtaí idir an dá chultúr, agus na héagsúlachtaí. Curtha in eagar ag Cathal G. Ó Háinle agus Donald E. Meek.

 

A Guide to OgamA Guide to Ogam cover

Costas: €10

NUA i 2011! Athchló díreach déanta ar an leabhar seo tar éis dó a bheith as cló le tamall.

 

Chun ceann ar bith de na leabhair seo a cheannach, déan teagmháil leis an Roinn trí r-phost nó ar an bhfón ar (01) 896 1450.