Eolas Ginearálta faoi Roinn na Gaeilge
Suíomh
Tá Scoil na Gaeilge suite in Áras na nEalaíon (seomraí 4055-4063). Tá cartlann bhéaloidis i gcomhad ansin aici, cóipeanna ar mhiocrascannáin de lámhscríbhinní béaloidis de chuid Choimisiún Bhéaloideas na hÉireann. Tá teacht ag mic léinn ar bhailiúchán tábhachtach an Choláiste de leabhair agus de lámhscríbhinní Gaeilge, agus tá Acadamh Ríoga na hÉireann agus an Leabharlann Náisiúnta, mar a bhfuil bailiúcháin mhóra eile, i bhfoisceacht cúpla slat den Scoil.
Céimeanna agus Líon na Mac Léinn
Múintear an Luath-Ghaeilge agus an Nua-Ghaeilge mar dhá ábhar ar leith i Roinn na Gaeilge. Féadfar an dá ábhar a dhéanamh le chéile mar chúrsa Aon-Onóra 'Luath agus Nua-Ghaeilge' (BA, 4 bliana), nó is féidir ceachtar ceann a dhéanamh go haonarach le hábhar eile mar chuid de 'Modhnóireacht Dhá Ábhar' (BA, 4 bliana). Féadfaidh mic léinn taighde M. Litt. (1-3 bliana) nó PhD (2-5 bliana) a dhéanamh faoi stiúir na foirne. Chomh maith leis sin, múintear dhá chúrsa iarchéime, an Dioplóma sa Sean-Ghaeilge agus an M. Phil. sa Luath Ghaeilge. Beidh an Dioplóma á mhúineadh i 2011/12 agus an M. Phil sa bhliain 2012/13.
Faoi láthair (2010/11) tá os cionn 160 fochéimí ar na leabhair, 40 sa Luath agus Nua-Ghaeilge, 55 ag gabháil don Nua-Ghaeilge sa Mhodhnóireacht agus 4 ag gabháil don Ghaeilge mar chuid den chúrsa Eolaíocht Ríomhairí, Teangeolaíocht agus Teanga. Tá os cionn 60 mac léinn ag gabháil do Léann na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá 40 mac léinn bliana againn as tíortha thar lear.