An Ghaeltacht
Mar chuid den chéim sa Nua-Ghaeilge, ní mór do gach mac léinn canúint ar leith a roghnú as Connacht, Mumhan nó Uladh, agus caithfidh siad tréimhse dhá mhí ar a laghad a chaitheamh i gceantar Gaeltachta. Tá deontais ar fáil do mhic léinn gach bliain le tréimhse ama a chaitheamh tumtha i saol na Gaeltachta agus caitheann cuid mhaith mac léinn an samhradh ar chúrsaí Gaeilge nó ag obair i gceantair Ghaeltachta. Ag deireadh an tsamhraidh gach bliain, cuirtear dianchúrsa ar fáil do mhic léinn na Tríonóide amháin in Áras Mháirtín Uí Chadhain, Conamara. Deis iontach í seo d'ár gcuid mac léinn aithne ceart a chur ar a chéile, agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge díreach roimh thús na bliana nua.