Cad í an tseirbhís cheart domsa?
Creidimid gurb iad na roghanna tacaíochta is fearr duitse ná na cinn a sholáthraíonn an “dáileog” cheart do do riachtanais. Mar shampla, dá mbeadh tinneas cinn ort, bheifeá ag iarraidh an méid ceart leighis a ghlacadh chun é a leasú gan an iomarca a thabhairt ná mar a theastaíonn uait le faoiseamh a fháil. Tá an rud céanna fíor i gcás ár sláinte meabhrach!
Ag cuimhniú air sin, tá liosta de na seirbhísí atá ar fáil duit thíos in ord ón “dáileog” is lú go dtí an “dáileog” is mó. Ciallaíonn sé seo go mbeidh na roghanna atá níos gaire do bharr na leathanaigh seo níos tapa agus go n-éilíonn siad níos lú ama agus fuinnimh ort. Tá riachtanais mheabhairshláinte éagsúla againn go léir ag amanna éagsúla inár saol, uaireanta bíonn níos mó tacaíochta de dhíth orainn agus uaireanta eile níos lú. Is é ár gcuspóir cabhrú le daoine a bhfuil riachtanais níos airde acu teacht ar an tacaíocht a theastaíonn uathu chun athrú dearfach a dhéanamh ar bhealach a fhreagraíonn dá riachtanais agus a chuidíonn leo iad a chomhlíonadh.
Seans go n-iarrfaidh na roghanna atá níos gaire do bhun na leathanaigh roinnt seachtainí nó míonna d’fhuinneamh, d’ama agus de thiomantas ort. Is iad na roghanna is fearr duitse na cinn a fhreastalaíonn ar do riachtanais agus a mbeidh tú réidh agus in ann tabhairt fúthu go hiomlán. Déan coinne SNAP le ball dár bhfoireann chliniciúil chun treoir a fháil.
Cad is seisiún SNAP ann?
Is éard is seisiún SNAP ann ná an chéad chruinniú atá ag mac léinn le SCS agus seasann sé do sheisiún “Pleanála don Mheasúnú Tacaíochta agus Riachtanas” (“Support & Needs Assessment Planning”). Le linn coinne SNAP, casfaidh tú le duine dár gcliniceoirí le haghaidh comhrá faoi do chuid deacrachtaí agus chun a aithint cé na hacmhainní a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun freastal ar do riachtanais reatha. Is é cuspóir na coinne seo ná tú a nascadh leis an rogha is éifeachtaí agus is lú a éilíonn uait ó thaobh ama/fuinnimh de chun do riachtanais a chomhlíonadh. I gcás mac léinn ar leith, seans go gcinnfidh an cliniceoir nach é teiripe aonair an chéad chéim is fearr. Bíodh a fhios agat, cibé an chéim thosaigh a mholtar duit, má tá rudaí ag dul ar bhealach difriúil ná mar a bhí tú súil leis, is féidir linn tú a nascadh le hacmhainn eile ionas gur féidir leat leanúint ar aghaidh ag obair ar na spriocanna atá leagtha síos agat féin agus iad a bhaint amach.
Chun coinne SNAP a chur in áirithe ag úsáid ár gcórais áirithinte ar líne, cliceáil anseo le do thoil.
Ina theannta sin, le linn an Téarma amháin, cuireann an tSeirbhís dhá sheisiún oscailte SNAP ar fáil gach lá den tseachtain idir 10.30 r.n. agus 12.00 i.n. Tá líon áirithe spásanna i gceist agus freastalaítear orthu siúd a thagann i dtosach. Ní féidir na seisiúin seo a chur in áirithe roimh ré. Chun leas a bhaint as an rogha seo, ní mór duit a bheith i láthair san SCS faoi 11.30 r.n. ar a dhéanaí agus a bheith sásta fanacht sula bhfreastalófar ort.
Is clár ar líne meabhairshláinte é Silver Cloud, atá féinstiúrtha agus bunaithe ar Theiripe Chognaíoch-Iompraíochta. Tá ár gcláir Silver Cloud éifeachtach, tacúil, solúbtha agus éasca le húsáid.
CÉ dó is fearr a oireann Silver Cloud? D’fhéadfadh aon mhac léinn atá ag dul trí dheacrachtaí éadroma nó measartha meabhairshláinte (cosúil le strus, imní nó dúlagar) tairbhe a bhaint as an tseirbhís seo. Ina theannta sin, bheadh sí oiriúnach do dhuine ar bith atá ag iarraidh acmhainneacht a fhorbairt nó scileanna níos folláine a fhoghlaim maidir le dul i ngleic le fadhbanna. Is céim thosaigh an-oiriúnach í freisin dóibh siúd a bhfuil sceideal an-ghnóthach acu, ós rud é go bhfuil sé féinstiúrtha agus ar fáil i gcónaí ar líne.
CAD is féidir liom a bheith ag súil leis ón tseirbhís seo? Tá go leor Cúrsaí Silver Cloud éagsúla ar fáil (m.sh., bainistiú struis, imní, dúlagar, féinmheas choirp, agus forbairt acmhainneachta). Bíonn aiseolas seachtainiúil (ar líne) ó bhall d’fhoireann chomhairleoireachta Choláiste na Tríonóide mar chuid de chuid acu. Cláir féinchabhrach atá i gceist le cuid eile gan tacaíocht ar líne. I gcás na gcúrsaí go léir, beidh tú ag plé le clár ar líne ilmheánach chun foghlaim faoi do mheabhairshláinte agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí treoraithe chun machnamh a dhéanamh ar do riachtanais agus chun plean a chur le chéile le haghaidh athrú dearfach.
CATHAIN ba cheart dom an tseirbhís seo a úsáid? Maireann cláir Silver Cloud idir 6 agus 8 seachtaine. Má tá tú in ann timpeall uair an chloig sa tseachtain a chur ar fáil don chlár, cabhróidh sé sin leat na torthaí is fearr a bhaint amach. Tá na cláir seo ar fáil i rith na bliana ar fad.
CÁ hÁIT a n-úsáidim an tseirbhís seo? Tá an tseirbhís seo go hiomlán ar líne!
CÉN FÁTH ar chóir dom an tseirbhís seo a úsáid seachas cinn eile atá luaite? Is clár oiriúnach é seo d’aon duine a bhfuil sceideal gnóthach aige/aici, nó atá ag lorg bealach éadrom chun meabhairshláinte a threisiú agus scileanna a bhaineann le dul i ngleic le deacrachtaí a fheabhsú.
CONAS is féidir liom clárú? Freagair na ceisteanna sláinte agus cláraigh anseo: https://ie.silvercloudhealth.com/signup/tcd/
Maireann Seisiún Scileanna 30 nóiméad i gcruinniú struchtúrtha le duine dár Síceolaithe Cúnta a chabhraíonn leat scileanna ar leith a aithint agus a fhoghlaim chun déileáil le deacrachtaí, don chumarsáid, agus don acmhainneacht.
CÉ dó is fearr a oireann an tseirbhís seo? Aon duine atá ag iarraidh tacaíochta chun déileáil le deacrachtaí meabhairshláinte ar leith (cosúil le fearg, strus, smaointí neamhchúntacha, mothúcháin chrua) nó chun scileanna dearfacha meabhairshláinte a fhorbairt (cosúil le dea-scileanna cumarsáide, uirlisí sláinte a chur le chéile, nó féin-atrua).
CAD is féidir liom a bheith ag súil leis ón tseirbhís seo? Is féidir leat a bheith ag súil leis go mbeidh níos mó foghlamtha agat faoi dheacracht ar leith a bhfuil tú ag déileáil leis chomh maith le roinnt scileanna nua a chabhraíonn leat déileáil leis an deacracht sin.
CATHAIN ba cheart dom an tseirbhís seo a úsáid? Déantar Seisiúin Scileanna de ghnáth thar chruinniú nó dhó a mhaireann 30 nóiméad.
CÁ hÁIT a n-úsáidim an tseirbhís seo? Is féidir Seisiúin Scileanna a dhéanamh ar Zoom nó ar an láthair (ag teacht le treoirlínte an rialtais)
CÉN FÁTH ar chóir dom an tseirbhís seo a úsáid seachas cinn eile atá luaite? Tá Seisiúin Scileanna foirfe do dhaoine a bhfuil ag éirí maith go leor leo ach atá ag iarraidh tacaíocht threoraithe chun cur lena gcuid scileanna déileáil le deacrachtaí an tsaoil.
CONAS is féidir liom clárú? Labhair le do chomhairleoir faoin rogha seo nó cuir ríomhphost chuig an tseirbhís le haghaidh tuilleadh eolais: student-counselling@tcd.ie
Cuireann SCS roinnt seisiúin oscailte tacaíochta grúpa ar fáil gach seachtain dírithe ar thopaicí, deacrachtaí, agus féiniúlachtaí éagsúla.
CÉ dó is fearr a oireann an tseirbhís seo? Tá na grúpaí oscailte seo foirfe d’aon duine atá ag lorg aiseolais, spreagtha, nó treorach agus iad ag déileáil le deacracht ar leith a mbaineann le meabhairshláinte nó d’aon duine ar cuid de phobal é/í a mbíonn riachtanais nó deacrachtaí ar leith acu chun teacht le chéile i spás a chuirimid ar fáil chun caidrimh a chothú agus tacaíocht a aimsiú.
CAD is féidir liom a bheith ag súil leis ón tseirbhís seo? Is féidir a bheith ag súil leis go mbuailfidh tú le mic léinn eile atá ar aon intinn leat agus le beirt éascaitheoirí grúpa SCS i dtimpeallach thacúil agus rúnda.
CATHAIN ba cheart dom an tseirbhís seo a úsáid? Tagann an chuid is mó de na grúpaí oscailte le chéile uair sa tseachtain – is féidir teacht cúpla seachtain i ndiaidh a chéile nó de réir mar a theastaíonn, sin an ghné dheas de na seirbhísí oscailte.
CÁ hÁIT a n-úsáidim an tseirbhís seo? Tagann na grúpaí le chéile in SCS, 3ú hUrlár, 7-9 Sráid Laighean Theas.
CÉN FÁTH ar chóir dom an tseirbhís seo a úsáid seachas cinn eile atá luaite? Tá roinnt gnéithe de theiripe nach féidir a dhéanamh ach amháin i gcomhthéacs grúpa.
CONAS is féidir liom clárú? Ní chaithfidh tú clárú, is féidir teacht nuair is mian leat.
Tá liosta ár ngrúpaí oscailte ar fáil anseo.
Is éard atá i gceist le Piarthacaíocht ná mac léinn amháin ag éisteacht le mac léinn eile agus eolas agus tacaíocht a thabhairt nuair is gá. Eagraithe ag an bhfoireann Mac Léinn do Mhac Léinn, tá Piarthacadóirí ar fáil do gach mac léinn sa Choláiste agus tá siad ann chun aon rud ar mhaith leat labhairt leo faoi a phlé. Ní gá go mbeifeá faoi bhrú nó i ngéarchéim chun labhairt le Piarthacadóir, ach is féidir leo cabhrú leis na fadhbanna móra chomh maith leis na rudaí beaga.
Más maith leat cruinniú a iarraidh le Piarthacadóir nó má tá suim agat i do bheith i d’oibrí deonach mar Phiarthacadóir, tabhair cuairt ar ár leathanach Piarthacaíocht S2S le haghaidh tuilleadh sonraí faoi na roghanna atá ar fáil duit.
Tá foireann dhíograiseach againn in SCS de chliniceoirí oilte i gcúrsaí meabhairshláinte atá réidh le bheith ag obair le mic léinn trí chomhairleoireacht 1:1 i gcreatlach teiripe gearrthéarmach.
CÉ dó is fearr a oireann an tseirbhís seo? Aon duine atá ag déileáil le deacrachtaí suntasacha nó ainsealacha meabhairshláinte nó mic léinn a bhain triail as cuid de na roghanna eile thuas ach a bhraitheann go bhfuil tacaíocht níos mó ag teastáil uathu fós.
CAD is féidir liom a bheith ag súil leis ón tseirbhís seo? Má mholann do phlean tacaíochta SNAP teiripe 1:1, tabharfar comhairleoir SCS duit, a bhuailfidh leat le haghaidh 3 sheisiún i dtosach. Ag brath ar do riachtanais, seans go leathnóidh do chomhairleoir na seisiúin i ngrúpaí de 3. Déantar seo le hathbhreithniú a dhéanamh ar do dhul chun cinn agus ar athruithe i do riachtanais, agus le cinntiú go bhfuil an méid cuí teiripe á chur ar fáil againn duit.
CATHAIN ba cheart dom an tseirbhís seo a úsáid? Socraítear seisiúin aonair comhairleoireachta gach dara seachtain de ghnáth, agus maireann siad 50 nóiméad.
CÁ hÁIT a n-úsáidim an tseirbhís seo? Is féidir seisiúin aonair comhairleoireachta a dhéanamh ar an láthair, ar Zoom, nó ar an nguthán nuair is cuí.
CÉN FÁTH ar chóir dom an tseirbhís seo a úsáid seachas cinn eile atá luaite? Ba cheart duit smaoineamh ar chomhairleoireacht aonair má tá deacracht shuntasach nó fhadtéarmach agat le do mheabhairshláinte, má bhain tráma díot, nó má chreideanna tú go bhfuil leibhéal níos airde tacaíochta agus aire de dhíobháil uait le go dtiocfaidh biseach ar do mheabhairshláinte.
CONAS is féidir liom clárú? Cliceáil anseo chun coinne SNAP a shocrú trínár gcóras áirithintí ar líne.