Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Oifig na Gaeilge

Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, i measc na foirne agus i measc na mac léinn.

Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge sa Choláiste chun an aidhm seo a bhaint amach.

Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do húdaráis agus do phobal an Choláiste mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne.

Chomh maith le sin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh.

Ar shuíomh gréasáin na hOifige, www.tcd.ie/gaeloifig, gheofar eolas ar an teanga bheo i saol an Choláiste: ranganna, ócáidí sóisialta agus na scéimeanna cónaithe Gaeilge.