Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Acht agus Scéim Teanga

Acht na dTeangacha agus na Scéimeanna Teanga

An tAcht Teanga

Do chearta faoin Acht teanga

  • Freagraí Gaeilge ar chomhfhreagras Gaeilge
  • Fáil ar dhoiciméid áirithe ó chomhlachtaí poiblí go dátheangach, ina measc, tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta, ráitis straitéiseacha.
  • Faisnéis áirithe a chuirtear ar fáil i scríbhinn nó go leictreonach don phobal i gcoitinne nó d'aon aicme den phobal a fháil i nGaeilge nó go dátheangach.

Rialacháin faoin Acht Teanga

  • Rialacháin maidir le comharthaí: an Ghaeilge a bheith ar chomh-mhéid, agus ag teacht roimh an Bhéarla
  • Rialacháin maidir le stáiseanóireacht: an Ghaeilge a bheith ar chomh-mhéid, agus ag teacht roimh an Bhéarla
  • Rialacháin maidir le fógraí taifeadta béil.

Tháinig na rialacháin i bhfeidhm an 1 Márta 2009 (ach amháin i gcás fógraí taifeadta béil).

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an Choimisinéara Teanga anseo.

Tá na Rialacháin ar fail anseo.

Scéim Teanga an Choláiste

An Chéad Scéim Teanga (2010-2012)

Seoladh an chéad Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide go hoifigiúil ar an Céadaoin 10 Feabhra 2010.

Sa scéim seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne.

  • Cuimsíonn gealltanais na scéime traenáil agus earcaíocht foirne, seirbhísí custaiméara dátheangacha, suímh ghréasáin an Choláiste agus foilseacháin dhátheangacha, na meáin agus teicneolaíocht faisnéise, mar aon leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar an gcampas agus sa tsochaí.
  • Déanfar scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn, ina mbíonn grúpa cainteoirí Gaeilge ina gcónaí le chéile i lóistín do mhic léinn, a fhorbairt a thuilleadh.
  • Déanfar an caidreamh le heagraíochtaí Gaeilge, le alumni an Choláiste agus leis an phobal i gcoitinne, a neartú a thuilleadh.
  • Tá an Scéim reatha (2010-2012) ar fáil ag https://www.tcd.ie/gaeloifig/acht-na-dteangacha-oifigiula/sceim/

An Dara Scéim Teanga

Tá sé i gceist ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an dara scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde.

Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoin Dara Scéim Teanga nuair a thiocfaidh sí i bhfeidhm.