Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Seomra na Gaeilge

Seomra na Gaeilge

Cad é Seomra na Gaeilge? What is Seomra na Gaeilge?

Spás caidrimh agus comhrá do lucht na Gaeilge sa Choláiste atá ann. Beidh nuachtáin agus foilseacháin i nGaeilge ar fáil sa seomra, mar aon le háiseanna tae agus caife. Iarratar deonachán beag 20c do na sólaistí.

Cad iad na huaireanta oscailte? What are the opening hours?

Beidh an Seomra ar oscailt i rith an téarma acadúil, Luan go hAoine, idir 9.00rn agus 4.30in, agus beidh imeachtaí eile á reáchtáil ann freisin.

Ba mhaith liom imeacht a chur ar siul sa seomra- conas mar is féidir liom é sin a dhéanamh? I would like to organise an event in the room- how may this be done?

1. Déan iarratas ar an fhoirm iarratas atá le fail ar shuíomh an Déin Shóisearaigh, anseo, * 7 lá roimh an imeacht.

2. Nuair a fhaigheann tú leagan achomair den iarratas sin ar an scaileán i ndiaidh "submit" a bhrú, déan é sin a chóipeáil agus a chur ar r-phost chuig gaeloifig@tcd.ie

Déanfaidh (a) an Déan Sóisearach, agus (b) Coiste Sheomra na Gaeilge, cinneadh ar d'iarratas.

*Má bhíonn tú in amhras faoi oiriúnacht iarratais, cuir fiosrú roimh ré chuig gaeloifig@tcd.ie.

Cá bhfuil sé? Where is it located?

Tá an Seomra lonnaithe i bhfoirgneamh an Phroinntí (Dining Hall), os cionn bialann an Bhutraigh. Téann tú isteach trí dhoras taobh thiar den Bhutrach, i mBá na Luibheolaíochta, agus suas ansin go barr an staighre. Féach na treoracha sna pictiúir thíos.

Cad iad na rialcha a bhaineann le húsáid an tseomra? What are the rules concerning use of the Seomra?

Tá Coiste ceaptha le rialacha úsáideora a shocrú agus leis an seomra a riaradh ar bhonn leanúnach, coiste le hionadaíocht foirne agus mac léinn.

Treoracha chuig Seomra na Gaeilge/Directions to Seomra na Gaeilge

Tá an Seomra lonnaithe i bhfoirgneamh an Phroinntí (Dining Hall), os cionn bialann an Bhutraigh. Téann tú isteach trí dhoras taobh thiar den Bhutrach, i mBá na Luibheolaíochta, agus suas ansin go barr an staighre. Féach na treoracha sna pictiúir thíos.