Irish-Medium and Gaeltacht Education (M.Ed.)

NFQ Level 9
2 bhliain, páirt-aimseartha
35 Places

Overview

Cur síos ar an gcúrsa ourse

Tugann an cúrsa an deis do rannpháirtithe ardchaighdeán feabhais a bhaint amach ina gcleachtais oideachais agus ina n-inniúlacht teanga.

An domsa atá an cúrsa seo deartha?

Is do dhaoine atá cáilithe mar mhúinteoirí agus a bhfuil suim acu san oideachas trí mheán na Gaeilge an cúrsa seo. Tá san áireamh ansin idir mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile agus daoine a bhfuil suim acu san oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht. Díríonn an cúrsa ar an sár-chleachtas san earnáil trí mheán na Gaeilge agus beidh deis ag rannpháirtithe chomh maith ardchaighdeán teanga sa Ghaeilge a fhorbairt le linn an chúrsa.

Deiseanna fostaíochta

Raghaidh an cúrsa seo chun tairbhe múinteoirí ina n-obair laethúil nó dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar phoist freagrachta nó ar phoist cheannasaíochta. Bheadh sé ina bhuntáiste leis do dhaoine atá ag iarraidh cosán nua a ghearradh ina ngairm bheatha mar shampla i bhforbairt beartais nó curaclaim nó i réimse an taighde.

Struchtúr an chúrsa

Modúil éigeantacha iad na modúil ar fad thuas agus ní mór do rannpháirtithe pas a ghnóthú iontu go léir. Foghlaim chumaisc a bheidh i gceist ar an gcúrsa agus beidh idir léachtaí ar line agus ar an láthair i gceist, tar éis an lae scoile, ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire scoile. Beidh an cur chuige an-solúbtha agus dearadh é chun dul in oiriúint do dhaoine atá ag obair go lán-aimseartha.

Ábhar an chúrsa

Ocht modúl ar fad atá sa chúrsa M.Oid. agus is modúil éigeantacha iad ar fad. Sé mhodúl acu sin, is sa chéad bhliain den chúrsa atá siad agus is i mbliain a dó atá an dá mhodúl eile. Seo a leanas liosta de na modúil go léir, na creidiúintí atá ceangailte leo:

Bliain 1: An tumoideachas agus an dátheangachas (10 ECTS); 2. An dea-chleachtas i suíomhanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge (10 ECTS); 3. An teagasc agus an fhoghlaim i suíomhanna scoile lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (10 ECTS);  4.An cleachtas pleanála agus measúnaithe (10 ECTS);  5. An cheannasaíocht agus an bhainistíocht (10 ECTS); 6. Múinteoirí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar thaighdeoirí (10 ECTS).

Bliain 2: 7. Inniúlacht teanga sa Ghaeilge (10 ECTS); 8. An tráchtas (30 ECTS).

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar mhodúil/ábhar.

M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide

Má tá paisean agat don oideachas trí mheán na Gaeilge, agus má tá uait cur le do shaineolas ar an earnáil sin, cuir iarratas isteach ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide.

Course Details

Awards

NFQ Level 9

Number of Places

35 Places

Next Intake

Meán Fómhair 2024

Course Director

Emily Barnes

Closing Date

21 Iúil 2024

students working in library/>

Admission Requirements

Inniúlacht sa Ghaeilge ag leibhéal B1 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, Clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta, Agallamh.

Course Fees

Cliceail anseo le haghaidh liosta iomlán de tháillí iarchéime

 

Apply

To apply, click on the relevant Apply Link below

Get in Touch

Telephone Number

+353 (0)1 8961000

Emily Barnes (Comhordaitheoir): barnesm@tcd.ie

Website

https://www.tcd.ie/education/courses/postgraduate/m-oid-san-oideachas-lan-ghaeilge-agus-gaeltachta/

Register Your Interest

Register your interest in studying at Ireland’s leading university, Trinity College Dublin, the University of Dublin.

Register Your Interest