Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Arnaldo Pomodoro ‘Sfera con Sfera’, cré-umha


Láthair: réamhchúirt Leabharlann Berkeley, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Arnaldo Pomodoro ‘Sfera con Sfera’ cré-umha

Arnaldo Pomodoro lena shaothar dealbhóireachta ‘Sfera con Sfera’ ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath 1992

Blúirín Eolais:

Ba ghnaíúil ón ealaíontóir, le cuidiú ón gColáiste agus eagraíochtaí lodálacha, ‘Sféar Pomodoro', mar a thugtar air go háitiúil, a bhronnadh ar an gcoláiste . Tá saothair eile atá ag plé leis an gcruth sféarach seo ar taispeáint ag láithreacha éagsúla, Plás na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, Ollscoil California i Berkeley mar a raibh an t-ealaíontóir ag léachtóireacht ar feadh tamaill, Músaem na hEalaíne Comhaimseartha i Tehran, An Aireacht Gnóthaí Eachtracha sa Róimh agus Cortile del Belvedere ag Músaeim na Vatacáine, an ceann is cosúla le ceann Choláiste na Tríonóide ach é a dhá mhéid. Rinneadh obair mhór chaomhnaithe ar an dealbh seo in 2008 a d'fhág go bhfuil an dromchla, an fostruchtúr casta agus an mhaighdeog chomh maith agus a bhí riamh.

Arnaldo Pomodoro's 'Sfera con Sfera' during the production process, 1982-3, Italy

‘Sfera con Sfera’ Arnaldo Pomodoro le linn a dhéanta, 1982-83, san lodáil

Beathaisnéis Arnaldo Pomodoro (PDF 101KB)