Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Patrick Scott 'Lochán na Loiteog', 1988, taipéis V'Soske


Láthair:lnstitiúid O'Reilly, balcóin an dara hurlár, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Patrick Scott 'Lotus Pond' V'Soske tapestry 1988

Blúirín Eolais:

Ba é Ronald Tallon ó Ailtirí Scott Tallon Walker a choimisiúnaigh agus a bhronn an taipéis seo, a  dhear Patrick Scott agus a rinne V'soske,  ar  lnstitiúid Uí Raghallaigh. Tá sé ar an dara hurlár ach amharc air ón atrium ag an bpríomhdhoras. Tá sé ar cheann de thrí mhórshaothar le Patrick Scott atá ina gcuid d’ailtireacht Choláiste na Tríonóide chun timpeallacht spreagúil taighde, teagaisc agus foghlama   a chruthú. Sampla eile is ea 'Berkeley', a choimisiúnaigh na hailtirí Ahrends Burton Koralek don halla isteach go dtí Leabharlann Berkeley in 1967.  Meascán de  phictiúr agus teicstíl  atá sa tríú saothar 'Eitleog!', 622 x 622 cm, a bhíonn crochta  de ghnáth  i Halla  Luce Uachtair, halla  scrúduithe  sa  lá inniu. Na hailtirí, Scott Tallon Walker, a dhear an leabharlann agus a bhronn Kite. Ón 19ú  Samhain go dti 19ú Nollaig bhí sé ar taispeáint san Atrium san Acadamh lbeirneach Ríoga ag 15  Plás Ely in aice le Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath don taispeántas 'George Dawson: Súil Neamhchlaonta.  Ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha as Coláiste na Tríonóide’.

Beathaisnéis Patrick Scott (PDF 127KB)