Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Patrick Scott 'Berkeley', 1967, taipéis V'soske


Láthair:An halla isteach go dtí Leabharlann Berkeley, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Patrick Scott 'Berkeley' tapestry 1967, The Berkeley Library, Trinity College Dublin

Blúirín Eolais:

Thug na hailtirí Ahrends Burton Koralek coimisiún don ealaíontóir don taipéis seo. Tá sí ar cheann de thrí mhórshaothar le Patrick Scott atá ina gcuid d'ailtireacht Choláiste na Tríonóide chun Timpeallacht spreagúil taighde, teagaisc agus foghlama a chruthú. Tá an taipéis Lochán na Loiteog ar an dara hurlár in lnstitiúid Uí Raghallaigh agus radharc uirthi ón atrium ag an bpríomhdhoras. Meascán de phictiúr agus teicstíl atá sa tríú ceann 'Eitleog!', 622 x 622 cm a bhíonn crochta de ghnáth i Halla Luce Uachtair. Bhí an saothar seo ar taispeáint ón 19ú Samhain go dtí an 19ú Nollaig 2010 san Atrium san Acadamh lbeirneach Ríoga ag 15 Plás Ely, in aice le Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath le linn an taispeántais: 'George Dawson: Súil Neamhchlaonta. Ealaín Nua­aimseartha agus chomhaimseartha as Coláiste na Tríonóide.'

Beathaisnéis Patrick Scott(PDF 366KB)