Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Michael Warren 'Frithghluaiseacht', 1985, castán


Láthair: bainte le haghaidh cóireáil caomhnaithe, Meitheamh 2020

Michael Warren 'Countermovement', Spanish Chestnut

Blúirín Eolais:

Fondúireacht Éireannach Mheiriceá a bhronn é seo in 1985. Rinne an t-ealaíontóir staidéar ar an bhFealsúnacht, an tSíceolaíocht agus an Béarla i gColáiste na Tríonóide ar feadh tamaill sula ndeachaigh sé go dtí Accademia de i Belli Arti di Brera i Milano na hlodáile. Tá coimisiúin faighte aige chun saothair a chruthú ar fud an domhain, ina measc an Spáinn, Eacuadór, Maracó, na Stáit Aontaithe agus Na hlndiacha Thiar Francacha. Bhronn David Arnold saothar eile dá chuid i gcré-umha 'Go deo - ómós do Beckett' ar an gcoláiste in 2008 agus tá sé sin le feiceáil i gclós TRIARC, lonad Taighde Ealaín na hÉireann Choláiste na Tríonóide, na stáblaí a bhíodh tráth ag Teach an Phropaist. Tá an saothar le feiceáil chomh maith ó thaobh Shráid Nassau den Choláiste.

Beathaisnéis Michael Warren (PDF 125 KB)