Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Henry Moore ‘Foirmeacha Ceangailte ar Leasluí', 1969, cré-umha


Láthair: Cearnóg na Leabharlainne, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Henry Moore 'Reclining Foirmeacha Ceangailte', 1969, cré-umha

Blúirín Eolais:

Míníonn Paul Koralek CBE RIBA RA an cúlra a bhí le teacht an chéad saothar dealbhóireachta le Henry Moore go Coláiste na Tríonóide i 1967. Mar chuid den chéad taispeántas a bhí i 'Halla na dTaispeántas' a tháinig sé an uair sin. Ba í an Halla sin an chéad dánlann ealaíne a bhí in aon ollscoil in Éirinn, dánlann shealadach a bhí ann go dtí gur tógadh Dánlann Douglas Hyde a dhear Koralek chomh maith agus a osclaíodh i 1978.

"Nuair a bhí a thaispeántas ar siúl in Áras na Leabharlainne, thug Henry Moore leis ceann dá mhórshaothair go dtí Coláiste na Tríonóide, An Rí agus an Bhanríon [mar a tugadh air ina dhiaidh sin - féach an íomhá thíos] agus d'fhág sé i réamhchúirt na leabharlainne é, áit ar fhan sé ar feadh roinnt blianta i ndiaidh an taispeántais. Bhí mé ag súil go ndéanfadh sé dearmad é a thabhairt leis. Ach mo léan ní dhearna. Ní raibh sé sásta leis an láthair sin mar cheap sé nár luigh sé leis na laindéir a bhí ansin agus cheap sé nach raibh dóthain solais san áit mar bhí a aghaidh ó thuaidh. Faoi dheireadh fuair George saothar eile le Henry Moore agus socraíodh go gcuirfí i gCearnóg na Leabharlainne é agus tá sé ansin ó shin. Fágadh an plionta folamh i réamhchúirt Berkeley agus tá sé ansin fós ag fanacht go dtabharfar chun bealaigh é nó go ndéanfar suíochán ceart as. Rinne George a mhíle dícheall saothar eile a fháil in áit An Rí agus an Bhanríon agus ar deireadh mhol sé saothar le Pomodoro atá le feiceáil anois sa réamhchúirt agus é an-sásta ansin. Toradh sásúil." Henry Moore 'Two Seated Figures' (1952-3) on temporary loan from the artist 1967-69

Henry Moore 'Beirt ina Suí' (1952-3) ar iasacht go sealadach ón ealaíontóir 1967-69

Beathaisnéis Henry Moore